English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

An Ciste Dúshláin Meán Éire Dhomhanda: Téarmaí Tagartha


Is é atá i Straitéis ‘Éire Dhomhanda: Lorg Domhanda na hÉireann go dtí 2025’ na hÉireann ann ná straitéis uile-Rialtais a bhfuil mar aidhm léi scóip agus tionchar na hÉireann ar an domhan agus an méid a théann Éire i gcion ar an domhan a dhúbailt. Mar chuid den aidhm sin, sonraítear sa Straitéis “[go ndéanfar clár] a leagan amach agus a chur i bhfeidhm maidir le caidreamh leis an saoránach ionas go ndéantar cumarsáid go seasta leanúnach le saoránaigh na hÉireann sa tír féin agus thar lear faoi aidhmeanna bheartas idirnáisiúnta na hÉireann”.

Sa chomhthéacs sin, bhunaigh an Roinn Gnóthaí Eachtracha an Ciste Dúshláin Meán Éire Dhomhanda . Bunaíodh an Ciste ar bhonn treoirscéime ar dtús agus, tar éis athbhreithniú a dhéanamh, leanadh leis ar feadh dhá bhliain eile. Athbhreithneofar an tionscnamh ag deireadh na tréimhse sin.

Is é cuspóir an chiste ná tacú le faisnéis faoi mhórfhorbairtí geopholaitiúla agus faoi chineál athraitheach an róil atá ag Éirinn ar domhan a sholáthar do mhuintir na hÉireann trí chabhrú le cur le hacmhainn na n-asraonta meán Éireannacha chun tuairisciú idirnáisiúnta a ghabháil de láimh, agus neamhspleáchas eagarthóireachta á chothabháil ag an am céanna.

Croíphrionsabal de chuid an Chiste Dúshláin Meán Éire Dhomhanda is ea an neamhspleáchas eagarthóireachta. Dá réir sin, agus tar éis cistiú a leithdháileadh ar eagraíochtaí chun tacú leis an gclúdach a dhéanann siad ar shaincheisteanna idirnáisiúnta, ní thugann an Roinn Gnóthaí Eachtracha aon orduithe do na heagraíochtaí maidir leis na tionscadail a roghnaítear, maidir le héirim an chlúdaigh ná maidir le leithdháileadh na foirne chun an obair sin a dhéanamh.


An Próiseas Iarratais

Tugtar cuireadh d’eagraíochtaí is iarratasóirí chun tograí a chur isteach tríd an bhfoirm iarratais, ar tograí iad ina gcuirtear síos ar an obair atá beartaithe acu a dhéanamh chun scála agus scóip a dtuairiscithe idirnáisiúnta a mhéadú tríd an gcistiú iarrtha a úsáid. Féadfaidh tograí díriú ar ábhar atá bunaithe ar théamaí agus/nó atá bunaithe ar gheografaíocht a fhorbairt.

Áireofar na tosca seo a leanas leis na tosca atá le cur san áireamh le linn iarratais a mheasúnú:

• Cáilíocht an togra

• Cuntas teiste agus saineolas ábhartha na heagraíochta

• Aimsiú agus scóip na heagraíochta

• Cumas chun freastal ar spriocphobal leathan agus ar spriocphobail shonracha

• Téamaí, earnálacha agus réigiúin nár clúdaíodh ach go neafaiseach in Éirinn go dtí seo agus/nó a clúdaíodh go príomha trí ghníomhaireachtaí nua agus/nó tríú páirtithe a úsáid

• Luach ar airgead

Ní sholáthrófar cistiú ach d’eagraíochtaí meán a bhfuil láithreacht in Éirinn acu agus cuirfear san áireamh an scála oibriúcháin lena gcuirfí ar a gcumas cuspóirí an Chiste a bhaint amach.


An Próiseas Measúnachta

Tabharfaidh Painéal Comhairleach Saineolaithe a bheidh comhdhéanta de ghairmithe seachtracha meán comhairle maidir le fiúntais na dtograí agus maidir leis an méid a chloíonn siad le téarmaí tagartha agus cuspóirí an Chiste. Déanfaidh Coiste Meastóireachta meastóireacht ansin ar gach iarratas agus cinnteoidh sé trédhearcacht agus cuntasacht sa chinnteoireacht.

Ní ghlacfar le hiarratais ach amháin le linn na tréimhse iarratais agus measúnófar iad tar éis dheireadh na tréimhse sin. Foilseofar torthaí na n-iarratas rathúil ar gov.ie a luaithe is féidir ina dhiaidh sin, tar éis comhaontú foirmiúil idir an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus na heagraíochtaí is iarratasóirí.

Beidh oibleagáid ar na heagraíochtaí meán a n-éiríonn leo tuairiscí a chur isteach ina mionsonraítear aschuir faoin tionscnamh. Cuirfear cruinnithe seiceála isteach ar siúl ar fud an téarma chun an dul chun cinn a phlé. Cuirfear cruinniú deiridh ar siúl ag deireadh na tréimhse cistiúcháin agus déanfar achoimre ar thuairiscí deiridh agus obair gach eagraíochta a cistíodh tríd an tionscnamh a fhoilsiú ar gov.ie ag deireadh na tréimhse cistiúcháin faoi seach. Ceanglófar ar na hiarratasóirí rathúla uile fógra a fhoilsiú á rá go bhfuil cistiú á fháil acu tríd an tionscnamh.


Teagmháil

Ba cheart aon cheisteanna a bhaineann leis an gCiste Dúshláin Meán Éire Dhomhanda a sheoladh chuig GIUMediaChallenge@dfa.ie

________________________________________