English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tugann an Tánaiste cuireadh do mhic léinn ar fud oileán na hÉireann iarratas a dhéanamh chun páirt a ghlacadh i gClár Ceannairí Óga Éire Dhomhanda 2025

Ceannairí Óga Éire Dhomhanda 2025 tionscnamh atá deartha chun smaointeoireacht neamhspleách agus chruthaitheach a spreagadh i measc mhic léinn dara leibhéal faoi ról na hÉireann sa domhan.

Tugann an clár cuireadh do mhic léinn na hIdirbhliana in Éirinn agus do dhaltaí Bhliain 11/12 i dTuaisceart Éireann iarratas a dhéanamh ar dheis uathúil chun léargas pearsanta a fháil ar bheartas eachtrach agus taidhleoireacht na hÉireann trí chlár tumoideachais trí lá in oifigí na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála i mBaile Átha Cliath.

Ag tógáil ar an rath a bhí ar chlár tionscnaimh na bliana seo caite, ina raibh aiseolas thar a bheith dearfach ó raon leathan scoileanna, cuirfidh Clár Ceannairí Óga Éire Dhomhanda 2025 fáilte roimh mhic léinn ar fud na hÉireann iniúchadh a dhéanamh ar obair dhinimiciúil sheirbhís gnóthaí eachtracha na hÉireann. Cuimsíonn an clár cruinnithe le hoifigigh shinsearacha, taidhleoirí, comhpháirtithe sochaí sibhialta, agus foirne ambasáidí, ag tabhairt peirspictíochtaí luachmhara do rannpháirtithe ar rannpháirtíocht dhomhanda na hÉireann.

Dúirt an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála Simon Harris:

“Tá lúcháir orm Clár Ceannairí Óga Éire Dhomhanda 2025 a fheiceáil ag filleadh don dara bliain as a chéile. Is léiriú é an clár seo ar ár dtiomantas do dhaoine óga, ar fud oileán na hÉireann, a spreagadh chun dul i ngleic le saincheisteanna domhanda.”

“Tugann sé deis uathúil do mhic léinn léargas luachmhar a fháil ar thaidhleoireacht agus ar chomhoibriú idirnáisiúnta agus smaointeoireacht chruthaitheach á spreagadh ag an am céanna faoi ról na hÉireann ar an ardán domhanda. Táim ag súil go mór le rannpháirtithe na bliana seo a fheiceáil ag tabhairt peirspictíochtaí agus uaillmhian úr do rannpháirtíocht dhomhanda na hÉireann”.

Mar chuid de chlár 2025, beidh deis ag na hiarratasóirí rathúla taithí a fháil ar chlár ilghnéitheach lena n-áirítear ceardlanna idirghníomhacha, plé ar obair eagraíochtaí neamhrialtasacha idirnáisiúnta, síocháin agus athmhuintearas ar oileán na hÉireann, agus deis cuairt a thabhairt ar ambasáid i mBaile Átha Cliath. Tá sé mar aidhm ag an gclár spreagadh a thabhairt don chéad ghlúin eile a ról sa todhchaí a shamhlú. Leagann an clár béim ar an luach a bhaineann le rannpháirtíocht na n-óg chun todhchaí a mhúnlú a bhfuil comhoibriú agus tuiscint idirnáisiúnta lárnach ann.

Tá tuilleadh eolais faoin gclárm, agus an próiseas iarratais do mhic léinn ina measc, ar fáil anseo.