English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Cosaint Leanaí

  • Ó: An Roinn Iompair

  • Foilsithe: 23 Iúil 2019
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Is iad na heagraíochtaí a bhfuil freagracht orthu as cosaint agus leas leanaí:

Má a cheapann tú go bhfuil baol láithreach roimh leanbh, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an nGarda Síochána. Is féidir leat teacht ar shonraí do stáisiúin aonair Ghardaí anseo.

Má bhíonn buarthaí ort faoi shábháilteacht nó leas linbh, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le seirbhís dualgais oibre sóisialta áitiúil Tusla sa cheantar ina gcónaíonn an leanbh. Is féidir leat teacht ar shonraí teagmhála do sheirbhíse oibre sóisialta áitiúil anseo.

Faoi mar a dtugtar cuntas air thuas, is ar Tusla agus an Garda Síochána atá an fhreagracht reachtúil as cosaint leanaí. Má thugtar buairt i dtaca le sábháilteacht agus leas linbh le fios don Roinn iompair, tá oibleagáid orainn an t-eolas seo a chur faoi bhráid Tusla, nó an Gharda Síochána, nó an dá eagraíocht.

Níl aon ról ag an Roinn le measúnú nó imscrúdú a dhéanamh ar aon bhuarthaí um chosaint leanaí. Baineann ríthábhacht, áfach, le leas leanaí agus tá dualgas ar an Roinn a chinntiú go gcuirtear aon bhuarthaí nó aon líomhaintí faoi bhráid Tusla nó an Gharda Síochána. Seolfaimid aon bhuarthaí nó líomhaintí ar aghaidh ina n-iomláine agus gan bhreithiúnas.


An tAcht um Thús Áite do Leanaí, 2015

Achtaíodh an tAcht um Thús Áite do Leanaí, 2015 an 19 Samhain 2015 agus bhí tús iomlán curtha leis an 11 Nollaig 2017.

Leagtar oibleagáidí breise san Acht ar sholáthraithe seirbhísí áirithe do leanaí.

Faoi mar a cheanglaítear in Alt 27 den Acht, d’ullmhaigh an Roinn plean earnála um chur i bhfeidhm agus tá seo ar fáil lena íoslódáil ón nasc thíos.

Cé go ndéanann an Roinn idirghníomhú díreach an-teoranta le leanaí, lena chinntiú go sásaímid ár n-oibleagáidí faoin Acht agus faoi na Treoirlínte maidir le Tús Áite do Leanaí go ginearálta, tá Ráiteas um Chosaint Leanaí arna fhorbairt againn, chomh maith, agus is féidir é a íoslódáil ón nasc thíos.

Child Safeguarding Statement
This Statement details the relevant services provided by the Department of Transport to children and the principles and procedures in place to ensure, as far as practicable, that a child availing of these services is safe from harm. Updated June 2024.
Amharc amharc
Children First Sectoral Implementation Plan
This Statement details the relevant services provided by the Department of Transport to children and the principles and procedures in place to ensure, as far as practicable, that a child availing of these services is safe from harm
Amharc amharc