Muirí
- Foilsithe: 2 Iúil 2019
- An t-eolas is déanaí: 4 Aibreán 2023
- Riarachán Muirí na hÉireann
- Garda Cósta Na hÉireann
- Oifig na Suirbhéireachta Muirí.
- Rannóg Beartais um Shábháilteacht Mhuirí
- An Rannán Seirbhísí Corparáideacha
- Seirbhísí Iompair Muirí
- An Oifig Loingis Thráchtála
- Riarachán FTP
Riarachán Muirí na hÉireann
Bunaíodh Riarachán Muirí na hÉireann (IMA) in 2013 chun pleanáil agus seachadadh seirbhísí muirí uile na Roinne a chomhtháthú faoi aon oifig náisiúnta amháin. Tá sé lárnach d’iarrachtaí na Roinne seirbhísí muirí a sholáthar ar bhealach níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí.
Tá an earnáil iompair mhuirí á forbairt ag an IMA, trí bhaint amach leibhéil idirnáisiúnta sábháilteachta a éascú agus trí fheabhas a chur ar an mbonneagar a theastaíonn chun fostaíocht a chinntiú sna hearnálacha loingseoireachta, iascaireachta agus fóillíochta.
Garda Cósta Na hÉireann
Is iad príomhfheidhmeanna Gharda Cósta na hÉireann cuardach agus tarrtháil a chomhordú i réigiún Cuardaigh agus Tarrthála na hÉireann, idirghabháil a dhéanamh de réir mar is gá i dtaismeach muirí chun damáiste ó thruailliú ar an gcósta agus leasanna gaolmhara a chosc nó a íoslaghdú, freagairt d’árthaí a iarrann áit. Tearmann, réimeas an Choinbhinsiúin um Ullmhacht, Freagairt agus Chomhoibriú Ola a chur i bhfeidhm in Éirinn agus Seirbhís Cúnaimh Mhuirí a sholáthar.
I gcás éigeandála, glaoigh ar 112/999 agus iarr ar an nGarda Cósta.
Seachas sin is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis na hoifigí riaracháin ag:
Head Office
Oifig na Suirbhéireachta Muirí.
Is cuid de Riarachán Muirí na hÉireann (IMA) Oifig na Suirbhéireachta Muirí (MSO). Tá MSO freagrach as gach reachtaíocht náisiúnta agus idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm maidir le sábháilteacht loingseoireachta agus cosc a chur ar thruailliú an chomhshaoil mhuirí ó fhoinsí longbhunaithe.
Déanann an Oifig an ceadú tosaigh maidir le dearaí agus líníochtaí do shoithí nua nó modhnuithe ar shoithí atá ann cheana agus déanann sí ansin na suirbhéanna is gá chun na soithí sin a dheimhniú. Ina theannta sin, cuireann sé go leor seirbhísí coimhdeacha agus cúltaca ar fáil don tionscal loingseoireachta, don Roinn Iompair, agus do Ranna Rialtais éagsúla chomh maith le hionadaíocht theicniúil ag cruinnithe idirnáisiúnta ábhartha.
Suirbhéirí Mara den chuid is mó atá ar fhoireann na hOifige ó chúlraí a chinntíonn saineolas sna disciplíní gairmiúla éagsúla seo a leanas: farraige/loingseoireachta, innealtóireacht, ailtireacht chabhlaigh agus raidió, gach ceann acu riachtanach chun freastal ar gach gné d’fheidhmeanna agus d’oibleagáidí na hOifige.
Is iad seo a leanas seoltaí Oifigí na Suirbhéireachta Muirí:
Marine Survey Office
- Seoladh:
- 5th floor, Leeson Lane, Dublin, D02 TR60
- Ríomhphost:
Rannóg Beartais um Shábháilteacht Mhuirí
Tá an Rannán Beartais um Shábháilteacht Mhuirí freagrach as beartas sábháilteachta muirí lena n-áirítear an comhshaol muirí agus cosc ar thruailliú, as an gclár reachtach chun tacú leis, agus as rialachas corparáideach an Bhoird um Imscrúdú Taismí Muirí (MCIB).
Le haghaidh ceisteanna ghinearálta, seol ríomhphost chuig maritimesafetypolicydivision@transport.gov.ie
Le haghaidh ceisteanna maidir le Fógraí Muirí, seol ríomhphost chuig marinenotices@transport.gov.ie
Is foinse luachmhar faisnéise, comhairle agus treoir oibriúcháin dea-chleachtais é anCód Cleachtais um Oibriú Sábháilte Árthaí Áineasa d’úinéirí, máistrí, oibreoirí agus úsáideoirí raon árthaí pléisiúir agus áineasa a oibríonn in uiscí cósta agus intíre na hÉireann.
Le haghaidh ceisteanna faoin bhfoilseachán seo agus treoir arInrochtaineacht Iompar Paisinéirí Muirí , seol ríomhphos chuig marineleisuresafety@transport.gov.ie
An Rannán Seirbhísí Corparáideacha
Tacaíonn an Rannán Seirbhísí Muirí (MSD) le seachadadh feidhmeanna sábháilteachta muirí agus rialúcháin, freagairt éigeandála mara agus bearta um chosc ar thruailliú. Sa ról seo, tugann sé cúnamh agus comhairle do Gharda Cósta na hÉireann agus Oifig na Suirbhéireachta Muirí agus tá sé freagrach as oibriú na hOifige Marsantach Mara.
Tá ról rialachathe corparáideach aige freisin do Choimisinéirí Soilse na hÉireann. Tá sé de chúram ar MSD forbairt IT a chur i bhfeidhm ar fud an IMA chun éifeachtúlacht agus éifeachtacht a fheabhsú, chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí seirbhíse agus chun seirbhís éifeachtach cothrom le dáta a thairiscint don phobal agus don tionscal.
Le haghaidh ceisteanna a bhaineann leis na rialacháin leighis/scéim mheasúnaithe, seol ríomhphost chuig medicalregulations@transport.gov.ie
Teagmháil: MSD@transport.gov.ie
Seirbhísí Iompair Muirí
Tá an Rannóg Iompair Muirí freagrach as forbairt agus cur i bhfeidhm beartais maidir le calafoirt agus loingeas.
Foilsíodh Beartas Náisiúnta Calafort nua i mí an Mhárta 2013. Is é croíchuspóir Bheartas Náisiúnta na gCalafort margadh iomaíoch agus éifeachtach a éascú do sheirbhísí iompair muirí.
Tá cóip den doiciméad beartais nua ar fáil anseo.
Is iad na hearnálacha loingseoireachta agus tráchtála muirí na fostóirí díreacha is mó i ngeilleagar muirí na hÉireann. Meastar go ndéanann an earnáil ranníocaíocht dhíreach os cionn 40% den láimhdeachas iomlán don earnáil mhuirí ar fad.
Tá sé mar aidhm ag an Roinn coinníollacha a chothú a thacaíonn le forbairt úinéireachta long atá bunaithe in Éirinn, bainistíocht long agus gníomhaíochtaí muirí gaolmhara.
Mar thoradh ar phaindéim Covid-19 tháinig titim beagnach iomlán ar thrácht paisinéirí farantóireachta agus titim gharbh i ngníomhaíocht lasta. I míonna tosaigh na paindéime, tháinig laghdú breis is 95% ar ghluaiseachtaí paisinéirí agus tháinig laghdú thart ar 40% ar thoirteanna lasta. Chuir sé sin amhras faoi inmharthanacht tráchtála seirbhísí ROPAX (báid farantóireachta paisinéirí agus lasta comhcheangailte) ar chonairí loingseoireachta na Mór-Roinne agus an Deiscirt. Bhí imní ar oibreoirí ag an am sin faoin gcumas an leibhéal seirbhíse reatha a choinneáil ar na bealaí seo.
Tugadh isteach socrú sealadach PSO Covid-19 chun aghaidh a thabhairt ar chliseadh ionchasach an mhargaidh ar phríomhbhealaí áirithe ROPAX ar feadh 3 mhí, ó Aibreán 2020, ag cinntiú go raibh seirbhísí loingseoireachta fós ag feidhmiú, rud a chinnteoidh iompar leanúnach soláthairtí, earraí agus pearsanra riachtanacha isteach agus amach as an tír. agus athdhúichiú na saoránach.
Is féidir tuilleadh sonraí a fháil sa phreaseisiúint seo.
Is í Oifig Forbartha Muirí na hÉireann an Comhlacht Forbartha Reachtúil atá freagrach as forbairt earnáil seirbhísí loingseoireachta na hÉireann. Tá ról acu freisin maidir le comhairle a chur ar an Aire maidir le beartas loingseoireachta.
An Oifig Loingis Thráchtála
Tá bunús reachtúil le feidhmeanna an MMO in dhá phíosa reachtaíochta, an tAcht Loingis Cheannaíochta, 1894 agus an tAcht Loingis Thráchtála, 1955. Tá go leor feidhmeanna agus dualgas curtha ar an gCeannfort agus ar an Oifig Loingis Thráchtála sna hAchtanna seo.
Is iad na príomhfheidhmeanna reachtúla a dhéanann an MMO don phobal ná Clár Ginearálta Loingseoireachta a choinneáil, cabhrú le húinéirí soithí le gach gné de Chlárú Loinge agus gníomhaíochtaí ar nós suirbhéanna agus eisiúint Ceadúnais Raidió Loinge agus an Córas Faisnéise agus an suíomh Gréasáin do Mharaithe a chothabháil., ag cabhrú le maraithe le gach gné d'iarratais ar dheimhniú. Tá dul chun cinn á dhéanamh ar thionscadail IT a sholáthróidh córas oibre ar líne níos éifeachtaí do sholáthraithe Teastais seachtracha, do Dhochtúirí faofa a eisíonn teastais oiriúnachta leighis do mharaithe agus d’iarratasóirí ar cheadúnais raidió loinge.
Riarachán FTP
Riarachán Oifig na Suirbhéireachta Muirí (MSO) - soláthraíonn sé an tacaíocht riachtanach d’Oifig na Suirbhéireachta Muirí (MSO) chun a ról mar rialtóir iompair mhuirí a chomhlíonadh maidir le sábháilteacht, slándáil, cosaint an chomhshaoil agus coinníollacha maireachtála agus oibre do shoithí agus do chalafoirt in Éirinn agus Longa Éireannacha thar lear.
Is iad na príomhchúraimí atá ar Riarachán MSO ná Deimhnithe Árthaigh a eisiúint, cothabháil agus monatóireacht laethúil ar SafeSeas Ireland agus soláthar tacaíochta riaracháin maidir le slándáil Calafoirt/Bratach agus muirí. Tá creidiúnú ISO NSAI ag an MSO faoi láthair a chothaítear go bliantúil le cúnamh ó Riarachán MSO.
Is é an MSO an tÚdarás um Fhaireachas Margaidh freisin maidir le hÁrthaí Áineasa agus Trealamh Mara. Tugann Riarachán MSO tacaíocht freisin do na suirbhéirí lena ndualgais reachtúla a chomhlíonadh ina leith seo.
Tá ról rialachais chorparáidigh ag lucht riaracháin MSO do Choimisinéirí Soilse na hÉireann maraon le monatóireacht agus próiseáil ar ranníocaíocht airgeadais Rialtas na hÉireann le hoibríochtaí CIL.
truailliú doirteadh ola – feidhmíonn riartha MSO go príomha mar sheirbhísí tacaíochta chun bearta um chosc ar thruailliú a sheachadadh go sonrach maidir le hOiliúint ar Thruailliú Doirteadh Ola agus Pleananna um Thruailliú Doirteadh Ola.