English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Comhráiteas agus Comhphlean Gníomhaíochta na hÉireann is na Breataine Bige 2021-25

Cuireadh tús leis an obair ar Chomhráiteas ó Éirinn-ón mBreatain Bheag agus Comhphlean Gníomhaíochta i ndiaidh cruinnithe idir an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Aire Rialtas na Breataine Bige do Chaidrimh Idirnáisiúnta i mí an Mhárta 2020. Tá ráiteas dár dtiomantas polaitiúil ardleibhéil le fáil sa Chomhráiteas agus sa Chomhphlean Gníomhaíochta, a scríobh rialtas na hÉireann agus na Breataine Bige agus ar a aontaigh siad, agus leagtar amach plean gníomhaíochta foirmiúil iontu dár n-uaillmhianta comhpháirteacha mar chomharsana. Tá níos mó ná 40 gníomhaíocht chomhroinnte i réimsí ina bhfuil údarás déabhlóidithe ag Rialtas na Breataine Bige sa Chomhphlean Gníomhaíochta. Cuireann sé creat soiléir ar fáil do na blianta amach romhainn, rud lena mbeimid in ann an obair chomhpháirteach agus an comhar a bheidh ar bun againn idir 2021 agus 2025 a mhéadú agus a threisiú.