English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán ar dhréacht-rialacháin atá le déanamh faoi Chuid 5A den Acht um an nGníomhaireacht Chúltaca Ola Náisiúnta

  • Ó: An Roinn Iompair

  • Foilsithe: 3 Márta 2023
  • oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 3 Márta 2023
  • Dúnadh na haighneachtaí: 30 Márta 2023
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Consultation is closed

Tá aighneachtaí á lorg ag an Aire Iompair maidir le

• dréacht-rialacháin chun a údarú don nGníomhaireacht Chúltaca Ola Náisiúnta chun deimhnithe oibleagáide breosla iompair in-athnuaite breise a eisiúint le haghaidh breoslaí iompair in-athnuaite sonraithe, i gcás ina n-úsáidtear na breoslaí sin chun críocha sonracha nó modhanna sonracha iompair, chun soláthar na mbreoslaí iompair in-athnuaite sin a dhreasú

• dréacht-rialacháin chun an céatadán íosta toirte eatánóil a bheidh le cumasc le peitreal a chuirtear ar an margadh trína dhíol nó ar shlí eile sa Stát ag sealbhóirí cuntais oibleagáide breosla iompair in-athnuaite a shonrú

Comhairliúchán Reachtúil ar dhréacht-Rialacháin

Tá sprioc sa Phlean Gníomhaíochta ar son na hAeráide agus sa Ráiteas Beartais maidir le Breoslaí In-athnuaite d’Iompar 2021-2023 chun comhréir chumasc na mbithbhreoslaí i mbreosla iontaise iompair de bhóthar a ardú go B20 ar a laghad (coibhéis bithdhíosail) i ndíosal agus E10 (Eatánól) i bpeitreal mar chuid de bhearta dícharbónaithe na hearnála iompair chun laghdú 51% ar astaíochtaí carbóin a bhaint amach faoi 2030. Is iad na spriocanna eatramhacha do chumasc bithbhreosla sa Phlean Gnímhaíochta ar son na hAeráide ná B12 (coibhéis bithdhíosail) ar a laghad i ndíosal agus E10 (Eatánól) i bpeitreal.

Ina theannta sin, leagann an Plean Gníomhaíochta ar son na hAeráide spriocanna uaillmhianacha amach maidir le bithmheatán agus hidrigin ghlas a thabharfaidh aghaidh ar riachtanais tomhaltais fuinnimh in-athnuaite trasearnála amach anseo a d’fhéadfadh a bheith ann, mar shampla, chun dícharbonú iompair a bhaint amach sa todhchaí in earnálacha atá deacair le maolú amhail in iompar HDV nó mar bhunábhar sa todhchaí do bhreoslaí sintéiseacha san eitlíocht nó san iompar muirí.

Molann an Ráiteas Beartais maidir le Breoslaí In-athnuaite le haghaidh Iompair 2021-2023 dreasachtaí chun breoslaí iompair in-athnuaite áirithe a sholáthar atá ag teacht le spriocanna an Phlean Gníomhaíochta Aeráide, mar atá leagtha amach sna dréacht-Rialacháin faoin gcomhairliúchán seo.

Tá sé beartaithe ag an Aire Iompair rialacháin a dhéanamh faoi Chuid 5A de Na hAchtanna um an nGníomhaireacht Chúltaca Ola Náisiúnta 2007 agus 2023:

(i) Na Rialacháin fán Acht um an nGníomhaireacht Chúltaca Ola Náisiúnta 2007 (Deimhnithe Breise um Oibleagáid Breosla Iompair In-athnuaite), atá le déanamh faoi alt 44G(1B) d’Acht 2007.

Additional Certificates RTF Draft Regulations 2023
Amharc amharc

Údarófar leis an Rialachán seo don Ghníomhaireacht Chúltaca Ola Náisiúnta deimhnithe oibleagáide breosla iompair breise a eisiúint do bhreoslaí iompair in-athnuaite sonraithe agus i gcás ina n-úsáidtear na breoslaí sin chun críocha sonracha nó modhanna sonracha iompair, chun soláthar na mbreoslaí iompair in-athnuaite seo a dhreasú. Áirítear leis na breoslaí iompair in-athnuaite a shonraítear, Ola phlandúil hidriginithe (HVO), bithmheatán, hidrigin ghlas, agus breoslaí iompair in-athnuaite a úsáidtear san eitlíocht agus ar muir.

(ii) Na Rialacháin fán Acht um an nGníomhaireacht Chúltaca Ola Náisiúnta 2007 (Céatadán Íosta Eatánóil i bPeitreal), atá le déanamh faoi alt 44GA d’Acht 2007.

Minimum Percentage Volume of Renewable Transport Fuel in Petrol Draft Regulations 2023
Amharc amharc

Sonrófar leis an Rialachán seo íosmhéid an eatánóil a bheidh le cumasc le peitreal a chuirtear ar an margadh trína dhíol nó ar shlí eile sa Stát ag sealbhóirí cuntais oibleagáide breosla iompair in-athnuaite. I gcomhréir leis an athrú go E10 sa Ríocht Aontaithe (i 2021) agus i dTuaisceart Éirann (i 2022), sonróƒar sa Rialachán an t-íosmhéid eatánóil 5.5% i bpeitreal.

Mar a fhoráiltear faoin Acht, tar éis comhairliúcháin ar na dréacht-Rialacháin agus breithniú ar fhreagraí, féadfaidh an tAire na rialacháin a dhéanamh ag féachaint d’éifeachtaí na rialachán ar raon ábhar a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíochta sa Stát agus ar an gComhshaol.

Nuair a bheidh na rialacháin déanta, is féidir leis an Aire na rialacháin a athbhreithniú agus a choigeartú le himeacht ama. Tá sé i gceist go ndéanfar athbhreithniú ar na rialacháin seo laistigh de chomhthéacs fhorbairt agus chur i bhfeidhm an bheartais breosla iompair in-athnuaite.

Ceanglaítear ar an Aire Iompair comhairliúchán poiblí a thionól ar feadh 28 lá ar gach dréacht-rialachán. Ba cheart aighneacht scríofa a chur faoi bhráid na Roinne Iompair ag

climateadaptationresearch&energydivision@transport.gov.ie

faoi 5in Déardaoin, 30 Márta 2023