Comhairliúchán Poiblí ar an Dréachtchreat Náisiúnta Infheistíochta um Iompar in Éirinn
- Foilsithe: 31 Márta 2021
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 31 Márta 2021
- Dúnadh na haighneachtaí: 28 Bealtaine 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Consultation is closed
Sheol an Roinn Iompair comhairliúchán poiblí ar an Dréachtchreat Náisiúnta Infheistíochta um Iompar in Éirinn, arb é creat straitéiseach ardleibhéil nua na Roinne é chun tosaíocht a thabhairt d’infheistíocht sa líonra iompair ar thír sa todhchaí. Cuireadh tús leis an gcomhairliúchán poiblí an 31 Márta 2021 agus críochnóidh sé an 28 Bealtaine 2021.
Is é Dréachtchreat Náisiúnta Infheistíochta um Iompar in Éirinn rannchuidiú na Roinne Iompair le Tionscadal Éireann 2040, straitéis fhadtéarmach an Rialtais chun freastal ar fhás an daonra ar bhealach inbhuanaithe chun a chinntiú go mbeidh Éire ina tír níos fearr do chách. Forbraíodh Dréachtchreat Náisiúnta Infheistíochta um Iompar in Éirinn chun a chinntiú go bhfuil na cuspóirí spásúla agus na Cuspóirí Náisiúnta Straitéiseacha atá leagtha amach sa Chreat Náisiúnta Pleanála mar bhonn agus taca ag ár straitéis earnála iompair.
Chun tuiscint níos fearr a fháil ar na dúshláin shonracha iompair chun Tionscadal Éireann 2040 a bhaint amach, rinneadh raon leathan anailíse tacaíochta do Dréachtchreat Náisiúnta Infheistíochta um Iompar in Éirinn atá leagtha amach i sraith páipéar cúlra. Bhreithnigh an anailís seo comhthéacs, srianta agus cuspóirí Dréachtchreat Náisiúnta Infheistíochta um Iompar in Éirinn agus tá sí ina bunús don chreat a tháinig as. Bhí an dréachtchreat bunaithe ar Thuarascáil Straitéiseach Comhshaoil um Measúnú Comhshaoil, Tuarascáil Straitéiseach um Measúnú Riosca Tuilte, agus Ráiteas Tionchair Nádúrtha, a shainaithníonn le chéile tionchair chomhshaoil ionchasacha Dréachtchreat Náisiúnta Infheistíochta um Iompar in Éirinn agus conas is féidir iad sin a mhaolú. Foilsítear na cáipéisí tacaíochta seo go léir thíos chun freagairtí don chomhairliúchán poiblí a threorú.
Bunaíonn an dréachtchreat tosaíochtaí infheistíochta ardleibhéil chun dul i ngleic go héifeachtach agus go héifeachtúil le príomhdhúshláin iompair a shainaithnítear san anailís chúlra agus chun a chinntiú go ndéantar infheistíocht iompair a ailíniú le cuspóirí uileghabhálacha spásúla agus athraithe aeráide an Rialtais, agus go dtacaíonn sí leo, mar a chuirtear in iúl iad sa Chreat Náisiúnta Pleanála agus sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide.
Tá an comhairliúchán poiblí deartha chun deis a thabhairt do gheallsealbhóirí, páirtithe leasmhara agus an pobal i gcoitinne machnamh a dhéanamh ar an anailís tacaíochta, a dtuairimí a roinnt, agus cur le forbairt an Chreata Náisiúnta Infheistíochta um Iompar in Éirinn.
Le tuilleadh eolais ar an gCreat agus ar an athbhreithniú atá á dhéanamh ar an gcomhairliuchán poiblí, déan teangmháil le [email transport2040@transport.gov.ie ].