English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Treoirlínte um Dhearadh Uilíoch do Bhonneagar Luchtaithe Feithiclí Leictreacha – Comhairliúchán Poiblí

  • Ó: An Roinn Iompair

  • Foilsithe: 30 Meitheamh 2023
  • oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 30 Meitheamh 2023
  • Dúnadh na haighneachtaí: 26 Meán Fómhair 2023
  • An t-eolas is déanaí: 18 Meitheamh 2024

Consultation is closed


Achoimre

Sheol an tAire Iompair, Eamon Ryan TD, comhairliúchán poiblí inniu ar na dréacht-Treoirlínte maidir le Dearadh Uilíoch do Bhonneagar Luchtaithe Feithiclí Leictreacha, atá ar fáil thíos le híoslódáil.

Tá achoimre sa doiciméad sin ar na príomhnithe atá le cur san áireamh agus stáisiúin luchtaithe feithiclí leictreacha á suiteáil agus á n-oibriú.

Ina measc siúd tá:

  • Dearadh an stáisiúin luchtaithe,
  • Inrochtaineacht an láithreáin, agus
  • Faisnéis agus cumarsáid chun úsáideoirí a chur ar an eolas roimh an seisiúin luchtaithe, lena linn agus ina dhiaidh.

Níl aon treoirlínte sonracha in Éirinn faoi láthair a thugann moltaí bunaithe ar an dearadh uilíoch chun bonneagar luchtaithe feithiclí leictreacha a dhearadh, a shuiteáil agus a oibriú. Tá sé mar aidhm ag na Treoirlínte seo soláthar a dhéanamh do bhonneagar luchtaithe atá dea-dheartha agus éasca le húsáid ar fud na tíre.

Níl na Treoirlínte seo ceangailteach ó thaobh dlí de. Tá siad ann le cúnamh teicniúil a thabhairt ionas gur féidir le heintitis bonneagar a dhearadh, a shuiteáil agus a oibriú a bheidh inrochtana ag cách. Ba chóir na Treoirlínte seo a chur i bhfeidhm nuair is féidir agus a chur in oiriúint don chás nuair is gá.


Treoirlínte um Dhearadh Uilíoch do Bhonneagar Luchtaithe

Tá na doiciméid seo a leanas ar fáil thíos:

  • Achoimre Fheidhmeach – Treoirlínte um Dhearadh Uilíoch do Bhonneagar Luchtaithe Feithiclí Leictreacha (leagan Béarla)
  • Achoimre Fheidhmeach – Treoirlínte um Dhearadh Uilíoch do Bhonneagar Luchtaithe Feithiclí Leictreacha (leagan Gaeilge)
  • Treoirlínte um Dhearadh Uilíoch do Bhonneagar Luchtaithe Feithicil Leictreacha (leagan Béarla den doiciméad iomlán)
  • Treoirlínte um Dhearadh Uilíoch do Bhonneagar Luchtaithe Feithicil Leictreacha (leagan Gaeilge den doiciméad iomlán)
Executive Summary Universal Design Guidelines for Electric Vehicle Charging Infrastructure (English version)
Amharc amharc
Executive Summary Universal Design Guidelines for Electric Vehicle Charging Infrastructure (Irish version)
Amharc amharc
Universal Design Guidelines for Electric Vehicle Charging Infrastructure (Full document English version)
Amharc amharc
The Universal Design Guidelines for Electric Vehicle Charging Infrastructure without Appendices (English version)
Amharc amharc
The Appendices for the Universal Design Guidelines for Electric Vehicle Charging Infrastructure (English version)
Amharc amharc
The Universal Design Guidelines for Electric Vehicle Charging Infrastructure without Appendices (Irish version)
Amharc amharc
The Appendices for the Universal Design Guidelines for Electric Vehicle Charging Infrastructure (Irish version)
Amharc amharc

Tá na Treoirlínte um Dhearadh Uilíoch do Bhonneagar Luchtaithe Feithiclí Leictreacha gan Aguisíní ar fáil anseo (leagan Gaeilge anseo).

Tá na hAguisíní a ghabhann leis na Treoirlínte um Dhearadh Uilíoch do Bhonneagar Luchtaithe Feithiclí Leictreacha ar fáil anseo (leagan Gaeilge anseo).


Téarmaí agus Coinníollacha

Cuirtear in iúl do fhreagróirí go bhfuil an Roinn faoi réir an Achta um Shaoráil Faisnéise, 2014, Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol), 2007-2014 agus na reachtaíochta um Chosaint Sonraí.

Níor cheart faisnéis phearsanta ná rúnda ná faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de a áireamh i do fhreagra, agus glacfar leis gur ceadmhach gach faisnéis atá sa fhreagra a scaoileadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014.


Cad a dhéanaimid le do fhreagra

Déanfaidh ZEVI athbhreithniú ar na freagraí, le tacaíocht ó Arup , ar an gcomhairliúchán a thabhairt chun críche.

Déanfar na príomhthéamaí a thagann chun cinn ó fhreagraí an phobail a bhreithniú go cúramach sa doiciméad deiridh. Tá coinne leis go bhfoilseofar na Treoirlínte ar shuíomh gréasáin an Rialtais i mí na Nollag 2023.

Tabhair faoi deara, cé go bhfuil freagraí gan ainm, go mbeidh siad, mar aon le haon aighneachtaí a sheolfar chuig an seoladh ríomhphoist thuas, faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise agus na reachtaíochta um Chosaint Sonraí.


Faisnéis faoi phríobháideachas

  • Is comhairliúchán poiblí é seo agus tá feidhm ag an Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 agus ag an reachtaíocht um Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol (RFC) maidir leis.
  • Chun príobháideachas a chinntiú, déanfar aon fhaisnéis phearsanta a thugann tú don roinn seo a chosaint faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí 2016/67 agus faoin Acht um Chosaint Sonraí 2018.
  • Is féidir leat ráiteas príobháideachais na Roinne a léamh anseo.
  • Is féidir leat breathnú ar leathanach Cosanta Sonraí na Roinne anseo ar a leagtar amach conas agus cathain a bhailíonn an Roinn sonraí pearsanta, cén fáth a mbailítear iad agus an chaoi a gcaitear leis an bhfaisnéis. Mínítear ann freisin do chearta maidir le bailiú faisnéise pearsanta agus conas is féidir leat na cearta sin a fheidhmiú.

Tuilleadh faisnéise

Tá faisnéis faoi sheirbhísí a sholáthraíonn an Roinn Iompair ar fáil ag: gov.ie - An Roinn Iompair www.gov.ie