Athbhreithniú Straitéiseach Iarnróid Uile-Oileáin
- Foilsithe: 29 Samhain 2021
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 29 Samhain 2021
- Dúnadh na haighneachtaí: 21 Eanáir 2022
- An t-eolas is déanaí: 14 Feabhra 2023
Consultation is closed
Achoimre
D’fhoilsigh Eamon Ryan, T.D., an tAire Iompair agus Nichola Mallon MLA, an tAire Bonneagair, Páipéar le haghaidh comhairliúcháin phoiblí.
An fáth go bhfuil comhairliúchán á sheoladh againn
Iarrann an tAire Iompair, i gcomhpháirtíocht leis an Aire Bonneagair, ar pháirtithe leasmhara aighneachtaí a sholáthar maidir le todhchaí an iompair ar iarnróid ar oileán na hÉireann mar chuid d’Athbhreithniú Straitéiseach Iarnróid Uile-Oileáin.
Breathnóimid san Athbhreithniú seo ar an gcaoi is féidir feabhas a chur ar an ngréasán iarnróid ar oileán na hÉireann chun nascacht inbhuanaithe a chur chun cinn sna cathracha móra agus idir na cathracha sin, inrochtaineacht réigiúnach a fheabhsú agus tacú le forbairt réigiúnach chothromaithe. Breathnóimid freisin san Athbhreithniú seo ar an gcaoi a n-úsáidtear na hiarnróid, conas a d’fhéadfaí iad a úsáid amach anseo agus conas is féidir an gréasán a fhorbairt chun freastal ar phobal oileán na hÉireann agus chun cuspóirí beartais a bhaint amach.
Príomhghné den Athbhreithniú is ea léargas a fháil ó pháirtithe leasmhara agus ón bpobal i gcoitinne. D’fhéadfadh an léargas seo luach suntasach a chur leis an athbhreithniú, toisc go gcuirfidh sé bonn eolais faoi chomhthéacs beartais níos leithne an tionscadail.
Conas páirt a ghlacadh
Iarrtar ar an bpobal ar spéis leo an comharliúchán seo dul chuig www.strategicrailreview.com áit ar féidir eolas a fháil ar na cuspóirí beartais atá mar bhonn leis an Athbhreithniú. Tríd an suíomh gréasáin, is féidir leis an bpobal ‘Páirt a ghlacadh’ ach freagra a thabhairt ar roinnt mórcheisteanna agus aon fhaisnéis bhreise a thabhairt a d’fhéadfadh a bheith ábhartha don Athbhreithniú.
Tabhair faoi deara le do thoil, tá an fhaisnéis ar fáil i nGaeilge agus mar leagan Inrochtana do léitheoirí scáileáin agus táibléad. Le haghaidh tuilleadh cúnaimh téigh i dteagmháil le strategrailreview@arup.com
Is é an dáta deiridh chun aighneachtaí a fháil ná 5pm Dé hAoine 21 Eanáir 2022.
Paipéar Comhairliúcháin
Téarmaí agus Coinníollacha
Cuirtear in iúl do fhreagróirí go bhfuil an Roinn faoi réir an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014, agus Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis ar an gComhshaol) 2007-2014, agus na reachtaíochta um Chosaint Sonraí.
Níor cheart faisnéis phearsanta, rúnda nó íogair ó thaobh na tráchtála de a chur i d’aighneacht, agus toimhdeofar go bhféadfar gach faisnéis atá i d’aighneacht a scaoileadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014.
Cad a dhéanfaimid le do fhreagra
Cuirfidh na freagraí bonn eolais faoin Staidéar Athbhreithnithe maidir leis an iompar ar iarnród atá á dhéanamh ag na comhairleoirí ceaptha, Arup, sa mhéid a bhaineann le roghanna a bhreithniú.
Tabhair faoi deara le do thoil go gcuirfear aighneachtaí a gheofar ar fáil ar shuíomh gréasáin an Rialtais. Ar aon chaoi, beidh gach aighneacht a gheofar faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise agus na reachtaíochta um Chosaint Sonraí
Faisnéis maidir le príobháideachas
- Is comhairliúchán poiblí atá i gceist anseo agus tá feidhm ag an Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014 agus ag an reachtaíocht maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol
- Chun príobháideachas a áirithiú, déanfar aon fhaisnéis phearsanta a roinneann tú leis an Roinn seo a chosaint faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí 2016/67 agus faoin Acht um Chosaint Sonraí, 1988.
- Is féidir leat ráiteas príobháideachais na Roinne a léamh anseo.
- Féadfaidh an Roinn torthaí athbhreithnithe agus aighneachtaí arna bhfáil faoin chomhairliúchán seo a fhoilsiú ar www.gov.ie. Féadfaidh an Roinn inneachar na n-aighneachtaí go léir a fuarthas sa chomhairliúchán seo a fhoilsiú ar ár suíomh gréasáin, www.gov.ie. Déanfaimid faisnéis phearsanta a fholú sula bhfoilseofar na torthaí sin. Agus iad ag freagairt don chomhairliúchán seo, ba cheart do pháirtithe a chur in iúl go soiléir cén áit ina gcuid freagraí ina bhfuil faisnéis phearsanta, faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de nó faisnéis rúnda nár mhian leo a nochtadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise ná faoin reachtaíocht maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol ná a fhoilsiú ar shlí eile.
- Féadfar liosta iomlán díobh siúd a dhéanann aighneachtaí a chur mar aguisín leis an tuairisc a ghabhann leis an gcomhairliúchán seo. Bainfear aon sonraí pearsanta.
- Coinneofar aighneachtaí go dtí go mbeidh deireadh leis an bpróiseas athbhreithnithe agus le cur i bhfeidhm aon mholtaí arna nglacadh.
- Is féidir leat féachaint ar leathanach na Roinne maidir le Cosaint Sonraí anseo áit a thugtar breac-chuntas ar conas agus cathain a bhailíonn an Roinn sonraí pearsanta, cén fáth a mbailítear iad agus an chaoi a gcaitear leis an bhfaisnéis sin. Tugtar míniú ann freisin ar do chearta maidir le faisnéis phearsanta a bhailiú agus conas is féidir leat na cearta sin a fheidhmiú.
Tuilleadh eolais
Tá faisnéis faoi na seirbhísí a sholáthraíonn an Roinn Iompair ar fáil ag: gov.ie - Department of Transport (www.gov.ie)