Maoiniú faoin gClár Tacaíochta Eisimirceach
- Foilsithe: 25 Bealtaine 2018
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Soláthraítear leis an gClár Tacaíochta Eisimirceach maoiniú d'eagraíochtaí neamhbhrabúis a thugann tacaíocht don phobal Éireannach sa Bhreatain agus a dhéanann ceangal idir Éireannaigh sa Bhreatain. Is é an aidhm atá leis an gclár tacú le pobal Éireannach atá beoga, ilchineálach agus domhanda agus atá ceangailte le hÉirinn agus lena chéile.