English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán ar Dhlisteanú agus Cur i bhFeidhm an Choinbhinsiúin maidir le hObair san Iascaireacht, 2007

  • Ó: An Roinn Iompair

  • Foilsithe: 20 Márta 2025
  • oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 20 Márta 2025
  • Dúnadh na haighneachtaí: 30 Bealtaine 2025
  • An t-eolas is déanaí: 21 Márta 2025

Consultation is open

Tá an Roinn Iompair ag tabhairt faoi chomhairliúchán poiblí ar dhaingniú agus ar chur i bhfeidhm an Choinbhinsiúin maidir le hObair in Iascaireacht, 2007 (Coinbhinsiún WIF). Tá sé mar aidhm ag an gCoinbhinsiún dálaí oibre agus maireachtála cuibhiúla a chinntiú d’iascairí maidir le bunriachtanais i leith oibre ar árthacha iascaireachta, coinníollacha seirbhíse, beatha agus lóistín, cosaint i dtaca le sábháilteacht agus sláinte cheirde, cúram leighis agus slándáil shóisialach. Cé go bhfuil an chuid is mó d'fhorálacha an Choinbhinsiúin i bhfeidhm in Éireann cheana féin, ní hé sin an cás le roinnt eile acu. Le daingniú an Choinbhinsiúin, ligfear dúinn na forálacha ar fad a chur i bhfeidhm.

Tá, thíos, doiciméad comhairliúcháin a leagann amach sonraí faoin gCoinbhinsiún WIF. In Aguisín 1 leagtar amach an chaoi ina gcuirtear an Coinbhinsiún i bhfeidhm in Éirinn faoi láthair. In Aguisín 2 tá tábla ina leagtar amach forálacha ar fad an Choinbhinsiúin WIF, an chaoi a ndéantar foráil dóibh faoi láthair i ndlí na hÉireann, agus an chaoi atá beartaithe againn foráil a dhéanamh dóibh nuair a bheidh an Coinbhinsiún daingnithe.

Conas páirt a ghlacadh

Iarraimid ar pháirtithe a bhfuil suim acu an doiciméad comhairliúcháin a léamh agus a gcuid tuairimí a sheoladh chugainn. Tá suim ar leith againn i dtuairimí iad siúd atá ag obair i dtionscal na hiascaireachta, fostóirí agus iascairí araon. Moltar dóibh siúd, atá ina n-oibritheoirí ar árthacha iascaireachta níos lú ná 15 méadar, a gcuid tuairimí a chur isteach, de bharr go dtagann na hárthacha sin faoi scóip an Choinbhinsiúin WIF. Fáilteofar go háirithe roimh thuairimí ó oibritheoirí ó ghnóthais bheaga agus mheánmhéide san earnáil.

Is féidir aighneachtaí a chur ar ríomhphost chuig: MaritimeSafetyPolicyDivision@transport.gov.ie, le “Comhairliúchán maidir le hObair in Iascaireacht” i líne an ábhair. Seachas sin, is féidir aighneachtaí a chur sa phost go dtí an seoladh seo:

An Rannán um Beartais um Shábháilteacht Mhuirí

An Roinn Iompair

Lána Líosain

Baile Átha Cliath 2

D02 TR60.

Is é an dáta deiridh chun aighneachtaí a fháil ná 5in Dé hAoine, 30 Bealtaine 2025.

Comhairliúchán ar Dhlisteanú agus Cur i bhFeidhm an Choinbhinsiúin maidir le hObair san Iascaireacht, 2007
Amharc amharc