English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán Poiblí: Cur Chuige Straitéiseach i dtreo Córas Iompair níos éifeachtúla in Éirinn

  • Ó: An Roinn Iompair

  • Foilsithe: 12 Aibreán 2024
  • oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 12 Aibreán 2024
  • Dúnadh na haighneachtaí: 21 Lúnasa 2024
  • An t-eolas is déanaí: 22 Lúnasa 2024

Consultation is closed

Sheol an Aire Roinn Iompair an comhairliúchán poiblí seo le do chuid tuairimí a fháil faoi na dréacht-cháipéisí, lena n-áirítear an cur chuige foriomlán, an leibhéal uaillmhéine, aon ábhair imní agus an éifeachtacht dhóchúil dá gcuirfí i bhfeidhm é de réir an dréacht-Phlean.

Forbraíodh an dréacht-Straitéis Bogadh le Chéile chun ár gcóras iompair a dhéanamh níos éifeachtúla agus chun maolú a dhéanamh ar thionchair an spleáchais ar charranna agus an bhrú tráchta ar an ngeilleagar, an timpeallacht agus sláinte ár sochaí.

De réir riachtanais an Achta um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú), 2021, leag an Rialtas spriocanna ceangailteacha earnála amach don earnáil iompair chun a hastaíochtaí a ghearradh 50% (i gcomhréir le leibhéil 2018) faoi 2030. Chun an sprioc seo a bhaint amach, tá an Rialtas ag tacú le haistriú ar an mórchóir i dtreo Feithiclí Leictreacha (EV), sciar níos airde de bhithbhreoslaí sa mheascán breoslaí, agus infheistíocht nach bhfacthas riamh sa bhonneagar iompair phoiblí agus ghníomhaigh. Ní dhéanfaidh na bearta seo astu féin an laghdú astaíochtaí a bhaint amach a theastaíonn don earnáil iompair, ná ní thabharfaidh siad aghaidh ar na saincheisteanna a bhaineann le brú tráchta agus na costais ghaolmhara don tsochaí agus don gheilleagar. Dá réir, tá an Straitéis seo ar an bpríomh-chomhchuid pholasaí dheiridh sa chonair i dtreo an dícharbónaithe don Earnáil Iompair a bhfuil achoimre ghinearálta air sa Phlean Gnímh don Aeráid (23/24).

Thionóil an Roinn Iompair grúpa stiúrtha tras-rannach/ilghníomhaireachta chun forbairt na dréacht-Straitéise a mhaoirsiú. Bunaíodh sé fhoghrúpa freisin a chuimsigh raon éagsúil de shaineolaithe náisiúnta agus idirnáisiúnta ón rialtas, ó thionscal, ó chomhlachtaí ionadaíocha, agus ón saol acadúil, i measc cinn eile chun réimsí ar a ndírítear go háirithe a bhreithniú agus chun tuarascálacha gaolmhara a ullmhú, a chuidigh le bonn eolais a chur faoi fhorbairt na Straitéise. Foilsíodh na tuarascálacha seo mar eolas in éineacht leis an dréacht- Straitéise agus Phlean.


Comhairliúchán Poiblí

Sheol an Roinn Iompair an comhairliúchán poiblí seo le do chuid tuairimí a fháil faoi na dréacht-cháipéisí, lena n-áirítear an cur chuige foriomlán, an leibhéal uaillmhéine, aon ábhair imní agus an éifeachtacht dhóchúil dá gcuirfí i bhfeidhm é de réir an dréacht-Phlean. Deis a bheidh sa chomhairliúchán seo don phobal agus do pháirtithe leasmhara a dtuairimí a thabhairt maidir lena bhfuil sna cáipéisí seo sula gceadaíonn an Rialtas iad agus sula bhfoilsítear iad ar deireadh níos déanaí in 2024.

is féidir teacht ar an bhfoirm chomhairliúcháin anseo.

Cé go bhfuil an comhairliúchán beo anois, tá an leagan Gaeilge den Straitéis á tabhairt chun críche ag an Roinn faoi láthair. Dá réir sin, tá sé beartaithe go gcuirfear síneadh leis an tréimhse chomhairliúcháin, agus go mairfidh sé trí mhí ó dháta foilsithe an leagan Gaeilge den Straitéis, agus ní roimh dheireadh mhí Iúil.

Tá an Straitéis agus na doiciméid ghaolmhara le fáil ag an nasc seo a leanas.


Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta agus Measúnacht Chuí

Beidh an Straitéis seo faoi réir scagtha le haghaidh Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta (SEA) agus Measúnacht Chuí (AA) le linn na tréimhse comhairliúcháin. Tabharfar aghaidh iomlán ar aon riachtanais bhreise mar thoradh ar an bpróiseas seo. Foilseofar aon tuairiscí cuí de réir mar a chuirfear i gcrích iad.


Documents

Moving Together - Draft Strategy
Amharc amharc
Moving Together Draft Strategy - Accessible Version
Download link for Íoslódáil
Moving Together - Implementation Plan
Amharc amharc
Moving Together - Implementation Plan (As Gaeilge)
Amharc amharc
Subgroup Report - Optimal Use of Space
Amharc amharc
Subgroup Report - Fiscal Measures
Amharc amharc
Subgroup Report - Generators of Demand (People)
Amharc amharc
Subgroup Report - Generators of Demand (Freight)
Amharc amharc
Subgroup Report - Integrated Land Use and Transport Planning
Amharc amharc
Subgroup Report - Captive Car Users
Amharc amharc
Moving Together Case Studies Compendium 2024
Amharc amharc
Moving Together - Draft Strategy (As Gaeilge)
Amharc amharc