Comhairliúchán ar athbhreithniú ar an gCód Cleachtais chun Árthaí Áineasa a Oibriú go Sábháilte
- Foilsithe: 10 Samhain 2022
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 10 Samhain 2022
- Dúnadh na haighneachtaí: 9 Nollaig 2022
- An t-eolas is déanaí: 22 Samhain 2022
Consultation is closed
Tá an Roinn Iompair ag tabhairt faoi athbhreithniú agus nuashonrú ar an gCód Cleachtais chun Árthaí Áineasa a Oibriú go Sábháilte ag féachaint le heagrán athbhreithnithe a chur ar fáil in 2023. Foinse thábhachtach d’fhaisnéis reachtaíochta, comhairle sábháilteachta agus treoir oibríochtúil dhea-chleachtais atá sa Chód Cleachtais le haghaidh úinéirí, oibritheoirí agus úsáideoirí réimse árthaí áineasa atá á n-úsáid in uiscí cósta agus uiscí intíre na hÉireann. Mar chuid den athbhreithniú tá próiseas comhairliúcháin curtha ar bun ag an Roinn agus táthar ag lorg aighneachtaí ó pháirtithe leasmhara.
Breathnófar ar ábhar, struchtúr agus dearadh an Chóid Cleachtais le linn an athbhreithnithe agus beifear ag lorg tuairimí maidir leis an ábhar atá ann faoi láthair, bealaí le go mbeidh tuiscint níos fearr ag úsáideoirí deiridh ar an ábhar, idir chur i láthair agus leagan amach, agus moltaí le haghaidh ábhar nua. Tá an Roinn ag fiosrú bealaí le go mbeidh níos mó daoine ar an eolas gurb ann don Chód Cleachtais i measc na ndaoine siúd a bhíonn ag plé le imeachtaí le hárthaí áineasa ar an uisce.
Tá Fógra Muirí Uimh 75 de 2022foilsithe ag an Roinn i dtaca leis an athbhreithniú ina bhfuil liosta ceisteanna a bheadh ina chuidiú acu siúd ar mian leo aighneacht a dhéanamh leis an Roinn mar chuid den athbhreithniú. Anseo thíos tá cóip den Chód Cleachtais, Eagrán 2017, chomh maith le liosta de na nuashonruithe atá déanta ar an gCód ó 2017 i leith.
Páirt a ghlacadh
Táthar ag lorg aighneachtaí ar an bpróiseas athbhreithnithe ó pháirtithe leasmhara. An seoladh ríomhphoist atá ann ná CodeofPracticeReview2022@transport.gov.ie agus ba chóir “Cód Cleachtais - CA” a scríobh i líne an ábhair. Is féidir aighneachtaí a chur sa phost chomh maith chuig an Rannán Beartas um Shábháilteacht Muirí, an Roinn Iompair, Lána Líosain, Baile Átha Cliath 2, D02 TR60.
An dáta deiridh a nglacfar le haighneachtaí ná an 9 Nollaig 2022 ar 5 i.n.