English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Dréacht-Phlean um Líonra Luchtaithe Réigiúnach agus Áitiúil d’Fheithiclí Leictreacha – Comhairliúchán Poiblí

  • Ó: An Roinn Iompair

  • Foilsithe: 24 Bealtaine 2024
  • oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 24 Bealtaine 2024
  • Dúnadh na haighneachtaí: 19 Iúil 2024
  • An t-eolas is déanaí: 24 Bealtaine 2024

Consultation is closed


Achoimre

Sheol an tAire Iompair, Eamon Ryan T.D., comhairliúchán poiblí inniu ar an Líonra Luchtaithe Réigiúnach agus Áitiúil d’Fheithiclí Leictreacha, atá ar fáil thíos lena íoslódáil.

Is é an Dréacht-Phlean um Líonra Luchtaithe Réigiúnach agus Áitiúil d’Fheithiclí Leictreacha an dara cuid den Phlean maidir le Líonra Náisiúnta Luchtaithe Feithiclí Leictreacha agus leanann sé forbairt an Phlean maidir le Líonra Náisiúnta Bóithre Luchtaithe Feithiclí Leictreacha a seoladh le haghaidh comhairliúchán poiblí i mí Mheán Fómhair 2023.

Cuireann an plean seo bealach ar fáil chun líonraí réigiúnacha agus áitiúla de bhonneagar luchtaithe poiblí d’fheithiclí leictreacha a chur ar fáil níos tapa ag limistéir cinn scríbe agus chomharsanachta, i gcomhréir le huaillmhianta náisiúnta agus Eorpacha araon maidir le hiompar níos glaine.

Beidh sé faoi stiúir na n-údarás áitiúil, ag obair le chéile chun straitéisí réigiúnacha agus áitiúla a fhorbairt, chun feidhmiú céimneach aontaithe agus éifeachtúil bonneagair luchtaithe a chur chun cinn, rud a éascóidh an t-aistriú cothromasach chuig feithiclí leictreacha.

Tá an plean seo le haghaidh bonneagar luchtaithe comharsanachta agus cinn scríbe comhlántach leis an bPlean maidir le Líonra Náisiúnta Bóithre Luchtaithe Feithiclí Leictreacha, a dhíríonn ar leathnú náisiúnta an ghréasáin luchtaithe ardchumhachta ar bhóithre an Mhótarbhealaigh, Ten-T agus Náisiúnta.

Spreagfaidh an Plean um Líonra Náisiúnta Luchtaithe d’Fheithiclí Leictreacha agus na tionscnaimh atá ann an soláthar bonneagair luchtaithe le teacht roimh an éileamh agus na ceanglais den AFIR a bhaineann le LGVanna agus HGVanna a bhaint amach faoi 2025.


Bíodh cead cainte agat

Tá sé beartaithe ag an Aire Iompair athbhreithniú ar an bPlean um Líonra Luchtaithe Réigiúnach agus Áitiúil d’Fheithiclí Leictreacha a fhoilsiú i dtreo dheireadh 2024.

Tá cuireadh á thabhairt ag an Roinn Iompair anois do gach duine a thuairim a roinnt tríd an suirbhé poiblí a chomhlánú a ghabhann leis an dréacht-phlean.

Tá an suirbhé ar fáil anseo.

Beifear in ann páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán go dtí 1i.n. ar an19 Iúil 2024.


An Plean um Líonra Luchtaithe Réigiúnach agus Áitiúil d’Fheithiclí Leictreacha

Executive Summary Regional and Local EV Charging Network Plan ( English version)
Amharc amharc
Executive Summary Regional and Local EV Charging Network Plan (Irish version)
Amharc amharc
Regional and Local EV Charging Network Plan (Full document English version)
Amharc amharc
Regional and Local EV Charging Network Plan (Full document Irish version)
Amharc amharc
Screening for Appropriate Assessment
Download link for Íoslódáil
Strategic Environmental Assessment (SEA) Environmental Report
Download link for Íoslódáil

Téarmaí agus Coinníollacha

Cuirtear in iúl do fhreagróirí go bhfuil an Roinn faoi réir an Achta um Shaoráil Faisnéise, 2014, Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol), 2007-2014 agus na reachtaíochta um Chosaint Sonraí.

Níor cheart faisnéis phearsanta ná rúnda ná faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de a áireamh i do fhreagra, agus glacfar leis gur ceadmhach gach faisnéis atá sa fhreagra a scaoileadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014.


A ndéanfaimid le do fhreagra

Déanfaidh ZEVI athbhreithniú ar na freagraí tar éis an chomhairliúcháin.

Déanfar na príomhthéamaí a thiocfaidh chun cinn ó fhreagraí an phobail a bhreithniú go cúramach sa doiciméad deiridh. Táthar ag súil go bhfoilseofar an Plean ar láithreán gréasáin an Rialtais i dtreo dheireadh 2024.

Tabhair faoi deara, cé go bhfuil freagraí gan ainm, go mbeidh siad, mar aon le haon aighneachtaí a sheolfar chuig an seoladh ríomhphoist thuas, faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise agus na reachtaíochta um Chosaint Sonraí.


Eolas faoi phríobháideachas

• Is comhairliúchán poiblí é seo agus tá feidhm ag an Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014 agus ag an reachtaíocht um Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol (RFC) maidir leis.

• Chun príobháideacht a chinntiú, déanfar aon fhaisnéis phearsanta a thugann tú don roinn seo a chosaint faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí 2016/67 agus faoin Acht um Chosaint Sonraí, 2018.

• Is féidir ráiteas príobháideachais na Roinne a léamh anseo.

• Is féidir breathnú ar leathanach Cosanta Sonraí na Roinne anseo, áit a leagtar amach conas agus cathain a bhailíonn an Roinn sonraí pearsanta, an fáth a mbailítear iad, agus an céard a dhéantar leis an bhfaisnéis sin. Mínítear ann freisin do chearta maidir le bailiú faisnéise pearsanta agus conas is féidir na cearta sin a fheidhmiú.

Tuilleadh eolais

Tá eolas faoi sheirbhísí a sholáthraíonn an Roinn Iompair ar fáil ag: Item was unpublished or removed