English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Beartas pras íocaíochta


Léigh anseo faoinár n-oibleagáidí Pras Íocaíochta chuig soláthraithe agus féach ar staitisticí ráithiúla faoin achar ama a thóg sé soláthraithe a íoc.


Nósanna imeachta pras íocaíochta

Táimid tiomanta gach iarracht a dhéanamh ár soláthraithe a íoc go pras. Agus is féidir leat cuidiú trí chinntiú go soláthraíonn tú:

  • sonraisc chearta
  • sonraí cruinn cuntas bainc
  • a chinntiú go bhfuil do stádas Imréitigh Cánach leis na Coimisinéirí Ioncaim cothrom le dáta

Maidir le conarthaí san earnáil phoiblí ar fiú €10,000 (CBL san áireamh) iad nó níos mó laistigh de thréimhse aon 12-mí, beidh ar an gconraitheoir (agus gníomhaire nó fochonraitheoir de réir mar is cuí) ceachtar de dheimhniú imréitigh cánach bailí nó deimhniú C2 a chur ar fáil. Is sainordú é seo. Is féidir leat gach eolas faoi nós imeachta imréitigh cánach a fháil ar an láithreán gréasáin atá ag na Coimisinéirí Ioncaim.


Reachtaíocht i dtaca le pras íocaíochta cuntas

Tá íocaíocht sonrasc arna rialú ag an Acht um Íoc Pras Cuntas, 1997arna leasú ag an Ionstraim Reachtúil 580 de 2012, a tháinig i bhfeidhm an 16 Márta 2013 agus a dhéanann trasuíomh ar Threoir an AE 2011/7/AE chun Íocaíocht Dhéanach in Idirbheart Tráchtála a Chomhrac. Chúlghairm sé an Ionstraim Reachtúil 388 de 2002 a bhí ann roimhe sin.

Faoin reachtaíocht ceadaítear mura bhfuil an dáta nó an tréimhse don íocaíocht socraithe sa chonradh, go mbíonn an creidiúnaí i dteideal úis ar íocaíocht déanach nuair a théann aon cheann de na teorainneacha ama a leanas in éag:

  • 30 lá féilire tar éis an dáta a bhfaightear an sonrasc nó iarratas coibhéiseach ar íocaíocht
  • Má tá an dáta a bhfaightear an sonrasc nó an t-iarratas coibhéiseach ar íocaíocht neamhchinnte, 30 lá féilire tar éis an dáta a fhaightear na hearraí nó na seirbhísí
  • Mar riail ghinearálta caithfidh Údaráis Phoiblí íoc, laistigh de 30 lá

Ní féidir leis an soláthraí íocaíocht úis a tharscaoileadh agus caithfidh sé a bheith san áireamh leis an suim iníoctha ar na hearraí nó na seirbhísí gan bheith ar an soláthraí íocaíocht a éileamh.

Ón 16 Márta 2013, is é an ráta tagartha infheidhmithe (ráta curtha i bhfeidhm ag BCE) chomh maith leis an ús reachtúil ar íocaíochtaí déanacha ná 8%. Is féidir suimeanna beaga úis a ghearradh ar íocaíocht dhéanach. Is féidir leat ráta BCE a sheiceáil ar an suíomh gréasáin atá ag an mBanc Ceannais agus ag Údarás Seirbhísí Airgeadais na hÉireann nó ar an suíomh gréasáin atá ag Banc Ceannais na hEorpa.

Níl aon íosmhéid infheidhmithe i dtaca le híocaíocht úis. Chomh maith le hús a fháil ar íocaíocht dhéanach tá an soláthraí i dteideal cúiteamh uathoibríoch freisin (gan gá le meabhrúchán a eisiúint) d’íosmhéid de €40 má tá an sonrasc níos lú ná €1,000. Tugtar sonraí faoi scála cúitimh sa Leabhar Reachtannna Sceideal don Ionstraim Reachtúil. Déantar soláthar sa Sceideal don tSuim cúitimh atá iníoctha faoi Rialachán 9 mar seo a leanas:

Níos lú ná €1,000 €40
Os cionn €1,000 ach níos lú ná €10,000 €70
Os cionn €10,000 €100

Chomh maith leis sin, caitear cleachtas inghlacthachta agus fíorúcháin in údaráis phoiblí chuig gnó (PA2B) a sholáthar sa chonradh. Níor chóir go mbeadh an t-uasmhéid ama níos faide ná 30 lá féilire ón dáta a bhfaightear na hearraí/seirbhísí mura bhfuil comhaontú eile déanta sa chonradh agus sa doiciméad tairisceana agus mura bhfuil sé an-mhí-éagórach don chreidiúnaí.


Ceisteanna sonraisc

Tá 10 lá oibre againn le sonrasc mícheart a sheoladh ar ais agus caithimid ráiteas scríofa a chur leis ina bhfuil na lochtanna líomhnaithe a chuireann cosc ar íocaíocht a dhéanamh. Tar éis dúinn glacadh leis an sonrasc ceartaithe, déanaimid ár ndícheall íocaíocht a eisiúint laistigh de 15 lá.

Ní chuireann an reachtaíocht dualgas orainn íocaíocht a dhéanamh le soláthraí ar theip orthu nó atá ag diúltú iarratas a chomhlíonadh chun deimhniú imréitigh cánach a chur ar fáil agus méadaíonn sí an teorainn ama reachtúil d’íocaíocht go sainráite nuair atá moill ar dheimhniú imréitigh cánach a thabhairt. Chomh maith leis sin, ní théann an tAcht i bhfeidhm ar an asbhaint ó thaobh siarchoinneáil cánach as aon íocaíocht le soláthraí.


Ceangaltas íocaíochta 15-lá

Thug an Rialtas isteach riachtanas neamhreachtúil eile in Meitheamh 2009 chun an tréimhse íocaíochta ó Ranna Láraithe Rialtais chuig a gcuid soláthraithe ó 30 go 15 lá. Tá gach iarracht, i gcomhréir le nósanna imeachta cearta airgeadais, á dhéanamh chun a chinntiú go n-íoctar gach soláthraí laistigh den fráma ama seo.


Tuarascálacha ráithiúla

Tá sé de dhualgas orainn tuarascálacha staitistiúla ráithiúla a fhoilsiú chun ár bhfeidhmíocht i dtaobh íocaíochta pras a thaispeáint. Íoslódáil na tuarascálacha seo:

2009

Period: 1 July to 31 September 2009
Amharc amharc
Period: 1 October to 31 December 2009
Amharc amharc

2010

Period: 1 January 2010 to 31 March 2010
Amharc amharc
Period: 1 July 2010 to 30 September 2010
Amharc amharc
Period: 1 October 2010 to 31 December 2010
Amharc amharc

2011

Period: 1 January 2011 to 31 March 2011
Amharc amharc
Period: 1 April 2011 to 30 June 2011
Amharc amharc
Period: 1 July to 30 September 2011
Amharc amharc
Period: 1 October 2011 to 31 December 2011
Amharc amharc

2012

1 January 2012 to 31 March 2012
Amharc amharc
1 April to 30 June 2012
Amharc amharc
1 July to 30 September 2012
Amharc amharc
1 October to 31 December 2012
Amharc amharc

2013

1 January 2013 to 31 March 2013
Amharc amharc
1 April 2013 to 30 June 2013
Amharc amharc
1 July 2013 to 30 September 2013
Amharc amharc
1 October 2013 to 31 December 2013
Amharc amharc

2014

1 January 2014 to 31 March 2014
Amharc amharc
1 April 2014 to 30 June 2014
Amharc amharc
1 July 2014 to 30 September 2014
Amharc amharc
1 October 2014 to 31 December 2014
Amharc amharc

2015

1 January 2015 to 31 March 2015
Amharc amharc
1 April 2015 to 30 June 2015
Amharc amharc
1 July 2015 to 30 September 2015
Amharc amharc
1 October 2015 to 31 December 2015
Amharc amharc

2016

1 January 2016 to 31 March 2016
Amharc amharc
1 April 2016 to 30 June 2016
Amharc amharc
1 July 2016 to 30 September 2016
Amharc amharc
1 October 2016 to 31 December 2016
Amharc amharc

2017

1 January 2017 to 31 March 2017
Amharc amharc
1 April 2017 to 30 June 2017
Amharc amharc
1 July 2017 to 30 September 2017
Amharc amharc
1 October 2017 to 31 December 2017
Amharc amharc

2018

1 January 2018 to 31 March 2018
Amharc amharc
1 April 2018 to 30 June 2018
Amharc amharc
1 July 2018 to 30 September 2018
Amharc amharc
1 October 2018 to 31 December 2018
Amharc amharc

2019

1 January 2019 to 31 March 2019
Amharc amharc
1 April 2019 to 30 June 2019
Amharc amharc
1 July to 30 September 2019
Amharc amharc
1 October to 31 December 2019
Amharc amharc

2020

01 January 2020 to 31 March 2020
Amharc amharc
01 April 2020 to 30 June 2020
Amharc amharc
01 July 2020 to 30 September 2020
Amharc amharc

2021

01 January 2021 to 31 March 2021
Amharc amharc
01 April 2021 to 30 June 2021
Amharc amharc
01 July 2021 to 30 September 2021
Amharc amharc
01 October 2021 to 31 December 2021
Amharc amharc

2022

01 January 2022 to 31 March 2022
Amharc amharc
01 April 2022 to 30 June 2022
Amharc amharc
01 July 2022 to 30 September 2022
Amharc amharc
01 October 2022 to 31 December 2022
Amharc amharc