English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Glaoch ar Aighneachtaí: Athbhreithniú ar an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre

  • Ó: An Roinn Iompair

  • Foilsithe: 12 Márta 2024
  • oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 12 Márta 2024
  • Dúnadh na haighneachtaí: 5 Aibreán 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Consultation is closed


Cén fáth a bhfuil comhairliúchán á sheoladh againn

Tá an Roinn Iompair (“An Roinn”) freagrach as an mbeartas iompair agus as maoirsiú a dhéanamh ar an earnáil iompair in Éirinn. Ceann de na háisíneachtaí faoi choimirce na Roinne is ea an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (ÚSB). Eagraíocht reachtúil arna bunú faoin Acht fán Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre, 2006 is ea an ÚSB.

Is é misean an ÚSB beatha a shábháil agus gortuithe a chosc ach líon agus déine na n-imbhuailtí ar an mbóthar a laghdú. Tá an ÚSB freagrach as an Straitéis um Shábháilteacht ar Bhóithre, 2021–2030 de chuid an Rialtais a ullmhú agus a fheidhmiú. Leagtar feidhmeanna an ÚSB amach in Alt 4 den Acht fán Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre, 2006, san Ordú fán Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (Feidhmeanna a Thabhairt), 2006 (I.R. Uimh. 477 de 2006), san Acht fán Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (Ródacmhainneacht Feithiclí Tráchtála), 2012 agus i roinnt forálacha de chuid na nAchtanna um Shábháilteacht ar Bhóithre.

Is é an tAire Iompair a cheapann bord neamhfheidhmiúcháin an ÚSB, mar a fhorordaítear leis an Acht fán Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre, 2006. Sonraítear in Alt 14 den Acht gurb éard a bheidh ar Bhord an ÚSB ná cathaoirleach agus líon nach lú ná seisear agus nach mó ná aon ghnáthchomhalta dhéag. Is é an sprioc shonraithe a ghlac Bord reatha an ÚSB ná ‘Ag obair chun beatha a shábháil’.

Comhlacht poiblí neamhthráchtála is ea an ÚSB a bhfuil laghdú déanta aige ar a spleáchas ar mhaoiniú ón Státchiste ó 2009 i leith, agus faigheann fóirdheontas beag díreach ón Státchiste. Príomhfhoinse ioncaim an ÚSB ná táillí a ghintear as seirbhísí a sholáthar – ceadúnais tiomána agus tástáil tiománaithe, agus seirbhísí tástála ródacmhainneachta feithiclí do phaisinéirí agus tráchtála. Faoi láthair, an t-aon mhaoiniú a fhaigheann sé ón Státchiste ná as ucht gealltanais iarmharacha pinsin, agus ó 2021 i leith, de réir a dhualgais AE, as ucht Údarás um Fhaireachas ar an Margadh Mótarfheithiclí (ÚFMM) a bhunú. Tá COVID-19 agus an éigeandáil costais maireachtála tar éis brú a chur ar an tsamhail féinmhaoinithe.

Tá an t-athbhreithniú seo ar an ÚSB á dhéanamh chun moltaí a thabhairt maidir le struchtúr agus feidhmiú an Údaráis amach anseo, lena n-áirítear athruithe féideartha don reachtaíocht, le cinntiú go gcuireann sé seirbhís ardchaighdeáin ar fáil sna blianta amach romhainn.

Téarmaí Tagartha don Athbhreithniú

Cliceáil anseo le haghaidh rochtana ar an Téarmaí Tagartha don Athbhreithniú


Cén chaoi le páirt a ghlacadh

Aighneachtaí

Tá an Roinn anois ag cur fáilte roimh aighneachtaí maidir leis an athbhreithniú seo ar an ÚSB. Íoslódáil an aighneacht thíos, comhlánaigh í agus seol thar an ríomhphost í chuig: RSAreview@transport.gov.ie. Cuir ‘Comhairliúchán poiblí ar athbhreithniú ar an ÚSB’ i réimse an ábhair i do ríomhphost.

RSA Review - Survey
Download link for Íoslódáil

An dáta deiridh a ghlacfar le haighneachtaí ná ar 11:59pm ar an Dé hAoine 5 Aibreán 2024.


Téarmaí agus Coinníollacha

Cuirtear in iúl do fhreagróirí go bhfuil an Roinn faoi réir an Achta um Shaoráil Faisnéise, 2014, Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol), 2007-2014, agus go bhfuil sí faoi réir na reachtaíochta um Chosaint Sonraí freisin.

Seachas ainm agus seoladh, níor cheart faisnéis phearsanta, rúnda, ná faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de a chur le d’aighneacht ná le do thuairimí, agus glacfar leis gur ceadmhach an fhaisnéis go léir atá i d’aighneacht a scaoileadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014.


An méid a dhéanfaimid le do thuairimí a chuirtear san aighneacht

Tabhair faoi deara gur féidir go bhfoilseofar na haighneachtaí i scríbhinn a gheofar ar shuíomh gréasáin na Roinne Iompair.