English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol

  • Ó: An Roinn Iompair

  • Foilsithe: 17 Iúil 2019
  • An t-eolas is déanaí: 10 Nollaig 2021

Mar gheall ar phaindéim Covid-19, dúnadh tromlach oifigí na Roinne agus déantar an obair a láimhseáil go cianda. Mar thoradh air sin, d’fhéadfadh nach mbeadh post i roinnt limistéar á bhailiú ar feadh roinnt ama.

Chun cabhrú linn a chinntiú go láimhseáiltear na hiarrataí ar Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol a luaithe agus is féidir, ba mhór againn é gá bhféadfaí iarrataí RFT a sheoladh go leictreonach chuig an seoladh seo a leanas go ceann tamaill:

Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol – AccessInformationEnvironment@transport.gov.ie

Go raibh maith agat as ucht do chomhoibrithe.

An tAonad RFC

An 23 Samhain 2020


Réamhrá

Faoi dhlí na hEorpa, tá cearta dlíthiúla agat teacht ar fhaisnéis faoin gcomhshaol a lorg ó údaráis phoiblí. Tugtar na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol (RFC) ar na cearta seo.

I measc na gcomhlachtaí ar féidir leat faisnéis a iarraidh orthu, tá:

• Ranna Rialtais (mar shampla: an Roinn Iompair)

• Údaráis áitiúla (mar shampla: Comhairle Contae Chorcaí)

• Gníomhaireachtaí stáit neamhthráchtála (mar shampla: an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil)

• Gníomhaireachtaí stáit tráchtála (mar shampla: EirGrid)

• Comhlachtaí rialála (mar shampla: an Coimisiún um Rialáil Fuinnimh)


Iarratas a dhéanamh

Nuair a bhíonn iarraidh á déanamh ar fhaisnéis faoi na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol, caithfidh tú:

• A lua go bhfuil an t-iarratas á dhéanamh faoi na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol

• Do shonraí teagmhála a sholáthar

• A lua, i dtéarmaí atá chomh sonrach agus is féidir, an fhaisnéis faoin gcomhshaol a theastaíonn

Foirm agus bealach na rochtana a theastaíonn a shonrú

Cuirfear thú ar an eolas ar an gcinneadh a rinneadh faoi d’iarraidh laistigh de 1 mhí i ndiaidh é a fháil, de ghnáth.

Is féidir iarratais a sheoladh sa phost nó ar ríomhphost chuig na seoltaí thíos.

An tAonad RFC

An Roinn Iompair

Lána Líosain

Baile Átha Cliath 2

Éire

D02 TR60

Ríomhphost:AccessInformationEnvironment@transport.gov.ie


An tAonad RFC

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Oifig RFC ar an nguthán trí ghlaoch ar 085 8797044


Táillí ar iarratas a dhéanamh

Ní ghearrtar aon táille thosaigh nuair a bhíonn iarraidh á seoladh ar aghaidh ar eolas faoi RFC.

Is féidir le húdarás poiblí táille réasúnta a ghearradh, áfach, ar fhaisnéis faoin gcomhshaol a sholáthar ag brath ar an méid oibre a bhíonn i gceist le faisnéis a chur le chéile nuair nach raibh fáil uirthi roimhe seo i bhformáid inrochtana. Is é an táille seo €20.95 san uair.

Má theastaíonn cruachóipeanna ó iarrthóirí, d’fhéadfaí táille 4c an bhileog a ghearradh ag brath ar an méid faisnéise a chuimsítear san iarraidh agus cuirfear seo in iúl sa litir dheiridh.

Nuair is dóchúil go mbeidh an costas measta ar fhaisnéis ar an gcomhshaol a sholáthar os cionn €100, beidh éarlais ar a laghad 20% den mhéid iomlán le híoc. Sna cásanna siúd, cuirfear an t-iarrthóir ar an eolas i scríbhinn ar staid na gcúrsaí agus cuirfear deis ar fáil dóibh an iarraidh a athbhreithniú nó a leasú.

Is féidir táillí maidir le faisnéis a sholáthar a tharscaoileadh nuair a mheastar go mbeidh an costas níos lú ná €10.00.


Cinneadh a achomharc

Mura bhfuil tú sásta leis an gcinneadh a rinneadh faoi d’iarraidh, nó má bhraitheann tú nár déileáladh i gceart le d’iarraidh, ar bhealach eile, i gcomhréir le forálacha na Rialachán um Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol, is féidir leat athbhreithniú inmheánach a iarraidh. Caithfidh tú é seo a iarraidh laistigh de mhí amháin tar éis an cinneadh a fháil. Is féidir leat d’iarratas ar achomharc a sheoladh chuig an áit chéanna ar sheol tú do bhuniarraidh.

Ní ghearrfar aon táille ar an bpróiseas athbhreithnithe inmheánaigh.

Gheobhaidh tú toradh scríofa ar an athbhreithniú a chuirfidh ar an eolas thú ar an gcinneadh, an chúis a bhí leis an gcinneadh agus a chuirfidh an ceart atá agat in iúl duit chun achomharc a dhéanamh leis an gCoimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil. Tabharfar sonraí freisin faoi na teorainneacha ama agus na táillí a bhaineann le hachomharc den sórt sin. Eiseofar toradh an athbhreithnithe duit laistigh de mhí amháin tar éis an dáta a fhaightear an iarraidh.


An Coimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil

Is féidir achomharc scríofa a sheoladh chuig an gCoimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil.

Foráiltear sna Rialacháin RFC go ngearrfar táille €50 ar achomharc a dhéanamh leis an gCoimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil.

Déantar foráil freisin, áfach, do tháille laghdaithe achomhairc €15 a ghearradh ar shealbhóirí cárta leighis agus ar a gcleithiúnaithe.

Gearrfar táille laghdaithe achomhairc freisin ar dhaoine, nach páirtí leis an iarraidh bhunúil iad chun teacht ar fhaisnéis, le cinneadh a achomharc chun faisnéis a scaoileadh a gcreideann siad go ndéanfaidh sé difear dóibh.