English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tugtar cuireadh do scoileanna Amhrán an AE a chur i láthair ar Lá na hEorpa

Mar chuid den chlár EU50 a dhéanann ceiliúradh ar bhallraíocht na hÉireann san Aontas Eorpach le 50 bliain anuas, tá an Roinn Gnóthaí Eachtracha, an Roinn Oideachais agus Ceol-Acadamh Ríoga na hÉireann mar chomhpháirtíocht ag tabhairt cuireadh do scoileanna ar gach leibhéal Amhrán an AE, Laoi do Áthas (Ode to Joy) de chuid Beethoven a fhoghlaim, a chleachtadh agus a chur i láthair. Is é buaicphointe Ár nAmhrán/Our Anthem EU50 ná go ndéanfar léiriú beo ar an amhrán i scoileanna ar oíche Lá na hEorpa agus ar Lá na hEorpa féin, an 8-9 Bealtaine, 2023.

Tá pacáiste ar fáil do scoileanna ina bhfuil bileoga ceoil, taifeadtaí agus ábhair thacaíochta eile ar fáil saor in aisce le híoslódáil ónár leathanach tiomnaithe Ár nAmhrán/Our Anthem ar shuíomh gréasáin Cheol-Acadamh Ríoga na hÉireann, ina dtugtar cuireadh do scoileanna agus do ghrúpaí eile a spéis a léiriú roimh an 31 Márta. Cuirfear brat an AE amach chuig gach scoil a ghlacann páirt agus fáiltítear roimh scoileanna brat an AE a thaispeáint nó a ardú nuair a sheinntear an t-amhrán. Is féidir clárú agus rochtain a fháil ar an bpacáiste acmhainní ina bhfuil bileoga ceoil agus taifeadtaí ar www.RIAM.ie/EU50.

Bhí an méid seo le rá inniu ag an Tánaiste, An tAire Gnóthaí Eachtracha agus an tAire Cosanta, Micheál Martin:

"Tá an-áthas orm an comhoibriú cruthaitheach seo a sheoladh i mbliain seo an chomórtha ar ár mballraíocht leis an AE. Is deis é seo ár dtionchar dearfach ar leith inár mballraíocht san AE a cheiliúradh inár saoil. Áirítear anseo saibhreas na gcultúr atá ar fáil i scoileanna agus i sochaí na hÉireann sa lá atá inniu ann. Tá súil agam go dtabharfar spreagadh do scoileanna páirt a ghlacadh chun an chloch mhíle seo a cheiliúradh agus go nglacfaidh na scoláirí úinéireacht ar ‘Laoi do Áthas’/ ‘Ode to Joy’ mar amhrán na hEorpa."

Luaigh an tAire Oideachais, Norma Foley:

"Tugann an togra seo an deis do scoláirí a gcuid scileanna teanga, a gcruthaitheacht, a gcumas ceoil agus a saoránacht ghníomhach a thabhairt le chéile, agus iad ag baint míniú as ceol agus as focail ‘Laoi don Áthas’ agus na deiseanna a mheas a thug an AE do shochaí na hÉireann, lena n-áirítear oideachas. Táim ag súil go mór le foinn spreagúla an amhráin seo a chloisteáil le brí agus anam inár scoileanna agus inár bpobail, i mBéarla, i bhFraincis, i nGearmáinis agus in Úcráinis, agus trí réimse leathan stíleanna agus léirithe ceoil."


Nótaí

Tá Ár nAmhrán / Our Anthem EU50 mar chuid de chlár EU50 de chuid Rialtas na hÉireann chun ballraíocht na hÉireann san Aontas Eorpach a cheiliúradh.

Is comhpháirtíocht é idir an Roinn Gnóthaí Eachtracha, an Roinn Oideachais agus Ceol-Acadamh Ríoga na hÉireann.

Coimisiúnaíodh Ceol-Acadamh Ríoga na hÉireann chun rogha ábhar ilchineálach inrochtana a fhorbairt agus a chur ar fáil chun an t-amhrán a fhoghlaim agus a sheinm, lena n-áirítear cóirithe ceoil éagsúla (e.g. méarchlár, giotár, fliúit Shasanach, bannaí, grúpaí traidisiúnta, ceol gutha, córúil agus ceolfhoirneach).

Tá aistriúchán Gaeilge, Béarla agus Úcráinise ar na liricí, mar aon leis an mbunleagan Gearmáinise ar fáil freisin.

Cuirfear an togra i gcrích le léiriú beo ar an amhrán i scoileanna ar Lá na hEorpa féin, an 8-9 Bealtaine, 2023, a chuireann deis ar fáil teagmháil a dhéanamh le gach saoránach in Éirinn atá san AE i mbliain seo agus muid ag ceiliúradh 50 bliain.

Tugtar cuireadh do na scoileanna a gcuid léirithe a fhoilsiú ón 1 Bealtaine ar na meáin shóisialta faoi #ÁrnAmhránEU50, de réir mar is cuí.

Is deis é Ár nAmhrán / Our Anthem EU50 chun béim a leagan an athuair ar an ról atá ag an Aontas Eorpach i saol shaoránaigh na hEorpa, agus ar éagsúlacht chultúrtha agus teanga na hEorpa.