Acht um Shaoráil Faisnéise an Scéim Foilsithe
- Foilsithe: 24 Iúil 2019
- An t-eolas is déanaí: 24 Eanáir 2024
Ceanglaítear in Alt 8 den Acht um Shaoráil Faisnéise (SF), 2014 ar chomhlachtaí SF a mhéid eolas agus is féidir a ullmhú agus a fhoilsiú ar bhealach oscailte inrochtana ar bhonn rialta lasmuigh de SF, agus aird ar phrionsabail na hoscailteachta, na trédhearcachta agus na cuntasachta, faoi mar a leagtar amach in Alt 8(5) agus 11(3) den Acht.
Ceadaíonn seo taifid a fhoilsiú nó a thabhairt lasmuigh de SF a fhad agus nach gcuirtear cosc ar an bhfoilsiú sin nó rochtain a thabhairt sa dlí. Ceanglaítear sa scéim ar chomhlachtaí SF eolas a chur ar fáil mar chuid dá ngnáthghníomhaíochtaí gnó i gcomhréir leis an scéim.
D’ullmhaigh an Roinn Iompair an scéim Foilsithe seo a leanas maidir le heolas na Roinne i gcomhlíonadh Samhla agus Treoirlínte a rinne an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.
Cáipéisí ar féidir iad a íoslódáil
Tá cruachóip den scéim ar fáil lena hiniúchadh tar éis fógra 24 uair an chloig a thabhairt ag ár n-oifig:
Freedom of Information
- Seoladh:
- Freedom of Information, Department of Transport, Leeson Lane, Dublin 2, D02 TR60
- Suíomh Gréasáin:
- Ríomhphost: