English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Ár dTiomantas do Chaighdeáin


Táimid tiomanta do dheimhin a dhéanamh de go sásóidh ár gcuid oibre na caighdeáin is airde agus go gcuirfimid seirbhísí ardchaighdeáin ar fáil don phobal.

Táimid gnóthach ag cur i bhfeidhm ár gcuid féin de phróiseas náisiúnta Athchóirithe na Seirbhíse Poiblí. Déanaimid ár ndícheall agus muid ag bainistiú ár gcuid oibre na caighdeáin is airde a bhaint amach agus táimid faoi threoir na mbeartas agus na bpróiseas seo a leanas d’fhonn éifeachtúlacht a chinntiú.


Clár Athchóirithe na Seirbhíse Poiblí

Is í an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe atá ag stiúradh Chlár Athchóirithe na Seirbhíse Poiblí ar bhonn lárnach.

Is é an sprioc atá againn ná eagraíochtaí ard-feidhmithe seirbhíse poiblí a chruthú a bheidh ag obair le chéile chun na nithe seo a leanas a bhaint amach:

  • luach ar airgead agus seirbhísí poiblí ardchaighdeáin a chur ar fáil
  • freastal ar riachtanais ár bpobail agus ár n-oibleagáidí idirnáisiúnta a chomhlíonadh

Tá ionracas, cuntasacht, cothroime, agus oscailteacht mar bhunluachanna againn freisin.

Forbraíodh ár bPlean Seachadta Athchóirithe Comhtháite i bhfianaise Chlár Athchóirithe na Seirbhíse Poiblí.

Comhlánaíonn sé ár ngníomhaíochtaí athchóirithe agus éifeachtúlachta faoi Chomhaontú Pháirc an Chrócaigh (Comhaontú Seirbhíse Poiblí 2010-2014).


Nósanna Imeachta Airgeadais Phoiblí

Tá ár nósanna imeachta airgeadais agus ár mbeartais chuntasaíochta ar aon dul leis na Nósanna Imeachta Airgeadais Poiblí arna n-eisiúint ag an Roinn Airgeadais. Is sraith treoirlínte iad seo, arna n-eisiúint ag an Roinn Airgeadais, lena chinntiú go ndéantar airgeadas poiblí a bhainistiú de réir an dea-chleachtais.

Bainimid úsáid as Nósanna Imeachta Airgeadais Poiblí chun polasaithe, nósanna imeachta agus treoirlínte a fhorbairt don roinn agus don fhoireann bhainistíochta a chinntíonn go bhfuil ár mbainistíocht airgeadais comhtháite agus go gcomhlíonann sí na caighdeáin arda a bhfuiltear ag súil leo ón tseirbhís phoiblí.


Gníomhú ar son na hAeráide

Ar an 17 Meitheamh 2019, d’fhoilsigh an rialtas Plean Gníomhaíochta nua uile-rialtais don Aeráide a bhfuil sé mar aidhm aige a chinntiú go n-imríonn Éire a páirt go héifeachtach chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin mhéadaitheacha a bhaineann le hathrú aeráide. Thug an Plean breac-chuntas ar an gcaoi a n-oibreoidh na snáitheanna éagsúla den rialtas náisiúnta agus áitiúil chun astuithe gáis cheaptha teasa ár dtír a laghdú, agus ag an am céanna ár n-athléimneacht a neartú agus ár gcumas oiriúnú do thionchair an athraithe aeráide nach féidir a sheachaint anois. Tá bearta reachtacha eile ina leith seo á mbreithniú go gníomhach ag an rialtas.


Caighdeáin iniúchta

Tá obair ár nAonad Iniúchta Inmheánaigh sa roinn á rialú ag Caighdeáin Idirnáisiúnta Iniúchta Inmheánaigh, a chuimsíonn:

  • an Sainmhíniú ar Iniúchóireacht Inmheánach
  • an Cód Eitice
  • na Caighdeáin Idirnáisiúnta um Chleachtas Gairmiúil na hIniúchóireachta Inmheánaí (Caighdeáin Idirnáisiúnta) arna n-eisiúint ag an gcomhlacht gairmiúil domhanda, Institiúid na nIniúchóirí Inmheánacha (IIA)

Beartas calaoise

Clúdaíonn ár mbeartas calaoise aon chalaois, cibé acu a dhéantar go hinmheánach nó go seachtrach i gcoinne na roinne. Áirítear leis calaois ó aon soláthraí earraí agus seirbhísí ach ní bhaineann sé le calaois in eagraíochtaí atá go hiomlán neamhspleách a fuair deontais nó cúnamh airgeadais uainn.

Is iad na príomhbhealaí atá againn le calaois a chosc ná:

  • cultúr feasachta a spreagadh agus bearta a bheith i bhfeidhm chun an riosca calaoise a aithint agus a íoslaghdú
  • nósanna imeachta a bheith i bhfeidhm chun calaois a chosc, a bhrath, a imscrúdú, a thuairisciú agus a bhainistiú
  • comhoibriú go hiomlán i gcás ina ndéantar imscrúdú ar chalaois
  • meicníochtaí tuairiscithe rúnda agus cuí a chur ar fáil ionas gur féidir le haon duine, de mheon macánta, fíor-imní a thuairisciú
  • cosaint a thabhairt dóibh siúd a thuairiscíonn cásanna calaoise amhrasta de mheon macánta
  • cásanna calaoise amhrasta a imscrúdú láithreach de réir nósanna imeachta na roinne agus na Státseirbhíse níos leithne agus, agus prionsabail an phróisis chuí agus an cheartais aiceanta á n-urramú go hiomlán, lucht déanta an dlí a shaothrú a mhéid is féidir
  • prionsabail na rúndachta a chothabháil in aon imscrúdú calaoise
  • foghlaim ó aon teagmhas calaoise chun é a chosc arís

Caighdeáin agus Eitic

Cloíonn ár bhfoireann go léir le Cód Caighdeán agus Iompraíochta na Státseirbhíse.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar ár n-oibleagáidí eitice faoin Acht um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995 agus 2001, déan teagmháil leis an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (SIPO).

Standards in Public Office Commission

Seoladh:
18 Lower Leeson Street, Dublin 2, D02 HE97
Teileafón:
01 678 5222;
1890 223030