English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Beartas maidir le Breoslaí In-athnuaite Iompair 2025-2027

  • Ó: An Roinn Iompair

  • Foilsithe: 4 Nollaig 2024
  • oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 4 Nollaig 2024
  • Dúnadh na haighneachtaí: 24 Eanáir 2025
  • An t-eolas is déanaí: 16 Aibreán 2025

Consultation is closed

Baineann an comhairliúchán seo leis an gcéad atriall eile den Bheartas maidir le Breoslaí In-athnuaite Iompair 2025-2027, lena n-áirítear an t-aistriú go fuinneamh in-athnuaite agus conair pholasaí a leagan amach le haghaidh seachadta na sprice a leagtar amach sa Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide mar a aontaíodh ag an Rialtas, maraon leis na spriocanna agus na riachtanais faoin dTreor um Fhuinneamh In-athnuaite.

Tugann An tAire Iompair, Eamon Ryan TD, cuireadh duit do thuairimí a chur in iúl i dtaca leis na tosaíochtaí, roghanna, deiseanna, agus dúshláin a leagtar amach sa chomhairliúchán seo.

Is féidir aighneachtaí a chur:

Tríd ár bhfoirm ar-líne

Trí ríomhphost ag: rtfp@transport.gov.ie

Is é an dáta deireanach d’aighneachtaí ná 17 Eanáir 2025.

Eochaireilimintí atá sa Dréacht-Ráiteas Beartais.

Baineann na téamaí sa dréacht-ráiteas beartais le:

• Breithnithe d’fhorbairt agus do chur i bhfeidhm an Bheartais maidir le Breoslaí In-athnuaite Iompair 2025-2027.

• Tosaíochtaí beartais don dhá bhliain dár gcionn maidir le breoslaí in-athnuaite san iompar a chur i bhfeidhm.

• Conair na hOibleagáide maidir le Breoslaí In-athnuaite 2026-2030.

• Taighde riachtanach chun tacú leis an gcéad chéim eile den bheartas.

Céard a dhéanfaimid le do fhreagra?

• Déanfaidh an Rannóg um Oiriúnú Aeráide, Taighde, agus Fuinneamh den Roinn Iompair athbhreithniú ar na freagraí chun eolas a thabhairt d’fhorbairt an Bheartais maidir le Breoslaí In-athnuaite Iompair 2025-2027.

Eolas Príobháideachais

• Is comhairliúchán poiblí é seo, agus mar sin baineann An tAcht um Shaoráil Faisnéise 2014 agus an reachtaíocht maidir le Rochtain ar Eolas faoin Timpeallacht leis.

• Chun príobháideachas a chinntiú, cothófar aon eolas a thugann tú don Roinn seo faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí 2016/679 agus an tAcht um Chosaint Sonraí 2018.

• Is féidir ráiteas príobháideachais na Roinne a léamh anseo.

• Féadfaidh an Roinn na haighneachtaí a fhaightear i leith an chomhairliúcháin seo a fhoilsiú ag www.gov.ie. Ní chóir faisnéis phearsanta, iontaofa nó eolas atá íogair ó thaobh na tráchtála de a bheith san áireamh i d’aighneacht.

• Féadfaidh liosta iomlán dóibh siúd a dhéanann aighneachtaí a bheith san áireamh mar aguisín sa tuarascáil ar an gcomhairliúchán. Bainfear amach aon faisnéis phearsanta.

• Coinneofar aighneachtaí go dtí go bhfuil an próiseas athbhreithnithe agus cur i bhfeidhm aon mholtaí aontaithe tugtha chun crích.

• Is féidir amharc ar Leathanach um Chosaint Sonraí na Roinne a leagann amach cathain agus conas a bhailíonn an Roinn sonraí pearsanta, cén fáth a bhailítear é agus conas a phléitear leis an bhfaisnéis. Mínítear, freisin, do chearta i dtaca le faisnéis phearsanta a bhailiú agus conas gur féidir leat na cearta sin a chleachtadh.

Renewable Transport Fuel Policy Consultation Paper
Amharc amharc