English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán Poiblí maidir le Creat Beartais a Fhorbairt do Chórais Aerárthaí gan Foireann

  • Ó: An Roinn Iompair

  • Foilsithe: 25 Eanáir 2024
  • oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 25 Eanáir 2024
  • Dúnadh na haighneachtaí: 8 Márta 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Consultation is closed

Tá an Roinn Iompair ag forbairt Creat Beartais do Chórais Aerárthaí gan Foireann.

Tá Córais Aerárthaí gan Foireann (UAS), dá ngairtear ‘dróin’ freisin, ag cur le nuálaíocht i roinnt tionscal trí fhorbairt réimse leathan feidhmeanna agus seirbhísí, rud a chuirfidh tairbhí ar fáil do thomhaltóirí agus don phobal i gcoitinne. Beidh na blianta beaga amach romhainn ríthábhachtach don tionscal UAS. Leagfaidh an creat beartais nua amach fís, straitéis, agus tosaíochtaí fhorbairt na hearnála UAS in Éirinn. Beidh sé mar aidhm ag an gCreat Beartais seo pleanáil straitéiseach agus forbairt ardleibhéil a threorú sna deich mbliana atá romhainn chun tacú le forás agus nuálaíocht na hearnála UAS agus, ag an am céanna, sábháilteacht, slándáil, cúrsaí comhshaoil agus araile a bhainistiú.

Tá páipéar comhairliúcháin ullmhaithe ag an Roinn Iompair ina leagtar amach cúlra fhorbairt an chreata bheartais, scóip an bheartais, agus ina thugtar eolas maidir le staid reatha na hearnála UAS agus na rudaí a d'fhéadfadh teacht chun cinn amach anseo san earnáil. Leagtar amach sa pháipéar na trí phríomhréimse a dtabharfar aghaidh orthu sa chreat beartais:

  • Nuálaíocht agus Fiontar
  • Pleanáil agus Úsáid Aerspáis
  • Comhlíonadh agus Forfheidhmiú

Ag deireadh an pháipéir chomhairliúcháin cuirtear roinnt ceisteanna ar féidir le páirtithe leasmhara agus an pobal aghaidh a thabhairt orthu agus iad ag freagairt na gceisteanna a phléitear sa pháipéar.

Táthar ag lorg ionchuir i bpríomhréimsí éagsúla, lena n-áirítear conas aghaidh a thabhairt ar ábhair imní atá léirithe ag an bpobal maidir le húsáid mhéadaithe UAS, conas áit ar leith a bhaint amach d’Éirinn mar cheannródaí san earnáil seo atá ag teacht chun cinn, agus conas féachaint chuige go ndéanfar forbairt fhreagrach ar an tionscal UAS amach anseo.

Cabhróidh an comhairliúchán seo le bonn eolais a chur faoi fhorbairt an Chreata Bheartais maidir le UAS, lena n-áirítear áit ar leith a bhaint amach d’Éirinn san tionscal UAS agus gníomhartha riachtanacha a shonrú maidir le cur i bhfeidhm an Chreata Bheartais.

Beidh tréimhse an chomhairliúcháin ar oscailt go dtí an 8 Márta 2024.

Iarrann an Roinn go ndéanfaí na haighneachtaí ar líne, ag an nasc thíos, ag tagairt do na ceisteanna a chuirtear sa pháipéar comhairliúcháin. Mar sin féin, mura féidir aighneacht ar líne a dhéanamh, cuirtear fáilte roimh aighneachtaí tríd an ríomhphost chuig: dronesUAS.consultation@transport.gov.ie

Téarmaí agus coinníollacha

Cuirtear in iúl do fhreagróirí go bhfuil an Roinn faoi réir an Achta um Shaoráil Faisnéise, 2014, Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol), 2007-2014, agus go bhfuil sí faoi réir na reachtaíochta um Chosaint Sonraí freisin. Le haghaidh téarmaí agus coinníollacha iomlána féach ar an doiciméad thíos

Is féidir ráiteas príobháideachais na Roinne a léamh anseo.

Nasc chuig an gceistneoir

Comhairliúchán Poiblí maidir le Creat Beartais um Chórais Aerárthaí gan Foireann, 2024
Amharc amharc