English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán Poiblí ar an n Straitéis maidir le Bonneagar Luchtaithe Feithiclí Leictreacha

  • Ó: An Roinn Iompair

  • Foilsithe: 5 Bealtaine 2022
  • oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 5 Bealtaine 2022
  • Dúnadh na haighneachtaí: 31 Bealtaine 2022
  • An t-eolas is déanaí: 15 Aibreán 2025

Consultation is closed

Achoimre

D’fhoilsigh Eamon Ryan, T.D., an tAire Iompair, an Straitéis maidir le Bonneagar Luchtaithe Feithiclí Leictreacha (EV) 2022-25, atá ar fáil thíos le híoslódáil, agus tá an dréacht seo ar oscailt anois le haghaidh comhairliúcháin phoiblí sula dtabharfaidh an Roinn Iompair an straitéis chun críche níos déanaí i mbliana.

Cén fáth a bhfuil an comhairliúchán poiblí seo á sheoladh againn

Tabharfaidh an Roinn Iompair a straitéis ar bhonneagar luchtaithe EV chun críche i Q3 agus tá fonn uirthi aiseolas a fháil ón bpobal ar an dréacht seo.

Conas a bheith páirteach

Tugann an tAire Iompair cuireadh do bhaill an phobail páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán seo tríd an gceistneoir gairid seo, ina bhfuil idir cheisteanna dúnta agus oscailte, a chomhlánú chun a dtuairimí a chur in iúl ar an dréachtstraitéis seo, a leagann amach conair d’fhorbairt na straitéise seo. Bonneagar luchtaithe EV thar an tréimhse ríthábhachtach amach go dtí 2025.

Is féidir le baill den phobal ar spéis leo an dréachtstraitéis a léamh í a íoslódáil thíos.

Is é an dáta deiridh chun páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán poiblí ná 5pm Dé Máirt, 31 Bealtaine 2022.

Is féidir aighneachtaí a chur le ríomhphost freisin chuig evinfrastructure@transport.gov.ie

An Straitéis maidir le Bonneagar Luchtaithe Feithiclí Leictreacha 2022-2025
Amharc amharc

Téarmaí agus Coinníollacha

Cuirtear in iúl do fhreagróirí go bhfuil an Roinn faoi réir an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014, agus Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol) 2007-2014, agus na reachtaíochta um Chosaint Sonraí.

Níor cheart faisnéis phearsanta, rúnda nó íogair ó thaobh na tráchtála de a áireamh i do fhreagra, agus toimhdeofar go bhfuil an fhaisnéis go léir atá ann in-eisiúint faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014.

Cad a dhéanaimid le do fhreagra

Déanfaidh na comhairleoirí ceaptha, KPMG, athbhreithniú ar na freagraí agus ullmhóidh siad tuarascáil mhionsonraithe don Roinn Iompair.

Déanfaidh an Roinn athbhreithniú ar an tuarascáil sin agus breathnófar go cúramach ar na príomhthéamaí a aithníonn sí a d’eascair as freagraí an phobail nuair a bheidh an straitéis tugtha chun críche i Q3 de 2022. Foilseofar an straitéis deiridh sin ar shuíomh gréasáin na Roinne i Q3 den bhliain seo.

Tabhair faoi deara le do thoil, cé go bhfuil freagraí gan ainm, go mbeidh siad, mar aon le haon aighneachtaí chuig an seoladh ríomhphoist thuas, faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise agus na reachtaíochta um Chosaint Sonraí.

Eolas príobháideachta

• Is comhairliúchán poiblí é seo agus tá feidhm ag an Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 agus ag an reachtaíocht um Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol (AIE).

• Chun príobháideacht a chinntiú, déanfar aon fhaisnéis phearsanta a thugann tú don roinn seo a chosaint faoin Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí 2016/67 agus faoin Acht um Chosaint Sonraí 2018.

• Is féidir leat Ráiteas Príobháideachta na Roinne a léamh anseo.

• Is féidir leat féachaint ar leathanach Cosanta Sonraí na Roinne anseo a leagann amach conas agus cathain a bhailíonn an Roinn sonraí pearsanta, cén fáth a mbailítear iad agus conas a láimhseáiltear an fhaisnéis. Míníonn sé freisin do chearta maidir le bailiú faisnéise pearsanta agus conas is féidir leat na cearta sin a fheidhmiú.

Tuilleadh eolais

Tá faisnéis ar sheirbhísí a chuireann an Roinn Iompair Item was unpublished or removedar fáil ag

toradh an chomhairliúcháin

Stakeholder and Public Consultation Report
Amharc amharc