English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Athbhreithniú ar na Struchtúir Eagrúcháin Reatha atá mar Bhunús ag Imscrúdú Taismí Muirí in Éirinn i gcomhthéacs oibleagáidí náisiúnta, AE agus idirnáisiúnta

  • Ó: An Roinn Iompair

  • Foilsithe: 20 Aibreán 2021
  • oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 29 Márta 2021
  • Dúnadh na haighneachtaí: 14 Bealtaine 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Consultation is closed

D'fhostaigh an Roinn Iompair (“an Roinn”) soláthraí le déanaí chun athbhreithniú neamhspleách a dhéanamh ar na struchtúir eagraíochtúla reatha atá ag buntacú don imscrúdú ar thaismí muirí in Éirinn.

Is é príomhchuspóir an athbhreithnithe ná:

  • measúnú a dhéanamh ar na struchtúir eagraíochtúla atá ann faoi láthair maidir le himscrúdú ar thaismeach muirí in Éirinn; agus
  • aon mholtaí a leagan amach i dtuarascáil don Aire Iompair, lena n-áirítear maidir le hathrú, chun na struchtúir imscrúdaithe ar thaismí muirí is oiriúnaí agus is éifeachtaí a bhaint amach d’Éirinn, ag cur san áireamh oibleagáidí náisiúnta, AE agus idirnáisiúnta.

Mar chuid den phróiseas athbhreithnithe, lorgaíonn an Roinn anois aighneachtaí i scríbhinn ó pháirtithe leasmhara ar ábhair a bhaineann leis an athbhreithniú. Beidh na haighneachtaí a gheofar mar ionchur san athbhreithniú. Ba cheart aighneachtaí a sheoladh le ríomhphost ar nó roimh 5pm, 14 Bealtaine 2021 chuig maritimesafetypolicydivision@transport.gov.ie .

Is féidir ceisteanna a chur chuig an seoladh ríomhphoist seo freisin. De bharr socruithe leanúnacha cian-oibre atá i bhfeidhm, ní ghlacfaimid ach le haighneachtaí trí ríomhphost.

Tá tuilleadh eolais ar an athbhreithniú le fáil sa doiciméad comhairliúcháin a ghabhann leis seo.

Review of Marine Casualty Investigation in Ireland in the context of national, EU and international obligations.
Uploaded 20 April
Amharc amharc