Tá iarratais ar an gCiste Dúshláin Meán Éire Dhomhanda ar oscailt
- Foilsithe: 31 Eanáir 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Maidir leis an gCiste
Bhunaigh an Roinn Gnóthaí Eachtracha an Ciste Dúshláin Meán Éire Dhomhanda chun tacú le faisnéis faoi mhórfhorbairtí geopholaitiúla agus faoi chineál athraitheach an róil atá ag Éirinn ar domhan a sholáthar do mhuintir na hÉireann trí chabhrú le cur le hacmhainn na n-asraonta meán Éireannacha chun tuairisciú idirnáisiúnta a ghabháil de láimh.
Croíphrionsabal de chuid an Chiste Dúshláin Meán Éire Dhomhanda is ea an neamhspleáchas eagarthóireachta. Dá réir sin, agus tar éis cistiú a leithdháileadh ar eagraíochtaí chun tacú leis an gclúdach a dhéanann siad ar shaincheisteanna idirnáisiúnta, ní thugann an Roinn Gnóthaí Eachtracha aon orduithe do na heagraíochtaí maidir leis na tionscadail a roghnaítear, maidir le héirim an chlúdaigh ná maidir le leithdháileadh na foirne chun an obair sin a dhéanamh.
Conas iarratas a dhéanamh
Tugtar cuireadh d’eagraíochtaí is iarratasóirí chun tograí a chur isteach tríd an bhfoirm iarratais, ar tograí iad ina gcuirtear síos ar an obair atá é beartaithe acu a dhéanamh chun scála agus scóip a dtuairiscithe idirnáisiúnta a mhéadú tríd an gcistiú iarrtha a úsáid.
Moltar d’iarratasóirí Téarmaí Tagartha an Chiste a léamh sula ndéanfaidh siad iarratas. Leagtar amach sna Téarmaí Tagartha na critéir incháilitheachta agus na tosca a chuirtear san áireamh le linn iarratais a mheasúnú. Féach anseo chun tuilleadh faisnéise faoin gCiste a fháil.
Ba cheart iarratais a sheoladh chuig GIUMediaChallenge@dfa.ie faoi am scoir gnó an 21 Feabhra 2025.