English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Fógra maidir le Príobháideachas Sonraí

Baineann an fhaisnéis seo le custaiméirí uile na Roinne Gnóthaí Eachtracha.

Tá an Roinn Gnóthaí Eachtracha tiomanta do na sonraí pearsanta a thugann a cuid custaiméirí di a choinneáil slán agus sábháilte le linn próiseas riaracháin. Tá na bearta riachtanacha teicniúla ar fad curtha i bhfeidhm chun slándáil agus sábháilteacht na gcóras ina gcoinnítear na sonraí seo a chinntiú.

Tá follasacht agus oscailteacht maidir le húsáid sonraí pearsanta tábhachtach don roinn agus mar sin, tá sé i gceist againn ár gcustaiméirí uile a choinneáil ar an eolas faoin gcúis agus faoin bhfáth a n-úsáidfear a gcuid sonraí, faoi na háiteanna eile a bhféadfaí a gcuid sonraí a roinnt agus faoin achar ar féidir leis an roinn a gcuid sonraí a choinneáil. Cuirfear faisnéis maidir le cearta na gcustaiméirí ar fáil chomh maith.

Is iad na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 - 2018 agus an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (AE 2016/679) an reachtaíocht reatha do Chosaint Sonraí in Éirinn. Is í an roinn féin an Rialaitheoir Sonraí do bhailiú agus do phróiseáil gach sonra phearsanta sa Roinn Gnóthaí Eachtracha, mar eintiteas dlíthiúil.

Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Cosanta Sonraí ar na bealaí seo a leanas:

Data Protection Officer

Seoladh:
Department of Foreign Affairs, 76-78 Harcourt Street, Dublin 2, D02 DX45

Ní úsáidfear sonraí pearsanta a phróiseálfar sa roinn ach amháin ar chúis(eanna) faoi leith a leagfar amach agus an fhaisnéis á bailiú, nó i gcumarsáid eile ina dhiaidh sin, agus úsáidfear é de réir na reachtaíochta cuí um Chosaint Sonraí.


Cearta an duine aonair maidir le sonraí pearsanta a choinníonn an roinn

Nuair a thugann tusa, mar chustaiméir, sonraí pearsanta don roinn tá cearta faoi leith ar fáil duit i dtaca leis na sonraí sin. Leagtar amach thíos na cearta sin agus is féidir iad a bhaint amach trí theagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Cosanta Sonraí, a dtugtar a s(h)onraí teagmhála thuas, agus a rá leis/léi cé na cearta is mian leat a chur i bhfeidhm:

  • ceart rochtana
  • ceart coigeartaithe
  • ceart scriosta
  • ceart srianta próiseála
  • ceart iniomparthachta sonraí
  • srianadh próiseála
  • iniomparthacht sonraí
  • cur i gcoinne próiseála
  • toiliú a tharraingt siar má thug siad cheana é maidir le próiseáil a gcuid sonraí pearsanta i dtaca le cinnteoireacht uathoibríoch, próifíliú san áireamh
  • déan gearán leis an gCoimisinéir Cosanta Sonraí má cheapann tú go bhfuil próiseáil do shonraí pearsanta in aghaidh GDPR

Ba chóir gearáin a dhéanamh i scríbhinn agus a chur chuig info@dataprotection.ie nó:

Data Protection Commission

Seoladh:
21 Fitzwilliam Square South, Dublin 2, D02 RD28
Ríomhphost:

info@dataprotection.ie

Teileafón:
0761 104 800;
1890 252231

Tá deasc chabhrach ag an gCoimisinéir Cosanta Sonraí chomh maith, ar féidir teagmháil a dhéanamh leis ag 0761 104 800 nó Íosghlao 1890 252231.

Fógra maidir le Príobháideachas Sonraí
Amharc amharc