English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán ar Dhréacht-Ráiteas an Bheartais maidir le Breosla Iompar In-athnuaite 2023-2025

  • Ó: An Roinn Iompair

  • Foilsithe: 21 Márta 2023
  • oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 21 Márta 2023
  • Dúnadh na haighneachtaí: 26 Bealtaine 2023
  • An t-eolas is déanaí: 16 Aibreán 2025

Consultation is closed

Leagtar amach sa Bheartas Breosla Iompar In-athnuaite an bealach chun spriocanna na bithbhreosla a bhaint amach i bPlean Gníomhaíochta ar son na hAeráide na hÉireann d'earnáil an iompair, a chuirfidh laghdú suntasach ar astuithe an CO2 ar fáil sa deich mbliain atá romhainn.

Cuireann dréacht-Ráiteas an Bheartas Breosla an Iompair In-athnuaite 2023-2025 leis an rannpháirtíocht leis na geallsealbhóirí trí chomhairliúchán scríofa, trí sheimineáir gréasáin agus trí chruinnithe thar thréimhse na mblianta 2021-2023. Baineann sé freisin ó thorthaí agus ó mholtaí an staidéir faoin mbithbhreosla a foilsíodh sa bhliain 2022

Baineann dréachtráiteas an bheartais le soláthar na mbreoslaí iompair in-athnuaite agus le tacar na ngníomhaíochtaí atá beartaithe thar an dá bhliain atá romhainn maidir le dualgais breosla an iompair in-athnuaite (RTFO) chun tuilleadh fuinnimh in-athnuaite a bhaint amach in earnáil an iompar i gcomhréir leis na ceanglais Eorpacha agus le cuspóirí náisiúnta na gníomhaíochta ar son na haeráide.

Tá sé beartaithe cinnteacht an bheartais a chur ar fail don na hoibreoirí ábhartha sa gheilleagair agus do phríomh-gheallsealbhóirí seachadadh spriocanna laghdaithe na n-astaíochtaí in earnáil an iompair.

Reáchtáil an Roinn imeacht comhairliúcháin ar an 24 Feabhra 2023 inar leagadh amach na príomhthéamaí agus na príomhbhearta atá le cur isteach i ndréachtráiteas an bheartais don dá bhliain atá romhainn.

Príomhghnéithe Dréacht-Ráiteas an Bheartais

Baineann téamaí dréachtráiteas an bheartais den chuid is mó le:

• athbhreithniú ar raon feidhme Dualgais Breosla an Iompair In-athnuaite

• spriocanna agus teorainn rátaí an dualgais

• tacaíocht a thabhairt don chomhlíontacht

• athbhreithniú leanúnach ar an bhfianaise agus ar an taighde a thacaíonn leis an mbeartas

Tá tuairimí á lorg ag an Roinn Iompair anois maidir le Dréacht-Ráiteas Beartas Breosla an Iompair In-athnuaite 2023-2025. In éineacht leis dréachtráiteas an bheartais tá teimpléad freagartha ina bhfuil saincheisteanna an comhairliúcháin i bhformáid a éascaíonn ionchur scríofa ó gheallsealbhóirí.

Is féidir aighneachtaí a dhéanamh ag:

foirm ar líne (cuir an nasc isteach anseo)

rPhost chuig climateadaptationresearch&energydivision@transport.gov.ie

Sé an dáta deiridh le haghaidh aighneachtaí a dhéanamh ná 5in ar an 26 Bealtaine 2023

Téarmaí agus Coinníollacha

Cuirtear in iúl d'fhreagróirí go bhfuil an Roinn faoi réir an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014, Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol) 2007-2014, agus na reachtaíochta um Chosaint na Sonraí. Ní cheart faisnéis phearsanta, rúnda nó íogair ó thaobh na tráchtála de a chur san áireamh i d’aighneacht, agus ceapfar go bhfuil gach faisnéis atá i d’aighneacht saor le heisiúint faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014.

Cad a dhéanfaimid le d'fhreagra

Cuirfidh na freagraí treoir ar fáil don chomhairliúchán ar an mBeartas maidir le Breosla Iompar In-athnuaite atá ar bun ag an Roinn Iompair, i dtéarmaí breithniú a dhéanamh na roghanna. Tabhair faoi deara go bhféadfaí na haighneachtaí a bhfaightear a chur ar fáil ar shuíomh Gréasáin an Rialtais. Ar aon nós, beidh gach aighneacht a gheofar faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise agus na reachtaíochta um Chosaint na Sonraí.

Faisnéis faoin bPríobháideacht

• Is comhairliúchán poiblí é seo, agus tá feidhm ag an Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 agus ag an reachtaíocht um Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol (RFC).

• D'fhonn na príobháideachta a chinntiú, déanfar gach faisnéis phearsanta a thugtar don roinn seo a chosaint faoin Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí 2016/67 agus faoin Acht um Chosaint Sonraí 2018.

• Is féidir leat ráiteas príobháideachais na Roinne a léamh anseo.

• Is féidir leis an Roinn torthaí na hathbhreithnithe agus na n-aighneachtaí a fuarthas faoin gcomhairliúchán seo a fhoilsiú ar www.gov.ie. Is féidir leis an Roinn ábhar gach aighneachta a fuarthas don chomhairliúchán seo a fhoilsiú ar ár suíomh Gréasáin ag www.gov.ie. Déanfaimid gach sonraí pearsanta a bhaint amach roimh fhoilsiú. Agus iad ag freagairt ar an gcomhairliúchán seo, ba cheart do gach páirti a léiriú go soiléir cén fhaisnéis phearsanta, cén fhaisnéis íogair ó thaobh na tráchtála de, nó cén fhaisnéis rúnda atá ina gcuid freagraí nár mhaith leo á scaolieadh faoi Shaoráil Faisnéise, RFC nó le foilsiú ar bhealach eile.

• Is féidir liosta iomlán iad siúd a rinne aighneachtaí a chur mar aguisín le tuarascáil an chomhairliúchán. Bainfear gach sonraí pearsanta di.

• Coimeádfar na haighneachtaí go dtí go mbeidh próiseas an athbhreithnithe agus feidhmiú na moltaí lena nglactar leo curtha i gcrích.

• Is féidir leat féachaint ar leathanach Cosanta Sonraí na Roinne ina leagtar amach conas agus cathain a bhailíonn an Roinn sonraí pearsanta, cén fáth a mbailítear iad agus conas a dhéileáiltear leis an bhfaisnéis. Míníonn sé freisin na cearta agat maidir le bailiú na faisnéise pearsanta agus conas is féidir leat na cearta sin a fheidhmiú.

toradh an chomhairliúcháin

Submissions received on the draft Renewable Transport Fuel Policy Statement 2023-2025
Amharc amharc
Summary Report on the Draft Renewable Transport Fuel Policy Statement 2023-2025
Amharc amharc