Clár Ceannairí Óga Éire Dhomhanda 2025
- Foilsithe: 11 Feabhra 2025
- An t-eolas is déanaí: 21 Márta 2025
- Cúlra
- Comórtas
- An tábhacht a bhaineann le dearchthaí na hÓige ar bheartas eachtrach
- Formáid
- Conas páirt a ghlacadh
- Incháilitheacht
- Duais an Chomórtais
- Rialacha:
Cúlra
Is comórtas é an Clár Ceannairí Óga Éire Dhomhanda a spreagann scoláirí na hIdirbhliana agus Bliain 11/12 le smaoineamh ar ról na hÉireann sa domhan ar bhealach neamhspleách agus cruthaitheach. Is éard a bheidh sa duais ná an deis obair sheirbhís gnóthaí eachtracha na hÉireann a fheiceáil go pearsanta trí chlár trí lá a óstálfar sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála i mBaile Átha Cliath.
Gheobhaidh na scoláirí an deis taithí a fháil ar dhomhan na taidhleoireachta agus na ngnóthaí eachtracha, lena n-áirítear foghlaim faoi obair ENRanna idirnáisiúnta, síocháin agus athmhuintearas ar oileán na hÉireann, ceardlanna idirghníomhacha, cruinnithe le hAmbasadóirí Éireannacha, agus cuairt chuig ambasáid tíre eile in Éirinn.
Tuilleadh eolais faoin gcéad chlár agus eolas ó na rannpháirtithe ar fáil anseo
Comórtas
Tugtar cuireadh do scoláirí cur isteach ar Chlár Ceannairí Óga Éire Dhomhanda trí aiste scríofa nó físe a chur isteach maidir le téama an chomórtais:
An tábhacht a bhaineann le dearchthaí na hÓige ar bheartas eachtrach
Formáid
Is gá go mbeadh píosa oibre scríofa 500 focal ar a mhéad nó físeán 90 soicind ar a mhéad i gceist leis an iontráil.
Déanfaidh painéal saineolaithe ón Roinn Gnóthaí Eachtracha agusTrádála na píosaí oibre a mheas.
Beidh an painéal moltóirí ag súil le go mbeidh tú in ann do chuid tuairimí a chur in iúl ar bhealach soiléir agus gonta agus ag am céanna, go léireoidh tú smaointeoireacht chruthaitheach agus chriticiúil i do chur chuige.
Úsáidfear na sainchritéir seo a leanas agus píosaí oibre á meas:
• Ábharthacht don téama
• Úrnuacht
• Léargais/machnamh criticiúil
• Stíl agus cur i láthair
Conas páirt a ghlacadh
Iarrtar ar scoileanna dhá phíosa oibre ar a mhéad a ainmniú in aghaidh na scoile . B’fhéidir gur mhaith le scoileanna réamhbhabhtaí a chur ar bun nó beirt scoláirí a roghnú le páirt a ghlacadh.
Le páirt a ghlacadh, seol ríomhphost le do thoil chuig youngleaders@dfa.ie . Ba cheart na nithe seo a leanas a bheith sa ríomhphost:
a. Ainm iomlán an scoláire
b. Ainm iomlán na scoile
c. Ainm Chomhordaitheoir na hIdirbhliana / an mhúinteora ábhartha
d. Píosa oibre scríofa mar cheangaltán Word NÓ má tá físeán á chur isteach, bí i dteagmháil linn le do thoil le nasc Sharefile a fháil chun an comhad a uaslódáil
Is é an ##4 Aibreán## an spriocdháta d’obair a leagan isteach. Tá sé beartaithe go sealadach go dtarlóidh an clár an tseachtain dar tús ##5 Bealtaine##
Incháilitheacht
Is do scoláirí na hIdirbhliana/Bliain 11/Bliain 12 amháin atá an comórtas seo oscailte.
Duais an Chomórtais
Is ionann an duais agus clár trí lá a thugann deis do scoláirí taithí a fháil ar obair an taidhleora, lena n-áirítear foghlaim faoi obair ENRanna idirnáisiúnta, síocháin agus athmhuintearas ar oileán na hÉireann, ceardlanna idirghníomhacha maidir le hobair Chúnamh Éireann, bualadh le hAmbasadóirí Éireannacha, agus cuairt chuig ambasáid tíre eile in Éirinn.
Tabhair faoi deara le do thoil go mbeidh an clár ar siúl i mBaile Átha Cliath. Le haghaidh comhairle agus tacaíocht maidir le lóistín, déan teagmháil le do thoil leis an Roinn.
Rialacha:
a. Ní mór duit d’obair féin a leagan isteach. Má dhéanann tú tagairt d’obair daoine eile nó do théacsanna oifigiúla, ná dearmad le do thoil tagairt a dhéanamh don fhoinse. Tá sé ceart go leor trealamh físe a fháil ar iasacht ó do scoil agus daoine eile a earcú le cabhrú leat leis an scannánú.
b. Déanfaidh an painéal moltóirí gach iontráil a mheas agus roghnóidh siad scoláirí le páirt a ghlacadh i gclár trí lá sa Roinn Gnóthaí Eachtracha. Níl aon dul thar chinneadh an phainéil moltóirí.
c. Beidh sé de cheart ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha iontráil ar bith sa chomórtas a fhoilsiú nó a chóipeáil ar bhealach ar bith eile, in éineacht le hainm an údair.
d. Ní cheadaítear ábhar ar bith atá faoi chóipcheart (ceol, íomhánna, etc.) a úsáid don chomórtas seo ach amháin más leatsa an cóipcheart nó má tá ceadúnas agat an t-ábhar a úsáid don chomórtas seo. Is gá cead i scríbhinn a fháil agus a chur ar fáil ar iarratas d’aon ábhar faoi chóipcheart.
e. Má roghnaítear mar bhuaiteoir comórtais thú, is gá foirm cheada tuismitheora a bheith sínithe agus leagtha isteach in éineacht le sonraí polasaí árachais na scoile.