Comhairliúchán Poiblí 2023 chun eolas a thabhairt d’Athbhreithniú Meántéarma ar Chlár na nAerfort Réigiúnach 2021-2025 & Tacaíochtaí Beartais don Todhchaí d’Aerfoirt Réigiúnacha
- Foilsithe: 4 Bealtaine 2023
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 4 Bealtaine 2023
- Dúnadh na haighneachtaí: 16 Meitheamh 2023
- An t-eolas is déanaí: 4 Bealtaine 2023
Consultation is closed
D’fhoilsigh an Roinn an Clár Aerfoirt Réigiúnacha 2021 go 2025 an 4 Feabhra 2021.
I dteannta le tacú le haersheirbhísí na hOibleagáide Seirbhíse Poiblí (PSO) idir Dún na nGall agus Baile Átha Cliath, tacaíonn an Clár seo leis na haerfoirt is lú in Éirinn, iad siúd a oibríonn seirbhísí sceidealaithe agus a láimhseálann níos lú ná 1 milliún paisinéir in aghaidh na bliana (ar an meán sa dá bhliain roimhe sin). Cé go ndírítear sa Chlár ar mhaoiniú ar thionscadail agus ar ghníomhaíochtaí a bhaineann le sábháilteacht agus slándáil, tacaíonn an Clár seo freisin le tionscadail a bhfuil fócas inbhuanaithe orthu, ag spreagadh aerfoirt chun astuithe a laghdú agus athléimneacht aeráide a thógáil.
Geallann an Clár athbhreithniú meántéarmach a dhéanamh ar thacaíochtaí oibriúcháin i lár 2023.
Is é cuspóir an chomhairliúcháin seo eolas a thabhairt don athbhreithniú meántéarmach sin. Samhlaítear freisin go gcuideoidh aighneachtaí a gheofar mar chuid den phróiseas comhairliúcháin le forbairt beartais ar bhearta tacaíochta atá oiriúnach agus éifeachtúil ar thaobh costas de amach anseo d’aerfoirt réigiúnacha na hÉireann, lena n-áirítear forbairt clár amach anseo.
Breithneoidh an t-athbhreithniú meántéarma freisin conas atá an Clár ag seachadadh a chuspóirí faoi láthair, go príomha i gcomhthéacs an chaoi ar féidir nascacht agus seirbhísí idirnáisiúnta, chuig agus ó na réigiúin a chothabháil agus a fheabhsú, agus iniúchadh á dhéanamh freisin ar an gcaoi a bhfuil forbairt réigiúnach chothromaithe á tacú. .
Spriocanna le haghaidh athbhreithnithe
Déanfar breithniú ar conas atá an Clár ag feidhmiú i dtéarmaí:
• Éifeachtúlacht agus luach ar airgead a chinntiú
• Nascacht réigiúnach a chothabháil agus a fheabhsú
• Tacú le fás eacnamaíoch réigiúnach chothromaithe agus forbairt
• Tacú le rochtain dhíreach ar na réigiúin
• Tacú le dícharbónú aerfoirt réigiúnacha
• Tacú le hoiriúnú aeráide agus athléimneacht aerfort réigiúnach
• Aerfoirt réigiúnacha na hÉireann a aistriú i dtreo múnla atá inbhuanaithe ó thaobh airgeadais de
• Seachadadh agus rannpháirtíocht
Beidh an tréimhse comhairliúcháin ar oscailt go dtí an 16 Meitheamh 2023. Beidh deis anois ag páirtithe leasmhara agus páirtithe leasmhara freagra a thabhairt ar na saincheisteanna a ardaíodh i bpáipéar Comhairliúcháin Phoiblí 2023 chomh maith le haon saincheisteanna ábhartha eile a chur chun cinn lena mbreithniú.
Iarrann an Roinn go gcríochnófar gach aighneacht ar líne ag tagairt do na ceisteanna atá leagtha amach sa nasc atá curtha ar fáil in Aguisín 2 de Pháipéar Comhairliúcháin Phoiblí 2023 (nasc tugtha thíos freisin). Mar sin féin, mura bhfuil aighneacht ar líne indéanta, fáiltítear roimh aighneachtaí a leanann formáid an Cheistneora a chuirtear ar fáil faoi Aguisín 2 trí ríomhphost chuig airportsdivision@transport.gov.ie
Sé an dáta deiridh le haghaidh aighneachtaí a dhéanamh ná 6in ar an 16 Meitheamh 2023.
Téarmaí agus Coinníollacha
Cuirtear in iúl d'fhreagróirí go bhfuil an Roinn faoi réir an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014, Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol) 2007-2014, agus na reachtaíochta um Chosaint na Sonraí.
Cad a dhéanfaimid le d'fhreagra
Beidh na freagraí a gheofar mar threoir don Athbhreithniú Meántéarma ar Chlár na nAerfort Réigiúnach 2021-2025. D’fhéadfadh freagraí rannchuidiú freisin le forbairt beartais ar bhearta tacaíochta atá oiriúnach agus éifeachtúil ó thaobh coastas de amach anseo d’aerfoirt réigiúnacha na hÉireann, lena n-áirítear forbairt clár amach anseo. Tabhair faoi deara, ar mhaithe le trédhearcacht, go bhféadfadh na haighneachtaí a fhaightear:
• a chur ar fáil ar shuíomh Gréasáin an Rialtais, [external-link www.gov.ie | www.gov.ie ];
• a chur san áireamh mar aguisín leis an Athbhreithniú Meántéarma ar Chlár na nAerfort Réigiúnach 2021-2025, a d’fhéadfaí a chur ar fáil ar shuíomh Gréasáin an Rialtais freisin.
Ar aon nós, beidh gach aighneacht a gheofar faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise agus na reachtaíochta um Chosaint Sonraí.
Faisnéis faoin bPríobháideacht
• Is comhairliúchán poiblí é seo, agus tá feidhm ag an Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 agus ag an reachtaíocht um Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol (RFC).
• D'fhonn na príobháideachta a chinntiú, déanfar gach faisnéis phearsanta a thugtar don roinn seo a chosaint faoin Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí 2016/67 agus faoin Acht um Chosaint Sonraí 2018.
• Is féidir leat ráiteas príobháideachais na Roinne a léamh anseo .
• Is féidir leis an Roinn torthaí na hathbhreithnithe agus na n-aighneachtaí a fuarthas faoin gcomhairliúchán seo a fhoilsiú ar www.gov.ie. Is féidir leis an Roinn ábhar gach aighneachta a fuarthas don chomhairliúchán seo a fhoilsiú ar ár suíomh Gréasáin ag www.gov.ie. Déanfaimid gach sonraí pearsanta a bhaint amach roimh fhoilsiú. Agus iad ag freagairt ar an gcomhairliúchán seo, ba cheart do gach páirti a léiriú go soiléir cén fhaisnéis phearsanta, cén fhaisnéis íogair ó thaobh na tráchtála de, nó cén fhaisnéis rúnda atá ina gcuid freagraí nár mhaith leo á scaolieadh faoi Shaoráil Faisnéise, RFC nó le foilsiú ar bhealach eile.
• Coimeádfar na haighneachtaí go dtí go mbeidh próiseas an athbhreithnithe agus feidhmiú na moltaí lena nglactar leo curtha i gcrích.
• Is féidir leat féachaint ar leathanach Cosanta Sonraí na Roinne ina leagtar amach conas agus cathain a bhailíonn an Roinn sonraí pearsanta, cén fáth a mbailítear iad agus conas a dhéileáiltear leis an bhfaisnéis. Míníonn sé freisin na cearta agat maidir le bailiú na faisnéise pearsanta agus conas is féidir leat na cearta sin a fheidhmiú.