English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Maidir le Feithiclí Astaíochta Nialasacha Éireann

  • Ó: An Roinn Iompair

  • Foilsithe: 21 Iúil 2022
  • An t-eolas is déanaí: 22 Feabhra 2023

Cé muid féin

Bunaíodh Feithiclí Astaíochtaí Nialasacha Éireann an 21 Iúil 2022, mar a mhol Tuarascáil ón nGrúpa Oibre um Chonair i dTreo Beartas Feithiclí Leictreacha i mí Mheán Fómhair 2021 agus i ndiaidh Ghníomh 274 den Phlean Gnímh don Aeráid 2021.

Is tionscnamh de chuid Rialtas na hÉireann é Feithiclí Astaíochtaí Nialasacha Éireann atá bunaithe sa Roinn Iompair agus a bhfuil a fheidhmeanna roinnte ar 4 phríomh-eagraíocht, ag tarraingt ar scileanna agus ar thaithí na n-eagraíochtaí sin:

  • An Roinn Iompair
  • Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI)
  • an tÚdarás Náisiúnta Iompair (NTA)
  • Bonneagar Iompair Éireann (TII)

An Bord Dearbhaithe

Cuireann an Bord Dearbhaithe maoirseacht agus dearbhú ar fáil maidir le cur i bhfeidhm rathúil Chlár Oibre na hOifige.

An Grúpa Dul chun Cinn

Is é an Grúpa Dul Chun Cinn an comhlacht rialachais atá freagrach as monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn an Chláir Oibre, as cur i gcrích tascanna a chinntiú agus as príomhtháscairí feidhmíochta a bhaint amach (PTFanna).

An Oifig Bainistíochta Cláir (PMO)

Tacaíonn an PMO le pleanáil agus seachadadh, agus comhordaíonn sé rialachas le haghaidh Feithiclí Astaíochtaí Nialasacha Éireann.


Cad a dhéanaimid

Déanann Feithiclí Astaíochtaí Nialasacha Éireann comhordú ar bhearta chun tacú le ráta glactha feithiclí astaíochtaí nialasacha agus le rolladh amach bonneagair phointí luchtaithe chun dlús a chur leis an dul chun cinn i dtreo spriocanna uaillmhianacha na hÉireann maidir le feithiclí leictreacha ar tugadh gealltanas ina leith sa Phlean Gnímh don Aeráid 2021.

Tá guth oibiachtúil aige maidir le feithiclí astaíochtaí nialasacha, cuireann sé comhairle ar na hearnálacha poiblí agus príobháideacha araon agus déanann sé caidreamh suntasach le páirtithe leasmhara. Oibríonn an Oifig ar fud an rialtais, an tionscail agus na sochaí chun tacú leis an aistriú go dtí feithiclí astaíochtaí nialasacha.

I measc a chuid oibríochtaí tá:

  • tacaíochtaí don ráta glactha feithiclí astaíochtaí nialasacha
  • bonneagar a sholáthar trí chistiú agus treoraíocht maidir le beartais
  • straitéis agus beartais a threorú, lena n-áirítear cánachas agus rialáil
  • taighde agus nuálaíocht
  • cumarsáid agus caidreamh leis an bpobal agus le páirtithe leasmhara