AIGHNEACHTAÍ Á LORG
- Foilsithe: 6 Deireadh Fómhair 2020
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 6 Deireadh Fómhair 2020
- Dúnadh na haighneachtaí: 1 Nollaig 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Consultation is closed
ACHT NA dTEANGACHA OIFIGIÚLA 2003
DRÉACHTSCÉIM Á hULLMHÚ
AG AN ROINN IOMPAIR DON TRÉIMHSE 2021-2024
Is é príomhaidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla infhaighteacht níos fearr agus caighdeán níos airde sheirbhísí trí mheán na Gaeilge a chinntiú.
Is féidir an scéim reatha Ghaeilge na Roinne a fháil ar ár suíomh gréasáin.
De réir Alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, tá An Roinn Iompair ag ullmhú Scéim Gaeilge. Moltar go leanfaidh an Scéim don tréimhse 2021 -2024.
Tá an Roinn anois ag iarraidh aighneachtaí ó gach páirtí leasmhar maidir le hullmhú na Scéime nua.
Ba chóir aighneachtaí scríofa, i bhformáid leictreonach ab fhearr, a sheoladh.
Ar an ríomhphost, chuig: gaeilge@transport.gov.ie
Nó ar an bpost, chuig:
An tOifigeach Gaeilge
An Roinn Iompair
Lána Líosain
Baile Átha Cliath 2
D02 TR60
Roimh 5.00 i.n. 1 Nollaig 2020
Tabhair faoi deara le do thoil: Tá freagraí ar an gcomhairliúchán seo faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014.
Ba cheart faisnéis rúnda nó íogair ó thaobh na tráchtála de a shainaithint go soiléir i d’aighneacht, ach ba cheart do pháirtithe a thabhairt faoi deara freisin go bhfuil aon fhreagra nó gach freagra ar an gcomhairliúchán faoi réir fhorálacha na nAchtanna um Shaoráil Faisnéise ina n-iomláine agus féadfar í a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Roinne Iompair www.gov.ie/transport