English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán Poiblí: Páipéar maidir le Saincheisteanna a bhaineann le Moil Soghluaisteachta Comhroinnte

  • Ó: An Roinn Iompair

  • Foilsithe: 11 Márta 2024
  • oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 11 Márta 2024
  • Dúnadh na haighneachtaí: 3 Bealtaine 2024
  • An t-eolas is déanaí: 8 Márta 2024

Consultation is closed

D'fhoilsigh Eamon Ryan, an tAire Iompair, Páipéar maidir le Saincheisteanna a bhaineann le Moil Soghluaisteachta Comhroinnte le haghaidh comhairliúchán poiblí.

Áirítear sa Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide, 2024 (PGA24) agus sa Bheartas Náisiúnta um Shoghluaisteacht Inbhuanaithe (BSI) roinnt gníomhartha chun infhaighteacht roghanna soghluaisteachta comhroinnte in Éirinn a leathnú.

Tugtar breac-chuntas sa pháipéar seo ar an réasúnaíocht a bhaineann le moil shoghluaisteachta agus moil shoghluaisteachta chomhroinnte a fhorbairt i gcomhthéacs spriocanna na hÉireann maidir le hastaíochtaí a laghdú, chomh maith le roinnt de na príomhcheisteanna a leagan amach a ndéanfar iniúchadh orthu agus a dtabharfar aghaidh orthu sa chomhthéacs Éireannach. Áirítear orthu sin cúrsaí maidir le rialachas, oibríochtaí, sonraí, cumarsáid, inrochtaineacht, sábháilteacht agus cuimsiú, chomh maith le haon réimse eile ar féidir le páirtithe leasmhara trácht a dhéanamh air.

Tá sé i gceist go mbreithneofar gach aighneacht chuig an gcomhairliúchán seo mar chuid de phróiseas chun dréacht-Ráiteas Beartais nua um Moil Shoghluaisteachta a fhorbairt.

Aighneachtaí

Beidh an tréimhse chomhairliúcháin ar oscailt go dtí an Bealtaine 3. Tá deis anois ag páirtithe leasmhara freagra a thabhairt ar na saincheisteanna a ardaíodh sa Pháipéar Comhairliúcháin Phoiblí in 2023 agus aon saincheist ábhartha eile a ardú.

Chun aighneacht a dhéanamh ar líne, comhlánaigh an ceistneoir atá ar fáil anseo.

Bíodh sin mar atá, mura mbeidh sé indéanta aighneacht a dhéanamh ar líne, cuirfear fáilte roimh aighneachtaí tríd an ríomhphost chuig mobilitysubmissions@transport.gov.ie nó tríd an bpost chuig An Rannán um Bainistiú agus Cur chun Feidhme na Soghluaisteachta Inbhuanaithe, an Roinn Iompair, Lána Líosain, Baile Átha Cliath 2, D02 TR60. Mholfadh an roinn d'fhreagróirí nach mó ná 2,000 focal a úsáid ina n-aighneacht.

Tabhair faoi deara gur féidir go bhfoilseofar na haighneachtaí a gheofar ar shuíomh gréasáin na Roinne Iompair.

Beifear ag glacadh le haighneachtaí go deireadh an lae oibre, Bealtaine 3 2024.

Téarmaí agus Coinníollacha

Cuirtear in iúl do fhreagróirí go bhfuil an Roinn faoi réir an Achta um Shaoráil Faisnéise, 2014, Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol), 2007-2014 agus na reachtaíochta um Chosaint Sonraí.

Níor cheart faisnéis phearsanta ná rúnda ná faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de a áireamh i do fhreagra, agus glacfar leis gur ceadmhach gach faisnéis atá sa fhreagra a scaoileadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014.

Eolas faoin bpríobháideacht

Is comhairliúchán poiblí é seo agus tá feidhm ag an Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014 agus ag an reachtaíocht um Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol (RFC) maidir leis.

Chun príobháideacht a chinntiú, déanfar aon fhaisnéis phearsanta a thugann tú don roinn seo a chosaint faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí 2016/67 agus faoin Acht um Chosaint Sonraí, 2018.

Léigh leathanach Cosanta Sonraí agus ráiteas príobháideachais na Roinne anseo. Is ann a leagtar amach conas agus cathain a bhailíonn an Roinn sonraí pearsanta, cén fáth a mbailítear iad agus an chaoi a gcaitear leis an bhfaisnéis. Tugtar míniú ann freisin ar na cearta atá agat maidir le bailiú faisnéise pearsanta agus conas is féidir na cearta sin a fheidhmiú.

Tuilleadh faisnéise

Tá faisnéis faoi na seirbhísí a sholáthraíonn an Roinn Iompair ar fáil [external-link https://www.gov.ie/ga/eagraiocht/an-roinn-iompair/ | anseo. ]

Moil Soghluaisteachta Chomhroinnte
Fadhbanna, Dúshláin agus Deiseanna
Amharc amharc