An Dréachtstraitéis le haghaidh Sonraí a Bhaineann le Bonneagar Athluchtaithe Feithiclí Leictreacha– Comhairliúchán Poiblí
- Foilsithe: 17 Deireadh Fómhair 2024
- Dúnadh na haighneachtaí: 29 Samhain 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Achoimre
Sheol an tAire Iompair, Eamon Ryan TD, comhairliúchán poiblí inniu ar an Dréachtstraitéis le haghaidh Sonraí a Bhaineann le Bonneagar Athluchtaithe Feithiclí Leictreacha, atá ar fáil thíos lena híoslódáil.
Is é is aidhm leis an Dréachtstraitéis le haghaidh Sonraí a Bhaineann le Bonneagar Athluchtaithe Feithiclí Leictreacha ná a chinntiú go gcuireann úsáideoirí eile sonraí sonraí ardchaighdeáin ar fáil in Éirinn maidir leis an mbonneagar poiblí athluchtaithe feithiclí leictreacha.
Sa Dréachtstraitéis, déantar cur síos ar na sonraí, an bonneagar sonraí agus na beartais a theastaíonn chun tacú le húsáideoirí sonraí an bhonneagair athluchtaithe feithiclí leictreacha in Éirinn a bhfuil teacht ag an bpobal air. Déantar cur síos freisin ar an gcaoi a gcomhlíonfaimid in Éirinn na hoibleagáidí rialála a leagtar orainn le ITS agus AFIR.
Cé go leagtar amach ceanglais sonraí an AE maidir leis na cineálacha éagsúla breoslaí malartacha in AFIR, níl sé i gceist ag an straitéis seo ach an bonn a leagan síos chun na ceanglais siúd a bhaineann le bonneagar athluchtaithe feithiclí leictreacha a chomhlíonadh agus na ceanglais sin amháin.
Bíodh cead cainte agat
Tá sé i gceist ag an Aire Iompair Straitéis le haghaidh Sonraí a Bhaineann le Bonneagar Athluchtaithe Feithiclí Leictreacha a fhoilsiú go luath in 2025.
Tá cuireadh á thabhairt ag an Roinn Iompair anois do gach duine a thuairim a roinnt tríd an suirbhé poiblí a chomhlánú a ghabhann leis an dréacht-phlean. Tá an suirbhé ar fáil anseo.
Is é 5 i.n., Dé hAoine, an 29 Samhain 2024 an spriocdháta chun páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán poiblí.
An Straitéis le haghaidh Sonraí a Bhaineann le Bonneagar Athluchtaithe Feithiclí Leictreacha
Gheobhaidh tú thíos:
• An Dréachtstraitéis le haghaidh Sonraí a Bhaineann le Bonneagar Athluchtaithe Feithiclí Leictreacha – Leagan Béarla
• An Dréachtstraitéis le haghaidh Sonraí a Bhaineann le Bonneagar Athluchtaithe Feithiclí Leictreacha – Leagan Gaeilge
Téarmaí agus Coinníollacha
Cuirtear in iúl do fhreagróirí go bhfuil an Roinn faoi réir an Achta um Shaoráil Faisnéise, 2014, Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol), 2007-2014 agus na reachtaíochta um Chosaint Sonraí.
Níor cheart faisnéis phearsanta ná rúnda ná faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de a áireamh i do fhreagra, agus glacfar leis gur ceadmhach gach faisnéis atá sa fhreagra a scaoileadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014.
A ndéanfaimid le do fhreagra
Déanfaidh ZEVI athbhreithniú ar na freagraí tar éis an chomhairliúcháin.
Déanfar na príomhthéamaí a thiocfaidh chun cinn ó fhreagraí an phobail a bhreithniú go cúramach sa doiciméad deiridh. Táthar ag súil go bhfoilseofar an Plean ar láithreán gréasáin an Rialtais go luath in 2025.
Tabhair faoi deara, cé go bhfuil freagraí gan ainm, go mbeidh siad, mar aon le haon aighneachtaí a sheolfar chuig an seoladh ríomhphoist thuas, faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise agus na reachtaíochta um Chosaint Sonraí.
Faisnéis faoi phríobháideachas
• Is comhairliúchán poiblí é seo agus tá feidhm ag an Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014 agus ag an reachtaíocht um Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol (RFC) i dtaca leis.
• Chun príobháideacht a chinntiú, déanfar aon fhaisnéis phearsanta a thugann tú don roinn seo a chosaint faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, 2016/67 agus faoin Acht um Chosaint Sonraí, 2018.
• Is féidir ráiteas príobháideachais na Roinne a léamh anseo .
• Is féidir breathnú ar leathanach Cosanta Sonraí na Roinne anseo , áit a leagtar amach conas agus cathain a bhailíonn an Roinn sonraí pearsanta, an fáth a mbailítear iad, agus céard a dhéantar leis an bhfaisnéis sin. Mínítear ann freisin do chearta maidir le bailiú faisnéise pearsanta agus conas is féidir na cearta sin a fheidhmiú.
Tuilleadh faisnéise
Tá faisnéis faoi sheirbhísí a sholáthraíonn an Roinn Iompair ar fáil ag: gov.ie - An Roinn Iompair Item was unpublished or removed