Conas iarratas a dhéanamh ar Shaoráil Faisnéise chuig an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála
- Foilsithe: 11 Bealtaine 2020
- An t-eolas is déanaí: 24 Eanáir 2025
An rud atá ann
Ligeann an tAcht um Shaoráil Faisnéise 2014 duit rochtain a fháil, a mhéid is féidir, ar fhaisnéis atá i seilbh na roinne. Tugann sé an ceart duit do shonraí pearsanta a bheith ceartaithe nó cothrom le dáta agus cúiseanna a fháil le cinntí a rinne an roinn a bhfuil tionchar acu ort.
Déan iarratas
- cuir isteach an t-iarratas i scríbhinn nó trí ríomhphost. Bí soiléir go leor le go dtuigfimid cad iad na taifid atá á n-iarraidh. I gcásanna nach féidir linn a thuiscint cad iad na taifid atá á n-iarraidh, cabhróimid leat na taifid atá uait a aithint
- luaigh i do litir go bhfuil an t-iarratas á dhéanamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014
- seol d’iarratas chuig:
Freedom of Information Officer
- Seoladh:
- Department of Foreign Affairs and Trade, 76/78 Harcourt Street, Dublin 2, D02 DX45
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
01 408 2077