English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Dualgas maidir le Comhionannas agus Cearta Daonna

  • Ó: An Roinn Iompair

  • Foilsithe: 12 Meán Fómhair 2023
  • An t-eolas is déanaí: 11 Meán Fómhair 2023

Tá freagracht ar na comhlachtaí poiblí in Éirinn, faoin Dualgas maidir le Comhionannas agus Cearta Daonna san Earnáil Phoiblí, chun comhionannas a chur chun cinn, cosc a chur ar idirdhealú agus cearta daonna a bhfostaithe, custaiméirí, úsáideoirí seirbhíse agus gach duine a chosaint a n-imríonn a mbeartais agus a bpleananna tionchar orthu. Oibleagáid dhlíthiúil é seo, ar a dtugtar an Dualgas maidir le Comhionannas agus Cearta Daonna san Earnáil Phoiblí faoi Alt 42 den Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014.

Leagtar amach in Alt 42 den Acht trí chroíbheart a bhfuil comhlachtaí poiblí le tabhairt fúthu. Is iad seo:

• Nuair a bhíonn pleananna straitéiseacha á n-ullmhú, caithfidh comhlachtaí earnála poiblí na saincheisteanna maidir le cearta daonna agus comhionannas a mheasúnú agus a shainaithint a bhaineann lena bhfeidhmeanna. Caithfidh na saincheisteanna seo baint lena bhfeidhmeanna go léir mar dhéantóir beartas, fostóir agus soláthraí seirbhíse.

• Caithfidh comhlachtaí poiblí na beartais agus na cleachtais a shainaithint ansin atá i bhfeidhm acu nó a bheartaíonn siad a chur i bhfeidhm chun dul i ngleic leis na saincheisteanna seo.

• Caithfidh comhlachtaí poiblí tuairisciú ina dtuarascálacha bliantúla, nó i gcáipéisí comhionanna, ar bhforbairtí agus an méid a bhain siad amach ina leith sin, ar bhealach atá inrochtana don phobal

Tá Measúnú agus Plean Gníomhaíochta na Roinne Iompair ar Dhleacht na hEarnála Poiblí 2023 – 2025 foilsithe anois (thíos) agus tuairisceofar dul chun cinn i dTuarascálacha Bliantúla na Roinne Iompair.

Plean Gníomhaíochta agus Measúnaithe Dhualgas na hEarnála Poiblí de chuid na Roinne Iompair
Department of Transport Public Sector Duty Assesment and Action Plan
Amharc amharc