Deiseanna soláthair linne
- Foilsithe: 22 Márta 2020
- An t-eolas is déanaí: 12 Feabhra 2025
- Beartas Soláthair
- Conas a cheannaímid
- Cad a cheannaímid
- Beartas pras íocaíochta
- Íocaíochtaí os cionn €20,000
- Procurements over €2m
- Contracts Awarded Exceeding €10 million
Comhlíonaimid sprioc-bheartas an Rialtais do sholáthar poiblí agus úsáidimid nósanna imeachta soláthair diana lena chinntiú go dtéann soláthraithe san iomaíocht dár ngnó ar shlí oscailte agus trédhearcach.
Beartas Soláthair
Ár mbeartas
Nuair atáimid ag bronnadh conarthaí, caithimid géilleadh do dhlíthe náisiúnta agus an AE, agus na treoirlínte cuí arna n-eisiúint ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ó am go ham a leanúint.
Ciallaíonn sé sin go gcaithfidh soláthar bheith oscailte agus cóir agus go gcaithfear féachaint go crua chun an luach is fearr a fháil ar airgead poiblí. Caithimid bheith éifeachtúil ó thaobh costais de, éifeachtúil inár n-acmhainní a úsáid, agus caithimid na caighdeáin cothroime agus sláine is airde a léiriú uair ar bith a mbronnaimid conradh.
Freagracht
Déanann iniúchóir inmheánach agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste araon scrúdú agus iniúchadh ar chleachtais soláthair. Tá oifigigh chuntasaíochta cuntasach don Oireachtas i dtaca le comhlíonadh gach rialachán soláthair cuí náisiúnta agus an AE.
Lasmuigh dó sin, déanann Coimisiún an AE monatóireacht ar bhronnadh conarthaí poiblí agus is féidir leo caingean a thionscain i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh má fhaigheann siad amach nach bhfuil stát ag cloí leis na rialacha.
Achomhairc
Má bhronntar conradh nach bhfuil ag cloí leis na rialacha, is féidir a dhúshlán a thabhairt i gcúirteanna na hÉireann. Faoi Rialacháin Leigheasanna an AE, is féidir anois le cúirteanna na hÉireann conarthaí a bhronntar go míchuí a chur go leataobh. Tá sé de chumhacht ag na cúirteanna freisin fíneáil a ghearradh ar údaráis chonarthachta a sháraíonn rialacháin soláthair de réir suas go dtí 10% de luach an chonartha, chomh maith le híoc as aon damáistí a ghearrann an chúirt.
Ár gcaighdeáin
Glacaimid go han-dáiríre leis na rialacha a bhaineann le soláthar poiblí, agus táimid lán tiomanta do thrédhearcacht, cothroime agus freagracht i ngach ngníomh ceannaithe dár gcuid. Ní cheannaímid ach earraí agus seirbhísí a cuireadh faoi phróiseas ceart iomaíochta ach amháin i gcúinsí eisceachtúla teoranta.
Cuireann an Roinn fáilte roimh ghnó trí Ghaeilge, agus glacfar le tairiscintí as Gaeilge.
Tá sé d’aidhm againn sprioc-bheartas an Rialtais a chomhlíonadh ó thaobh nithe a bhaineann le inbhuanaitheacht chomhshaoil agus fiontair bheaga agus meánfhiontair nuair a cheannaímid aon oibreacha, earraí agus seirbhísí.
Conas a cheannaímid
Cé atá freagrach?
Is iad ár n-aonaid ghnó in Éirinn agus Misin Aonaracha thar lear atá freagrach as ceannach, cé go bhfuil sin faoi réir mhaoirseacht ghinearálta ónár Rannán Seirbhísí Corparáideacha, lena n-áirítear Aonad tiomnaithe Soláthair.
Caithfidh na hearraí agus na seirbhísí ar fad a cheannaítear teacht faoi phróiseas iomaíochta, ach amháin i gcúinsí eisceachtúla ar leith.
Úsáidimid na slite tairiscintí seo a leanas, ag brath ar luach measta an chonartha:
Níos lú ná €5,000
Faightear meastacháin ó íosmhéid de thrí sholáthraí iomaíocha agus glactar leis an meastachán is oiriúnaí nó an ceann is ísle praghais.
Idir €5,000 agus €25,000
Cuirtear sonraíochtaí agus iarratais ar mheastacháin scríofa ar an ríomhphost chuig thrí sholáthraí ar a laghad. Déantar luacháil go hoibiachtúil ar thairiscintí in aghaidh na riachtanas shonraithe agus glactar leis an tairiscint is oiriúnaí.
Idir €25,000 agus €140,000
Nuair atáthar ag ceannach sa réimse seo, go hiondúil fógraítear an próiseas tairisceana ar r-thairiscintí, Tairseach Rialtas na hÉireann do Sholáthar Poiblí. Déantar é seo chun deis tairisceana a thabhairt do FBManna ar fud oileán na hÉireann. Ar a shon sin, d’fhéadfadh sé ar chúinsí eisceachtúla nó práinneacha go gcaithimid tairiscintí a iarraidh díreach ó líon oibreoirí roghnaithe gan fógraíocht a dhéanamh.
Os cionn €140,000
Ag an leibhéal seo, foilsítear gairmeacha ar thairiscintí ar r-thairiscintí agus in Iris Oifigiúil an AE. Bronntar conarthaí os cionn an tairsí seo de réir Threoir AE 2004/18/EC arna trasuíomh go dlí na hÉireann ag European Communities (Award of Public Authorities’ Contracts) 2006 (I.R. 329 de 2006).
An tSeirbhís Náisiúnta Soláthair (SNS)
Úsáidimid earraí agus seirbhísí ar leith ó chreat chonarthaí éigeantacha pan-rialtais SNS. Áirítear ina measc:
- fógraíocht
- leictreachas
- gás nádúrtha
- stáiseanóireacht agus páipéar
Úsáidimid roinnt creataí comhoibríocha chomh maith, atá ar fáil go ginearálta do Ranna Rialtais agus do chomhlachtaí poiblí lena n-áirítear creataí do sheirbhísí grianghrafadóireachta agus do sheirbhísí aistriúcháin. Is féidir tuilleadh eolais faoi na socruithe seo a fháil ar shuíomh gréasáin an SNS.
Cad a cheannaímid
Cumarsáid agus seirbhísí agus trealamh TFC
Tá riachtanais leanúnacha againn do réimse leathan crua-earraí agus bogearraí ICT chomh maith le seirbhísí tacaíochta ICT agus teileachumarsáide. Foilsítear sonraí ar shuíomh gréasáin rthairiscintí de réir agus nuair a thagann riachtanais shonracha chun cinn.
Baineann ár nAonad ICT úsáid as Item was unpublished or removed atá curtha in áit ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe chun ríomhairí deisce, ríomhairí glúine, printéirí agus seirbhísí fón póca a cheannach. Baineann sé úsáid freisin as Lárchonradh SNS do Thomhaltáin ICT.
Áirithe i measc na dtairiscintí suntasacha ICT le déanaí tá:
nasc agus seirbhísí domhanda teileachumarsáide (bandaleithead);
acmhainní deisce cabhrach ICT
creat-chomhaontú chun pearsanra ginearálta tacaíochta ICT de réir agus nuair a thagann riachtanais shonracha chun cinn thar na ceithre bliana amach romhainn;
Córas creidiúnaithe do thoscairí agus do na meáin chumarsáide d’ócáidí idirnáisiúnta ar an mórchóir;
Córas chun Clárúchán Breitheanna Coigríche agus doiciméadúchán consalachta ar leith a bhainistiú.
Teicneolaíocht pasanna
Ceannaímid uathchóras táirgthe pasanna le déanaí ina bhfuil gnéithe slándála úrscothach lena n-áirítear bithmhéadracht. Beidh riachtanais leanúnacha ag Oifig na bPasanna sa réimse seo agus tá suim againn i gcónaí cloisteáil ó sholáthraithe a bhfuil teicneolaíochtaí nua acu agus atá éifeachtúil ó thaobh costais de.
Tá foirmeacha iarratais do phasanna, leabhráin do phasanna (lena n-áirítear réimse gnéithe slándála ionsuite) agus leathanaigh sonraí polacarbónáite (chun eolas bithmhéadrach a stóráil) ag teastáil uainn freisin. Cuireadh na riachtanais seo amach ar tairiscint phoiblí in 2012 agus tá conarthaí nua il-bliantúil á gcur in áit.
Foilseofar riachtanais Oifig na bPasanna a thagann chun cinn in 2013 ar an tairseach eTenders.
Seirbhísí taistil agus athlonnaithe
Teastaíonn seirbhísí taistil agus athlonnaithe uainn i gcónaí. Déanann an tSeirbhís Náisiúnta Soláthair soláthar lárnach ar sheirbhísí áirithinte aerthaistil agus is ag Carlson Wagonlit Travel atá an conradh reatha.
Úsáidimid creat-chomhaontú il-soláthraithe iomaíoch do sheirbhísí aistrithe do ghiuirléidí le hoifigigh atá ag athlonnú. Tá súil againn go bhfanfaidh an creat seo in áit go dtí 2014, tráth a reáchtálfar próiseas nua tairisceana.
Teastaíonn tiománaithe gluaisteán d’ardchaighdeán agus seirbhísí iompair coimhdeacha uainn go hócáideach do chuairteanna Stáit agus do chuairteanna oifigiúla ardleibhéil chun na hÉireann. Tá creat il-soláthraithe in áit againn do na seirbhísí sin, a ritheann go Meán Fómhair 2013.
Post dioplómaitiúil
Sheol muid tairiscint fógartha don riachtanas seo le déanaí agus tá conradh nua il-bliantúil le cur in áit go luath.
Seirbhísí comhairleachta
Teastaíonn seirbhísí comhairleachta bainistíochta uainn (agus ó Chúnamh Éireann go sonrach) go hócáideach chun comhairle nó saineolas a sholáthar nach bhfuil ar fáil ar aon bhealach eile i dtaca le cinntí straitéiseacha a dhéanamh agus sprioc-bheartais d’ardleibhéal. Fógraítear sonraí ár riachtanas ar shuíomh gréasáin r-thairiscintí de réir agus nuair a thagann siad chun cinn.
Soláthair oifige
Déantar priontáil, stáiseanóireacht, tomhaltáin oifige, éidí agus troscáin a sholáthar go ginearálta ar bhunús conarthaí láraithe tarraingthe síos arna dtairiscint ag Item was unpublished or removed D’fhéadfaí go gceannófaí riachtanais shonracha go leithleach ó am go ham.
Seirbhísí slándála, glantacháin oifige
Tá sé i gceist againn ath-thairiscint a lorg ar sheirbhísí glantacháin oifige agus ar sheirbhísí seasta slándála in 2013. Foilseofar sonraí ar rthairiscintí in am tráth.
Beartas pras íocaíochta
Léigh anseo faoinár n-oibleagáidí Pras Íocaíochta chuig soláthraithe agus féach ar staitisticí ráithiúla faoin achar ama a thóg sé soláthraithe a íoc.
Íocaíochtaí os cionn €20,000
Ag teacht leis an ngealltanas sa chuid “Grinnscrúdú Airgeadais Níos Éifeachtaí” den Chlár don Rialtas, foilsíonn an Roinn seo sonraí na n-íocaíochtaí a dhéantar maidir le hearraí agus seirbhísí a bhfuil luach €20,000 nó níos mó orthu. Foilseofar an t-eolas sin go ráithiúil i riaráistí agus is féidir é a fháil trí chliceáil ar na naisc anseo.
Procurements over €2m
Procurements/ Project Progress
Details of all procurements (capital and current) where the value exceeds €2m.
Contracts Awarded Exceeding €10 million
Pursuant to the requirements of the Public Spending Code, procurements by the Department of Foreign Affairs in excess of €10 million will be published here.
2022 Contracts Awarded Exceeding €10 million
There was one procurement by the Department of Foreign Affairs in excess of €10 million in 2022.
The information published below is in respect of the Departments obligations for the year under review i.e. 2022.