English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

UNIDROIT

Is eagraíocht idir-rialtasach neamhspleách í an Institiúid Idirnáisiúnta um Aontú an Dlí Phríobháidigh (UNIDROIT) le ceanncheathrú sa Róimh. Bunaíodh UNIDROIT i 1926 chun scrúdú a dhéanamh ar bhealaí chun dlí príobháideach Stát a chomhchuibhiú agus a chomhordú agus chun ullmhúcháin a dhéanamh de réir a chéile do ghlacadh rialacha aonfhoirmeacha do dhlí príobháideach ag na Stáit éagsúla. Chuige seo -

  • Ullmhaíonn sé dréachtaí de dhlíthe agus coinbhinsiúin le haidhm dlí inmheánach aonfhoirmeach a bhunú;
  • Ullmhaíonn sé dréachtaí de chomhaontuithe chun caidrimh idirnáisiúnta a éascú sa réimse de dhlí príobháideach;
  • Déanann sé staidéir ar dhlí príobháideach comparáideach;
  • Bíonn spéis aige i dtionscadail déanta in aon cheann de na réimsí sin ag institiúidí eile, lena gcoinníonn sé caidrimh de réir mar is gá;
  • Eagraíonn sé comhdhálacha agus foilsíonn sé saothair ar fiú iad a scaipeadh go forleathan i dtuairim na hInstitiúide.

Is comhlacht idirnáisiúnta é UNIDROIT atá freagrach do na Rialtais rannpháirteacha. Bunaíodh é ar bhonn comhaontú iltaobhach, an Reacht UNIDROIT. Glacann aon Rialtas is seasca, Rialtas na hÉireann san áireamh, páirt i UNIDROIT. Tá Éire ina rannpháirtí gníomhach in UNIDROIT ó fuair sí ballraíocht an 16 Aibreán 1940. Tá struchtúr bunúsach trí chiseal ag UNIDROIT atá comhdhéanta de Rúnaíocht, Comhairle Rialaithe agus Tionól Ginearálta.

Is iad seo a leanas orgáin UNIDROIT:

  • Tionól Ginearálta;
  • Uachtarán;
  • Comhairle Rialaithe;
  • Buanchoiste;
  • Binse Riaracháin;
  • Rúnaíocht.

Is iad feidhmeanna príomhúla Chomhairle Rialaithe UNIDROIT a chlár oibre a dhréachtú, an tuarascáil bhliantúil ar a chuid gníomhaíochtaí a cheadú agus dréachtbhuiséad a dhréachtú agus a chur chuig an Tionól Ginearálta lena fhormheas.

Tá sé i dteideal gach Rialtais rannpháirtigh, mar aon le gach institiúid idirnáisiúnta de chineál oifigiúil, tograí maidir le staidéar a dhéanamh ar aontú, comhchuibhiú nó comhordú an dlí phríobháidigh a chur faoi bhráid na Comhairle Rialaithe. Ina theannta sin, féadfaidh aon institiúid nó cumann idirnáisiúnta atá mar chuspóir aige staidéar a dhéanamh ar cheisteanna dlíthiúla, moltaí maidir le staidéir ar chóir iad a dhéanamh a chur faoi bhráid na Comhairle Rialaithe. Tar éis dó an staidéar ar na ceisteanna a thabhairt chun críche, más cuí, ceadóidh an Chomhairle Rialaithe aon réamhdhréachtaí atá le cur faoi bhráid Rialtas.

Déanann Rialtas na hÉireann ranníocaíocht do bhuiséad bliantúil UNIDROIT.

Is é ár Rannóg Dlí atá ainmnithe mar an t-údarás náisiúnta in Éirinn chun críocha cumarsáid idir Éirinn agus UNIDROIT a éascú.


Coinbhinsiúin UNIDROIT

Is páirtí stáit í Éire sa Choinbhinsiún agus Prótacal seo a leanas a formhíníodh faoi scáth UNIDROIT:

  • An Coinbhinsiún ar Leasanna Idirnáisiúnta i dTrealamh Soghluaiste (Cape Town, 2001)
  • Prótacal a ghabhann leis an gCoinbhinsiún ar Leasanna Idirnáisiúnta i dTrealamh Soghluaiste maidir le Nithe a Bhaineann go Sonrach le Trealamh Aerárthaí (Cape Town, 2001)
Convention on International Interests in Mobile Equipment (Cape Town, 2001)
Amharc amharc
Protocol to the Convention on International Interests in Mobile Equipment on Matters Specific to Aircraft Equipment (Cape Town, 2001)
Amharc amharc

Is é cuspóir an Choinbhinsiúin agus an Phrótacail thuas creatlach dlí idirnáisiúnta aonfhoirmeach a chur ar fáil chun maoiniú sócmhainnbhunaithe aerárthach, innill aerárthaigh agus héileacaptar a éascú; Achtaíodh an tAcht um Leasanna Idirnáisiúnta i dTrealamh Soghluaiste (Coinbhinsiún Cape Town), 2005 (Uimh 15 de 2005) chun éifeacht a thabhairt don Choinbhinsiún agus Prótacal thuas in Éirinn.

Is cuid phríomhúil den chóras a bunaíodh faoi Choinbhinsiún agus Prótacal Cape Town é bunú Chlárlann Idirnáisiúnta de Shócmhainní Soghluaiste. Tá conradh ag Aviareto, comhfhiontar idir SITA SC agus Rialtas na hÉireann leis an Údarás Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) chun an Chlárlann Idirnáisiúnta a bhunú agus a fheidhmiú de réir mar a cheanglaíonn Coinbhinsiún agus Prótacal Cape Town.