An Chúirt Eorpach um Chearta an Duine
- Foilsithe: 1 Meitheamh 2021
- An t-eolas is déanaí: 18 Samhain 2024
Is institiúid de chuid Chomhairle na hEorpa í an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine a bunaíodh i 1959 mar cheann de thrí mheicníocht atá leagtha amach leis an gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint a chur i bhfeidhm.
Tá an Chúirt comhdhéanta de líon breithiúna comhionann le líon na stát conarthach, arna dtoghadh ag Tionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa le haghaidh téarma naoi mbliana.
Bhí Coimisiún, trína rinneadh inghlacthacht éileamh a chinneadh, agus Cúirt pháirtaimseartha ann go dtí 1988. Le Prótacal 11, cuireadh Cúirt amháin lánaimseartha in ionad an chórais sin. Amhail 31 Eanáir 2013, bhí 126,850 iarratas ar feitheamh os comhair na Cúirte.
Leis an Acht fán gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, 2003, tugtar éifeacht bhreise don Choinbhinsiún i ndlí na hÉireann, foráiltear do ról níos dírí a bheith ag an gCoinbhinsiún i gcúirteanna na hÉireann.
Ghlac Ann Power-Forde SC lena post mar bhreitheamh sa Chúirt Eorpach um Chearta an Duine an 3 Márta 2008.
Breithiúnais na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine i gcásanna a bhaineann le hÉirinn
2012
2011
2010
2005
Independent News and Media Plc. & Independent Newspapers (Ireland) Ltd. v Éire
Bosphorus Airways v Éire
Barry v Éire
2004
O'Reilly agus Eile v Éire
McMullen v Éire
2003
Murphy v Éire
Doran v Éire
2002
DG v Éire
2001
McElhinney v Éire
2000
Quinn v Éire
Heaney and McGuinness v Éire
1994
Keegan v Éire
1993
Pine Valley Developments agus Eile v Éire (Article 50)
1992
Open Door agus Well Woman v Éire
1991
Pine Valley Developments agus Eile v Éire
1988
Norris v Éire
1986
Johnston agus Eile v Éire
1981
Airey v Éire (Airteagal 50)
1979
Airey v Éire
1978
Éire v An Ríocht Aontaithe
1961
Lawless v Éire (Uimh. 2)
Lawless v Éire (Uimh. 3)
1960
Lawless v Éire (Uimh. 1)
Is é ár Rannán Dlí Gníomhaire an Rialtais os comhair na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine. Ní thugaimid comhairle dlí don phobal maidir le gearán a thaisceadh leis an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine. Tá eolas úsáideach ar láithreán gréasáin na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine a bhfuil sé i gceist leis a bheith mar chúnamh do dhaoine atá ag smaoineamh gearán a thaisceadh leis an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine.
Léigh tuilleadh maidir le cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine