Gairmeacha leis an Roinn Iompair
- Foilsithe: 12 Deireadh Fómhair 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Folúntais Reatha
- Cultúr Cuimsitheach
- Róil Éagsúla
- Conas Iarratas a Dhéanamh ar Ghairmeacha sa Roinn Iompair
- Suíomhanna Éagsúla
- Socruithe Solúbtha Oibre
- Incrimintí Tuarastail
- Teidlíochtaí Pinsin
- Scéim Saoire Bhreoiteachta Íoctha
- Foghlaim agus Forbairt
- Scéimeanna
- An bhfuil suim agat a bheith mar chuid dár bhFoireann?
Tá os cionn 600 ball foirne ag obair don Roinn Iompair ar fud na tíre. Cuireann an Roinn Iompair gairm bheatha thairbheach, shásúil agus éagsúil ar fáil dá cuid fostaithe i dtimpeallacht oibre thacúil, chuimsitheach agus dhearfach.
Folúntais Reatha
Fógraítear gach folúntas sa Roinn ar shuíomh idirlín PAS: www.publicjobs.ie
Cultúr Cuimsitheach
Glacann an roinn le lucht saothair ó chúlraí éagsúla agus aithníonn an luach a chuireann baill foirne de chúlraí, dearcthaí agus tacair scileanna éagsúla leis an eagraíocht. Is croíluach é éiteas na seirbhíse poiblí atá againn agus cuirimid comhdheiseanna ar fáil don fhoireann ar fad agus spreagaimid timpeallacht oibre dhinimiciúil.
Tá luachanna na seirbhíse poiblí agus na roinne araon mar threoir ag an gcaoi a n-oibrímid, agus cuireann siad bonn eolais faoinár n-iompraíocht aonair agus chomhchoiteann agus faoinár gcinnteoireacht. Tá ár gcomhchuspóir mar bhunchloch ag ár luachanna, agus tugann sé comhghleacaithe le chéile chun difríocht dhearfach a
dhéanamh sa tsochaí:
• Uaillmhian: Táimid dírithe ar an Todhchaí.
• Cáilíocht agus Seachadadh: Déanaimid ár ndícheall chun Sármhaitheas a bhaint amach.
• Comhoibriú: Is le chéile a dhéanaimid an obair is fearr.
• Éiteas na Seirbhíse Poiblí: Tá seirbhís phoiblí i gcroílár gach a ndéanaimid.
Chun tuilleadh eolais a fháil ar ár gcuspóir comhroinnte, féach Ráiteas Straitéise na Roinne 2023-2025.
Róil Éagsúla
Oibríonn foireann na Roinne i raon leathan réimsí agus ról, idir róil ghinearálta riaracháin agus seirbhíse agus phoist ghairmiúla speisialaithe.
Tá formhór mór na ról oiriúnach do shocruithe oibre cumaiscthe, rud atá éascaithe ag córais shofaisticiúla TF. Bíonn obair lasmuigh i gceist le róil eile a bhaineann lenár gcigireacht, agus le hoibríochtaí atá ríthábhachtach ó thaobh sábháilteachta de, mar shampla róil speisialaithe i nGarda Cósta na hÉireann, in aonaid imscrúdaithe timpistí agus in Oifig na Suirbhéireachta Muirí.
Cuirimid deiseanna ar fáil freisin chun a bheith ag obair thar lear i bpoist straitéiseacha tábhachtacha, amhail an Bhuanionadaíocht atá againn sa Choimisiún Eorpach sa Bhruiséil agus mar shaineolaithe náisiúnta ar iasacht d'eagraíochtaí idirnáisiúnta éagsúla.
Conas Iarratas a Dhéanamh ar Ghairmeacha sa Roinn Iompair
Téann formhór na ndaoine atá ag obair linn isteach sa Státseirbhís trí fheachtais earcaíochta atá á reáchtáil ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí (PAS). Tagann deiseanna ar ardú céime chun cinn trí mheascán de chomórtais inmheánacha, idir-rannacha agus PAS.
Chun clárú le haghaidh foláirimh phoist ar fud na hearnála poiblí, An Roinn Iompair san áireamh, cláraigh leis an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí.
• Oifigeach Seirbhíse - Grád Iontrála
• Oifigeach Cléireachais - Grád Iontrála
• Oifigeach Feidhmiúcháin – Grád Iontrála/Iontrála do Chéimithe
• Ardoifigeach Feidhmiúcháin
• Oifigeach Feidhmiúcháin – Grád Iontrála do Chéimithe
• Príomhoifigeach Cúnta – Grád Iontrála don Bhainistíocht Shinsearach
• Príomhoifigeach
• Ard-Rúnaí Cúnta
• Ard-Rúnaí
Earcaímid go díreach freisin le haghaidh sainróil ghairmiúla agus theicniúla.
Fógraítear folúntais do róil speisialaithe agus ghairmiúla i réimsí amhail Eacnamaíocht, Innealtóireacht, Airgeadas, TF/TFC, Seirbhísí Dlí, Suirbhéireacht, Imscrúdaitheoir Timpistí Aeir/Mara/Iarnróid, róil i nGarda Cósta na hÉireann etc., ó am go chéile de réir riachtanais ghnó na Roinne.
Suíomhanna Éagsúla
Chomh maith lenár líonra oifigí agus príomhshuíomhanna ar fud na tíre, tá láithreacht ag an Roinn freisin in áiteanna tábhachtacha eile amhail an Bhuanionadaíocht sa Bhruiséil. Tagann deiseanna chun cinn go rialta chun fostaithe a thabhairt ar iasacht do Ranna agus gníomhaireachtaí Rialtais eile agus d'Institiúidí AE agus Idirnáisiúnta, i gcomhréir le riachtanais ghnó riaracháin tras-Rannach agus AE agus Idirnáisiúnta.
Socruithe Solúbtha Oibre
Cuireann muid Réimse leathan sochar ar fáil a thugann tacaíocht agus solúbthacht sa bhreis don fhostaí agus a chuireann ar a chumas cothromaíocht oibre is saoil thaitneamhach a bhaint amach, lena n-áirítear:
• socruithe solúbtha oibre
• uaireanta oibre solúbtha
• saoire mháithreachas, uchtála, atharthachta, thuismitheoireachta
• saoire thuismitheoireachta
• bliain oibre níos giorra
• sosanna gairme agus eile.
Incrimintí Tuarastail
Tá státseirbhísigh atá fostaithe ag an Roinn i dteideal scála pá srathach ina mbronntar incrimintí bliantúla, faoi réir feidhmíocht shásúil agus comhlíonadh na dtreoirlínte um Shaoire Bhreoiteachta. Braitheann do scála pá ar do ghrád agus ar fhreagrachtaí gaolmhara.
Teidlíochtaí Pinsin
Tairgfear na téarmaí agus coinníollacha aoisliúntais (pinsin) cuí d'fhostaithe na Roinne mar a bhí i réim sa Státseirbhís tráth a dtairgtear ceapachán dóibh. Tairgfear ceapachán do bhall foirne nua nár oibrigh riamh sa tSeirbhís Phoiblí bunaithe ar bhallraíocht i Scéim Pinsean Aonair na Seirbhíse Poiblí.
Scéim Saoire Bhreoiteachta Íoctha
Beidh feidhm ag pá le linn tréimhsí asláithreachta ar bhonn pro rata, de réir fhorálacha na gciorclán saoire bhreoiteachta atá i réim.
Forálann Scéim Saoire Bhreoiteachta Íoctha d'íocaíocht leis an bhfoireann le linn tréimhsí asláithreachta ón obair mar gheall ar bhreoiteacht nó gortú:
• 92 lá ar a mhéad ar phá iomlán i dtréimhse rollach bliana
• 91 lá ar a mhéad ar leathphá i dtréimhse rollach bliana ina dhiaidh sin
• Faoi réir uasmhéid de 183 lá de shaoire bhreoiteachta le pá i dtréimhse rollach ceithre bliana
Mar aitheantas gur féidir, uaireanta, tréimhse níos faide de shaoire bhreoiteachta a bheith ag teastáil chun aghaidh a thabhairt ar thinneas criticiúil nó ar ghortú tromchúiseach fisiciúil, tá Forálacha Breoiteachta Criticiúla eile ann a d'fhéadfadh a bheith i bhfeidhm i gcúinsí eisceachtúla.
Foghlaim agus Forbairt
Tá an Roinn tiomanta d'oiliúint agus d'fhorbairt leanúnach ár bhfoirne chun a chinntiú go bhfuil tacair scileanna ábhartha againn chun cabhrú linn ár gcuspóirí gnó a bhaint amach agus go dtacaítear lenár bhfoireann chun deiseanna féinfhorbartha a shaothrú. Críochnaíonn gach ball foirne Plean Foghlama agus Forbartha bliantúil lena mbainisteoir chun cúrsaí oiliúna a roghnú a chabhróidh leo a spriocanna oibre a bhaint amach.
Tacaíonn an Roinn, trína scéim maidir le Réamhíocaíocht Táillí Tríú Leibhéal, le cúrsaí foirmiúla oideachais as a dtagann cáilíochtaí oideachais nó gairmiúla a bhaineann le riachtanais ghnó na Roinne. Tugtar faoi na cúrsaí seo in am pearsanta an fhostaí, ach tacóidh an Roinn le rannpháirtithe trí staidéar íoctha agus saoire scrúdaithe a sholáthar.
Scéimeanna
Tá foireann na Roinne i dteideal iarratas a dhéanamh ar an Scéim Pas Taistil agus ar an Scéim um Rothaíocht chun na hOibre agus ar an Scéim Ticéad Comaitéireachta Taxsaver.Is Fostóir muid a thacaíonn le Rothaíocht agus Taisteal níos Cliste, agus ar bronnadh deimhniú ‘Gold Cycle Friendly’ agus ‘Gold Smarter Travel’ orainn.
An bhfuil suim agat a bheith mar chuid dár bhFoireann?
Is í an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí (PAS) is mó a éascaíonn earcaíocht don Roinn Iompair. Fógraítear gach folúntas sa Roinn ar shuíomh idirlín PAS: : www.publicjobs.ie.
Cláraigh leis an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí agus cláraigh le haghaidh foláirimh phoist bunaithe ar do réimsí spéise chun nuashonruithe ríomhphoist a fháil faoi chomórtais nua.
Chun eolas ginearálta a fháil faoi ghairmeacha ginearálta agus speisialaithe sa roinn seo, is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn go díreach sa Rannán Acmhainní Daonna:
Seoladh:
An Rannóg Acmhainní Daonna, An Roinn Iompair, Lána Líosain, Baile Átha Cliath, D02 TR60
Ríomhphost:
Uimhir theileafóin:
+353 1 670 7444
Ní mór iarratais ar chomórtais a chur isteach ar fhoirmeacha iarratais ainmnithe tríd an bpróiseas atá leagtha amach sa Leabhrán Eolais Iarrthóra a bhaineann leis an gcomórtas sin.