English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Gairm ar Léirithe Spéise: Painéal Comhairleach Saineolaithe don Chiste Dúshláin Meán Éire Dhomhanda


Is é cuspóir an Chiste Dúshláin Meán Éire Dhomhandaná tacú le faisnéis faoi mhórfhorbairtí geopholaitiúla agus faoi chineál athraitheach an róil atá ag Éirinn ar domhan a sholáthar do mhuintir na hÉireann trí chabhrú le cur le hacmhainn na n-asraonta meán Éireannacha chun tuairisciú idirnáisiúnta a ghabháil de láimh, agus neamhspleáchas eagarthóireachta á chothabháil ag an am céanna.

Tá an Roinn Gnóthaí Eachtracha ag iarraidh léirithe spéise i bPainéal Comhairleach Saineolaithe (‘an Painéal’) don Chiste Dúshláin Meán Éire Dhomhanda (‘an Ciste’).

Is é cuspóir an Phainéil sin ná saineolas neamhspleách a sholáthar do rúnaíocht an Chiste agus tacú le measúnú a dhéanamh ar iarratais faoin gCiste.


Obair an Phainéil

Tacóidh an Painéal Comhairleach Saineolaithe le baint amach chuspóirí an Chiste mar atá siad leagtha amach i dTéarmaí Tagartha an Chiste, agus rannchuideoidh siad le dea-rialachas trí mheasúnú agus meastóireacht struchtúrtha a dhéanamh ar na hiarratais uile ar an gCiste a fhaightear le linn na tréimhse iarratais.

D’fhéadfadh go mbeadh ceann ar bith, nó gach ceann, de na nithe seo a leanas i gceist leis an measúnú sin

• Measúnú i scríbhinn a ullmhú ar gach iarratas, ar aon dul le Téarmaí Tagartha an Chiste;

• Cruinnithe de chuid an Phainéil Chomhairligh Saineolaithe chun oiriúnacht na n-iarratas a chinneadh agus chun fionnachtana an Phainéil a chur in iúl do Rúnaíocht an Chiste.


Comhaltas an Phainéil

Cuirfidh na ceapaithe chuig an bPainéal comhairle ar an Roinn i gcáil sheachtrach, agus ní mheasfar iad a bheith fostaithe ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha. Níl aon tuarastal ná aon teidlíochtaí pinsin ag gabháil leis an ról. Íocfar airgead oinigh le comhaltaí an phainéil ar ráta in aghaidh an lae a gceadóidh an Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe é.

Is croíphrionsabail de chuid an Chiste iad an neamhspleáchas eagarthóireachta, faisnéis tráchtála a chumhdach, agus an neamhchlaontacht fhoriomlán agus léirítear iad sin i ngach gné den phróiseas, lena n-áirítear le linn iarratais ar chistiú a mheasúnú.

Beidh oibleagáid ar chomhaltaí an Phainéil rúndacht dhocht a choinneáil ar bun maidir le hiarratais agus toirmeasctar orthu an fhaisnéis sin a nochtadh nó a úsáid chun aon chríche seachas chun iarratais a mheasúnú.

Ba cheart do dhaoine aonair a bhfuil coinbhleacht leasa fhéideartha acu an méid sin a dhearbhú i litir chumhdaigh an iarratais.


Critéir Incháilitheachta

Iarrtar léirithe spéise ó dhaoine a bhfuil cáilíochtaí oiriúnacha agus taithí ábhartha acu.

• Deich mbliana ar a laghad de thaithí ghairmiúil roimhe ar obair i réimse na meán, lena n-áirítear taithí a gnóthaíodh san iriseoireacht nó sa saol acadúil nó taithí ábhartha eile;

• Eolas taispeánta agus tuiscint thaispeánta ar thírdhreach meán na hÉireann;

• Tuiscint thaispeánta ar mhórfhorbairtí geopholaitiúla agus ar chineál athraitheach an róil atá ag Éirinn ar domhan;

• Cuntas teiste cruthaithe sa réimse saineolais ábhartha.

Is mian leis an Roinn painéal a bhunú a léiríonn raon leathan scileanna ábhartha agus saineolais ábhartha agus tá sí tiomanta do bheartas comhdheise a leanúint. Fáiltítear roimh iarratais ó iarrthóirí ar ó phobail mhionlaigh iad agus ó iarrthóirí a bhfuil éagsúlacht leathan cúlraí agus eispéireas acu.


Conas Iarratas a Dhéanamh

Ba cheart na nithe seo a leanas a bheith ar áireamh i léiriú spéise:

1. Litir chumhdaigh (dhá leathanach ar a mhéad) ina leagtar amach oiriúnacht agus taithí ábhartha an iarrthóra don ról ar aon dul leis na critéir incháilitheachta atá liostaithe thuas agus ina leagtar amach aon choinbhleacht leasa fhéideartha;

2. CV mionsonraithe.

Ba cheart iarratais a sheoladh chuig GIUMediaChallenge@dfa.ie faoi am scoir gnó an 14 Feabhra 2025.