English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

An Roinn Iompair: Nochtaí Cosanta

  • Ó: An Roinn Iompair

  • Foilsithe: 30 Nollaig 2022
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Tá nuashonrú déanta ag an Roinn Iompair ar an mBeartas um Nochtaí Cosanta chun an tAcht um Nochtadh Cosanta (Leasú), 2022 a chur san áireamh.


Cé dó ar ceadmhach nochtadh cosanta a dhéanamh?

Is ceadmhach do na daoine seo a leanas nochtadh cosanta a dhéanamh de réir bheartas na Roinne Iompair:

  • gach “oibrí” sa roinn, de réir mar a shainmhínítear in alt 3 den Acht é, lena n‑áirítear
  • fostaithe san am i láthair agus san am atá thart
  • oibrithe deonacha
  • conraitheoirí neamhspleácha
  • daoine faoi oiliúint
  • iarrthóirí poist

Leagtar amach sa bheartas an próiseas trínar féidir le hoibrí nochtadh cosanta a dhéanamh, an chaoi ina láimhseáiltear tuairiscí den tsórt sin agus an méid a dhéanfaidh an Roinn chun an duine a rinne an tuairisc a chosaint.

Tá an an Roinn Iompair agus Bord Bainistíochta na Roinne tiomanta tacú le cultúr inar féidir lenár gcuid oibrithe go léir labhairt amach go sábháilte agus aon ní is údar imní a bhaineann le héagóir ábhartha, de réir mar a shainmhínítear sa reachtaíocht é, a thuairisciú, agus chun na tacaíochtaí riachtanacha a chur ar fáil dóibh siúd a ardaíonn nithe is fíor údar imní iad.

Tá tacaíochtaí saor in aisce agus neamhspleácha ar fáil d’aon duine atá ag smaoineamh ar nochtadh cosanta a dhéanamh nó atá tar éis a leithéid de nochtadh a dhéanamh. Is féidir le duine ar bith teagmháil a dhéanamh leis an líne chabhrach saor in aisce faoi rún ‘Speak Up ’ (ar an bhfón ar 1800 844 866, tríd an bhFoirm Shlán Thuairiscithe , tríd an ríomhphost , tríd an bpost nó tríd an aip Signal ), seirbhís atá á hoibriú ag Transparency International Ireland.

Tá an tseirbhís go hiomlán neamhspleách ar an roinn.


Conas nochtadh cosanta a dhéanamh

Nochtadh Cosanta faoi bhráid na Roinne Iompair

Maidir le nochtaí leictreonacha, ba cheart iad a sheoladh tríd an ríomhphost chuig ProtectedDisclosuresInternal@transport.gov.ie

Maidir le nochtaí i scríbhinn, ba cheart a lua ar an gclúdach go bhfuil siad príobháideach agus faoi rún agus iad a chur sa phost chuig:

Ceann Feidhme

An Rannán um Chomhordú agus Athchóiriú Beartas Láir

An Roinn Iompair

Lána Líosain

Baile Átha Cliath 2

D02 TR60

Nochtadh Cosanta faoi bhráid an Aire Iompair nó an Aire Stáit Iompair

Má tá oibrí fostaithe i gcomhlacht poiblí, nó má bhí tráth, féadfaidh an t oibrí nochtadh cosanta a dhéanamh d’Aire iomchuí.

Sainmhínítear “Aire iomchuí” mar Aire atá freagrach as an gcomhlacht poiblí atá i gceist, duine a ndílsítear ann nó inti na feidhmeanna, cibé acu reachtúil nó eile, maidir leis an gcomhlacht poiblí, é sin nó mar Aire Stáit a dtarmligtear chuige nó chuici aon fheidhm den tsórt sin. Go ginearálta, is é Aire mháthair roinn an chomhlachta phoiblí atá i gceist leis sin.

Maidir le nochtaí leictreonacha, ba cheart iad a sheoladh tríd an ríomhphost chuig ProtectedDisclosuresMinister@transport.gov.ie

Maidir le nochtaí i scríbhinn, ba cheart a lua ar an gclúdach go bhfuil siad príobháideach agus faoi rún agus iad a chur sa phost chuig:

An tAire Iompair / An tAire Stáit Iompair

An Roinn Iompair

Lána Líosain

Baile Átha Cliath 2

D02 TR60

Na Nochtaí Cosanta a gheobhaidh an tAire nó an tAire Stáit, cuirfear ar aghaidh go díreach chuig an gCoimisinéir um Nochtadh Cosanta iad tráth nach déanaí ná 10 lá féilire tar éis a bhfála. Ba cheart aon cheist nó comhfhreagras breise a sheoladh chuig an gCoimisinéir.


Nochtadh do Dhaoine Forordaithe

Forordaítear do dhaoine áirithe nochtuithe cosanta a fháil (“daoine forordaithe”). Áirítear leo siúd ceannasaithe nó oifigigh shinsearacha i réimse comhlachtaí a bhfuil baint acu le maoirseacht nó rialáil a dhéanamh ar earnálacha áirithe den gheilleagar nó den tsochaí.

Tá liosta iomlán na ndaoine forordaithe le fáil anseo

An Roinn Iompair – Beartas agus Nósanna Imeachta maidir le Nochtadh Cosanta
Amharc amharc

Tuarascálacha Bliantúla

An tAcht um Nochtadh Cosanta 2024
Amharc amharc
An tAcht um Nochtadh Cosanta 2023
Amharc amharc