Deirdre Hanlon
- Foilsithe: 31 Iúil 2019
- An t-eolas is déanaí: 8 Samhain 2021

Is í Deirdre Hanlon an Rúnaí Cúnta a dhéanann an sainchúram Soghluaisteachta Inbhuanaithe sa Roinn a stiúradh. Cuimsítear trí limistéar san obair seo: an earnáil iompair phoiblí (bus, iarnród, iarnród éadrom, tacsaí); taisteal gníomhach (siúl agus rothaíocht); agus dúshlán na haeráide don earnáil iompair ar talamh.
Is é príomhdhíriú fhreagracht na Roinne i measc na dtrí limistéar seo:
- creataí beartais a fhorbairt do gach limistéar, ionchur san áireamh i dtionscnaimh bheartais Rialtais níos fairsinge maidir le hábhair cosúil le gníomhú ar son na haeráide, infheistíocht i mbonneagar na hÉireann, agus pleanáil spásúlachta náisiúnta;
- tograí reachtaíochta a ullmhú, go háirithe ar mhaithe le sábháilteacht agus rialáil earnála;
- cistiú comhiomlán an Státchiste d’iompar poiblí agus do thaisteal gníomhach, thart ar €1 billiún in 2020, agus a shreabhadh a dhíriú ón Roinn go dtí na gníomhaireachtaí Stáit ábhartha;
- maoirseacht a dhéanamh ar phleananna infheistíochta iompair inbhuanaithe an Rialtais a sholáthar ag gníomhaireachtaí Stáit faoin bPlean Forbartha Náisiúnta agus Tionscadal Éireann 2040; agus
- maoirseacht rialachais a dhéanamh ar chomhlachtaí Stáit éagsúla atá bainteach san earnáil iompair phoiblí – an tÚdarás Náisiúnta Iompair, an Coimisiún um Rialáil Iarnróid, Córas Iompair Éireann, Bus Átha Cliath, Bus Éireann agus Iarnród Éireann.