Comhairliúchán Poiblí ar dhréacht-Ráiteas Beartais um Bhreosla Iompair In-athnuaite 2025-2027
- Foilsithe: 9 Bealtaine 2025
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 9 Bealtaine 2025
- Dúnadh na haighneachtaí: 23 Bealtaine 2025
- An t-eolas is déanaí: 9 Bealtaine 2025
Consultation is open
Baineann an comhairliúchán seo leis an gcéad leagan eile den Bheartas maidir le Breoslaí Iompair In-athnuaite 2025-2027. Baineann sé seo leis an aistriú chuig fuinneamh in-athnuaite san iompar agus leagtar amach ann conair bheartais chun spriocanna iompair 2030 a leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta don Aeráid, mar a chomhaontaigh an Rialtas é, a bhaint amach, chomh maith leis na spriocanna agus na riachtanais faoin Treoir Eorpach maidir le Fuinneamh In-athnuaite.
Iarrann an tAire Iompair, Darragh O’Brien TD, do thuairimí ar an dréachtráiteas beartais atá iniata leis seo. Tá an ráiteas beartais dréachta seo bunaithe ar thorthaí comhairliúcháin phoiblí a reáchtáladh i mí na Nollag 2024 – Eanáir 2025, atá achoimrithe sa tuarascáil atá ceangailte.
Na príomhghnéithe atá sa Dréacht-Ráiteas Beartais
San áireamh le príomhghnéithe an dréachtráitis beartais tá:
- Gníomhaíochtaí beartais don dá bhliain atá amach romhainn agus conair bheartais chun spriocanna agus riachtanais an Phlean Gníomhaíochta ar son na hAeráide i dtaca leis an Treoir Eorpach maidir le Fuinneamh In-athnuaite a bhaint amach.
- Rianú rátaí na hOibleagáide maidir le Breosla Iompair In-athnuaite 2026-2030.
- Taighde chun tacú leis an gcéad chéim eile den bheartas.
Rud a dhéanfaimid le do fhreagra
Déanfaidh an Rannóg um Oiriúnú Aeráide, Taighde agus Fuinneamh athbhreithniú ar na freagraí. Leis na freagraí cruthófar bonn eolais d’fhorbairt an Bheartais deiridh maidir le Breosla Iompair In-athnuaite 2025-2027 atá á réiteach faoi láthair ag an Roinn Iompair.
Is féidir aighneachtaí a dhéanamh trí ríomhphost chuig rtfp@transport.gov.ie
Is é 23 Bealtaine an dáta deiridh is féidir aighneachtaí a chur isteach.
Faisnéis Phríobháideachais
Is comhairliúchán poiblí é seo, agus tá feidhm ag an Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 agus ag an reachtaíocht maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol.
• Chun príobháideacht a chinntiú, déanfar aon fhaisnéis phearsanta a thugann tú don Roinn seo a chosaint faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí 2016/679 agus faoin Acht um Chosaint Sonraí 2018.
• Is féidir leat ráiteas príobháideachais na Roinne a léamh https://www.gov.ie/ga/an-roinn-iompair/foilseachain/cosaint-sonra%C3%AD/#raiteas-priobhaideachais
• Féadfaidh an Roinn na haighneachtaí a fhaightear ón gcomhairliúchán seo a fhoilsiú ar ár suíomh gréasáin, Rialtas na hÉireann: Fáilte go gov.ie . Níor cheart faisnéis phearsanta, rúnda nó faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de a chur i d’aighneacht.
• Féadfar liosta iomlán díobh siúd a dhéanann aighneachtaí a áireamh mar aguisín sa tuarascáil ar an gcomhairliúchán. Bainfear aon sonraí pearsanta.
• Coinneofar aighneachtaí go dtí go mbeidh an próiseas athbhreithnithe agus cur i bhfeidhm aon mholtaí ar glacadh leo críochnaithe.
• Is féidir leat féachaint ar leathanach Cosanta Sonraí na Roinne ina leagtar amach conas agus cathain a bhailíonn an Roinn sonraí pearsanta, cén fáth a mbailítear iad agus conas a chaitear leis an bhfaisnéis. Míníonn sé freisin do chearta maidir le bailiú faisnéise pearsanta agus conas is féidir leat na cearta sin a chur i bhfeidhm.