Comhairliúchán ar na Rialacháin atá Beartaithe maidir le Deimhnithe Inniúlachta d’Oifigigh atá ag obair ar bord Soithí Iascaireachta
- Foilsithe: 9 Nollaig 2022
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 7 Nollaig 2022
- Dúnadh na haighneachtaí: 31 Eanáir 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Consultation is closed
Tá comhairliúchán á dhéanamh ag an Roinn Iompair maidir le hathbhreithniú ar na Rialacháin um Shoithí Iascaireachta (Deimhniúchán Oifigeach Léibhinn agus Oifigeach Innealtóireachta), 1988 (I.R. Uimh. 289 de 1988I.R. Uimh. 289 de 1988), mar aon leis na rialacháin lenar leasaíodh iad. Tá sé i gceist sraith nua rialachán a ullmhú lena gcúlghairfear rialacháin 1988. Tiocfaidh na rialacháin nua in ionad na sean‑rialacháin ansin.
Cosúil le rialacháin 1988, beidh feidhm ag na rialacháin nua maidir le hiascairí ar bord soithí iascaireachta atá 15m ar fad ar an iomlán nó os a chionn, chomh maith le hiascairí ar bord soithí iascaigh taighde rialtais. Is féidir achoimre a dhéanamh ar na príomh‑mholtaí mar seo a leanas:
• Cáilíocht mar Scipéir (Teoranta) <24m a chur in ionad na cáilíochta mar an Dara Duine den Chriú (Speisialta).
• Dáta éaga 5 bliana a lua le gach deimhniú inniúlachta.
• Beidh athdheimhniú gach 5 bliana ag brath ar dhul faoi oiliúint choimhdeach nuashonraithe sa Teicnící Pearsanta chun Teacht Slán, sa Chosc agus Comhrac Dóiteáin agus san Ard‑Chomhrac Dóiteáin.
• Scor de Dheimhnithe Seirbhíse a eisiúint ach leanúint de na cinn atá eisithe cheana a aithint.
• An tOrdú Loingis Cheannaíochta (Aitheantas ar Dheimhnithe Inniúlachta na Breataine), 1995 a chúlghairm, rud a cheadaítí dúinn Deimhnithe Inniúlachta na Ríochta Aontaithe a aithint go huathoibríoch. Ina ionad sin, tá sé beartaithe iallach a chur ar iascairí atá ag obair ar bord soithí iascaireachta Éireannacha a bhfuil deimhniú acu ón Ríocht Aontaithe iarratas a dhéanamh chuig Oifig na Suirbhéireachta Muirí ar dheimhniú inniúlachta coibhéisí. Tá sé i gceist againn go mbeadh idirthréimhse 3 bliana ann ar lena linn a gcaithfidís an t‑iarratas a dhéanamh. Tar éis na hidirthréimhse 3 bliana, ní cheadófar dóibh a bheith ag obair ar shoitheach iascaireachta Éireannach gan an deimhniú inniúlachta coibhéisí a bheith acu.
• Na rialacháin a nuashonrú chun Rialacháin ón AE maidir le haithint cáilíochtaí gairmiúla a chur san áireamh agus chun ceadú dúinn deimhnithe ó thríú tíortha a aithint, lena n-áirítear iad siúd a eisítear faoi STCW-F.
Tá tuilleadh sonraí faoi na moltaí le haghaidh na rialachán nua um dheimhniú soithí iascaireachta leagtha amach i bhFógra Muirí Uimh. 83 de 2022 bhFógra Muirí Uimh. 83 de 2022.
Iarrtar ar pháirtithe leasmhara a gcuid tuairimí maidir leis na rialacháin nua atá beartaithe a chur faoi bhráid na Roinne Iompair tríd an ríomhphost chuig: maritimesafetypolicydivision@transport.gov.ie nó i scríbhinn chuig: An Rannán um Beartas Sábháilteachta Muirí, An Roinn Iompair, Lána Líosain, Baile Átha Cliath 2, D02 TR60.
Beifear ag glacadh le haighneachtaí go dtí 1 i.n., Dé Máirt, an 31 Eanáir 2023.