English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

An Breatimeacht agus Tusa

D’fhág an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach an 31 Eanáir 2020 i ndiaidh don dá thaobh Comhaontú um Tharraingt Siar a shocrú d’fhonn imeacht ordúil a éascú.

Rinneadh foráil sa Chomhaontú um Tharraingt Siar d’idirthréimhse, agus tháinig deireadh leis an tréimhse sin an 31 Nollaig 2020. Tá athruithe ollmhóra agus buana i gceist mar gheall ar chinneadh na RA imeacht as an AE.

Is féidir leat eolas a fháil anseo faoi mar a imreofar tionchar ar sheirbhísí ar nós baincéireacht, siopadóireacht ar líne, cearta tomhaltóirí agus fánaíocht shoghluaiste.

Táimid ag oibriú chun an láithreán gréasáin seo a choinneáil cothrom le dáta. Seiceáil an láithreán arís ar bhonn rialta toisc go gcuirfear eolas breise ar fáil nuair a bheidh teacht air.

An Breatimeacht agus Tusa – Eolas Tábhachtach do Shaoránaigh

An Saol Laethúil

Maireachtáil agus Obair

Ag Staidéar

Ag Taisteal agus ar Cuairt

Cúrsaí Dlí & Cearta Dlí

Bí ar an eolas

Le bheith ar an eolas faoin nuacht is déanaí:

Cliceáil anseo chun filleadh ar Éire a Ullmhú don Bhreatimeacht.