English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán Poiblí maidir le Ráiteas Straitéise na Roinne Iompair, 2023 - 2025

  • Ó: An Roinn Iompair

  • Foilsithe: 27 Feabhra 2023
  • oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 27 Feabhra 2023
  • Dúnadh na haighneachtaí: 10 Márta 2023
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Consultation is closed

Tá an Roinn Iompair ag ullmhú a Ráitis Straitéise don tréimhse 2023-2025 faoi láthair, doiciméad tábhachtach ina leagfar amach ár spriocanna agus ár gcuspóirí ardleibhéil agus muid ag déanamh dul chun cinn ar ár misean chun “córas iompair inrochtana a chur ar fáil atá éifeachtach, sábháilte agus inbhuanaithe agus a thacaíonn le pobail, teaghlaigh agus gnólachtaí”.

Is iad na gealltanais atá i gClár an Rialtais: Ár dTodhchaí le Chéile, sa Phlean Gníomhaíochta ar son na hAeráide (CAP 23), sa Phlean Forbartha Náisiúnta agus i mbeartais ábhartha eile a chuirfidh bonn eolais faoi fhorbairt ár Ráitis Straitéise agus leagfar amach ann na príomhchuspóirí a bheidh againn agus na príomhthorthaí a mbeimid ag súil leo as seo go ceann roinnt blianta.

Mar chuid den phróiseas comhairliúcháin, tá cuireadh á thabhairt duit do chuid tuairimí a chur in iúl, rud a chuirfidh bonn tuilleadh eolais fós faoi fhorbairt ár Ráitis Straitéise nua. Tá an ráiteas straitéise reatha Ráiteas Straitéise 2021-2023) anseo.

Seol do thuairimí ar aghaidh tríd an ríomhphost chuig StatementofStrategy@transport.gov.ie faoi Dé hAoine, an 10 Márta 2023, roimh 5i.n.

Téarmaí agus Coinníollacha

Cuirtear in iúl do fhreagróirí go bhfuil an Roinn faoi réir an Achta um Shaoráil Faisnéise, 2014, Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol), 2007-2014 agus na reachtaíochta um Chosaint Sonraí.

Níor cheart faisnéis phearsanta ná rúnda ná faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de a áireamh i do fhreagra, agus glacfar leis gur ceadmhach gach faisnéis atá sa fhreagra a scaoileadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014.