English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Pribhléidí agus Díolúintí

Ceann de na gnéithe is sine agus is inghlactha den dlí idirnáisiúnta is ea an caidreamh foirmiúil idir stáit agus a n-ionadaithe oifigiúla. Chun iompar síochánta agus éifeachtach na gcaidreamh sin a éascú, tá pribhléidí agus díolúintí ar Leith ann faoin dlí idirnáisiúnta a bhfuil éifeacht tugtha dóibh i nDlí na hÉireann.

Dhaingnigh Éire Coinbhinsiún Vín um Chaidreamh Taidhleoireachta i 1961 agus Coinbhinsiún Vín um Chaidreamh Consalachta i 1963. Déanann an dá chonradh idirnáisiúnta seo códú ar cheann de na gnéithe is sine agus is inghlactha den dlí idirnáisiúnta, is é sin le rá, an caidreamh foirmiúil idir stáit agus a n-ionadaithe oifigiúla. Faoi mar a dheirtear sa réamhrá do Choinbhinsiún Vín faoi Chaidreamh Taidhleoireachta, "thug daoine ó gach náisiún ón gcianaois i leith aitheantas do stádas gníomhairí taidhleoireachta".

Aithníonn dhá Choinbhinsiún Vín an riachtanas feidhmiúil atá le pribhléidí agus díolúine taidhleoireachta agus consalachta chun an caidreamh idirnáisiúnta a stiúradh go síochánta éifeachtach. Tugann na hAchtanna um Chaidreamh agus Díolúine Taidhleoireachta 1967-2006 éifeacht do dhualgais na hÉireann faoi na Coinbhinsiúin seo. Tugann na hAchtanna pribhléidí and díolúintí do:

  • Na Náisiúin Aontaithe agus do ghníomhaireachtaí speisialaithe de chuid na Náisiún Aontaithe;
  • Comhairle na hEorpa
  • An Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta;
  • An Chomhairle um Chomhar Custam.

Lena chois sin féadfaidh an Rialtas ordú a dhéanamh chun “dosháraitheacht, saoirseachtaí, saoráidí, díolúintí, pribhléidí agus cearta”, cosúil leo siúd atá i gCoinbhinsiún Vín um Chaidreamh Taidhleoireachta, a bhronnadh ar chomhlachtaí ainmnithe, nó ar a ngníomhairí. Is iad na trí chatagóirí comhlachtaí ná:

  • eagraíocht idirnáisiúnta, pobal nó comhlacht a bhfuil an Rialtas ina bhall de nó a bhfuil sé ar intinn aige bheith ina bhall de;
  • eagraíocht idirnáisiúnta, pobal nó comhlacht agus daoine a dtugtar díolúintí dóibh de thoradh comhaontaithe idirnáisiúnta a bhfuil an Rialtas ina pháirtí de nó a bhfuil sé ar intinn aige bheith ina pháirtí de; agus
  • eagraíocht bhreithiúnach idirnáisiúnta nó leathbhreithiúnach a bunaíodh faoi comhaontú a bhfuil an Rialtas ina pháirtí de nó a bhfuil sé ar intinn aige bheith ina pháirtí de.

Níl páirtí de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Díolúintí Dlínsiúla Stáit agus a gcuid Maoine í Éire. Mar sin féin, tá Éire faoi cheangal ag rialacha an dlí idirnáisiúnta ghnách maidir le díolúine stáit.


Léigh tuilleadh faoin dlí idirnáisiúnta