English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Oifigigh Rochtana agus Fhiosrúcháin

  • Ó: An Roinn Iompair

  • Foilsithe: 16 Iúil 2019
  • An t-eolas is déanaí: 3 Iúil 2024

Ó An Roinn Iompair

Foilsithe 15 Iúil 2019

Arna nuashonrú 8 Feabhra 2022

Tá Oifigeach Rochtana ceaptha ag an Roinn Iompair de réir Ailt 26 den Acht um Mhíchumas 2005.

Tá an tOifigeach Rochtana freagrach as cúnamh agus treoir a sholáthar, nó a shocrú, agus a chomhordú, do dhaoine le míchumas teacht ar sheirbhísí a chuirtear ar fáil ag na hoifigí agus go ginearálta chun feidhmiú mar phointe teagmhála do dhaoine faoi míchumas a theastaíonn uathu teacht ar a leithéid de sheirbhísí.

Is iad seo a leanas na sonraí teagmhála:

Oifigeach Rochtana

Seoladh:

An Roinn Iompair, Lána Líosain, Baile Átha Cliath 2

Ríomhphost:

access.officer@transport.gov.ie

Uimhir theileafóin:

01 670 7444


Oifigeach Fiosrúcháin

Chomh maith leis seo, tá Oifigeach Fiosrúcháin ceaptha ag an Roinn Iompair chun imscrúdú a dhéanamh ar ghearáin a dhéantar faoi Alt 38 den Acht um Mhíchumas 2005.

Déanfaidh an tOifigeach Fiosrúcháin imscrúduithe go príobháideach agus cuirfear tuarascáil ar fáil, a dheimhneoidh an bhfuil do ghearán bailí nó nach bhfuil, agus má tá teip déanta ag an Roinn Iompair i leith do chuid ghearáin.

Sa chás go bhfuil teip ann, leagfar amach sa tuarascáil na céimeanna atá le glacadh chun comhlíonadh todhchaí a chinntiú. Cuirfear an tuarascáil seo ar fáil d’Ard-Rúnaí na Roinne agus don duine a rinne an gearán.

Is iad seo a leanas na sonraí teagmhála d’Oifigeach Fiosrúcháin na Roinne:

Oifigeach Fiosrúcháin

Seoladh:

An Roinn Iompair, Lána Líosain, Baile Átha Cliath 2

Ríomhphost:

inquiry.officer@transport.gov.ie

Uimhir theileafóin:

01 670 7444