Acmhainní agus Taighde Iompair
- Foilsithe: 27 Márta 2024
- An t-eolas is déanaí: 30 Aibreán 2024
Tá gach gníomh oiriúnaithe dea-chleachtais bunaithe ar fhianaise a forbraíodh trí thaighde saineolach, a chuirtear i bhfeidhm go háitiúil. Toisc go n-úsáidtear an fhaisnéis agus an taighde is déanaí agus is cruinne dá bhfuil ann, tacaímid le pleanáil agus le gníomhartha oiriúnaithe a n-éireoidh leo.
Tá bearnaí a aimsiú agus a dhúnadh san eolas atá againn ar an oiriúnú don athrú aeráide ar cheann de na trí cholún gníomhaíochta a leagtar amach sa Phlean Oiriúnaithe um Athrú Aeráide don Earnáil Iompair atá ann faoi láthair. Tacaíonn an Roinn Iompair le taighde ar an oiriúnú don athrú aeráide, agus déanann é a choimisiúnú agus a chómhaoiniú tríd an gClár Taighde Aeráide dá cuid. I measc na réimsí taighde a chlúdaítear tá an bealach is fearr leis an oiriúnú a chomhtháthú i gcinntí infheistíochta iompair, na príomhrioscaí don bhonneagar iompair ó thaobh an athraithe aeráide de, agus an chaoi le tuilleadh teacht aniar a chothú in áiteanna agus i bpobail.
Príomhacmhainní oiriúnaithe d’Éirinn
Chomh maith le treoir agus caighdeáin idirnáisiúnta, agus pleananna agus beartais náisiúnta, i measc na bpríomhfhoinsí faisnéise is féidir a úsáid agus pleanáil oiriúnaithe á déanamh in Éirinn tá:
• Climate Ireland (Aeráid Éireann)
An phríomhthairseach náisiúnta um an oiriúnú don athrú aeráide, áit a gcuirtear faisnéis, comhairle agus tacaíocht ar fáil le cabhrú le hÉirinn oiriúnú don aeráid atá ag athrú.
• Réamh-meastacháin aeráide TRANSLATE
Réamh-mheastacháin náisiúnta aeráide arna gcaighdeánú agus arna gceartú le claontacht a chur san áireamh, iad forbartha ag Met Éireann mar chuid den Chreat Náisiúnta le haghaidh Seirbhísí Aeráide. Le húsáid i bpleanáil náisiúnta oiriúnaithe agus i measúnú riosca.
Tairseach náisiúnta faisnéise tuilte Oifig na nOibreacha Poiblí, áit a gcuirtear faisnéis suímh ar fáil maidir le riosca tuile, mar aon le faisnéis bainistíochta riosca tuile.
• Measúnú Riosca Náisiúnta ar an Athrú Aeráide
Á fhorbairt ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC). Tacóidh sé le hoiriúnú don athrú aeráide a phleanáil agus le gníomhaíochtaí a fhorbairt le teacht aniar a chothú.
• Item was unpublished or removed
Foilsithe le cabhrú le gach Údarás Áitiúil Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide a fhorbairt, ina gcuimsítear oiriúnú don athrú aeráide agus laghdú ar astaíochtaí (maolú).
Áirítear sna treoirlínte Iarscríbhinn Theicniúil maidir leis an measúnú riosca mar chuid den phleanáil oiriúnaithe don athrú aeráide.
• Straitéis, Achmhainní agus Uirlisí Oiriúnaithe Bhonneagar Iompair Éireann don Athrú Aeráide
Uirlisí cuimsitheacha measúnaithe agus tuairiscithe rioscaí aeráide. Sampla maith den phleanáil oiriúnaithe iompair agus den mheasúnú riosca a d’fhéadfadh a bheith ina threoir úsáideach i dtaca leis an ngníomhú oiriúnaithe.
Taighde oiriúnaithe aeráide na Roinne Iompair
I measc na dtionscadal taighde ar oiriúnú an iompair a rinne an Roinn a chómhaoiniú nó ar ghlac sí páirt iontu le déanaí tá:
Tionscadail idirnáisiúnta:
• Strengthening environmental considerations in public investment management (AS REFORM an AE agus an Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta)
• Integrating climate change in infrastructure project appraisal (AS REFORM an AE agus an Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta)
Taighde náisiúnta:
• CIViC: critical infrastructure vulnerability to climate change (GCC)
• Climate resilient places (OÉ Gaillimh)
• Transboundary Climate Risks for Island of Ireland (TCRII) (Ollscoil na hÉireann, Má Nuad)
• Just adapt: Just resilience and adaptation in Ireland: sectors and regions (An Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta)
Le tuilleadh eolais a fháil, féach ar an mBunachar Sonraí Náisiúnta um Thaighde Aeráide, atá á bhainistiú ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC). Is féidir an bunachar sonraí a chuardach de réir réimse taighde chomh maith le tionscadail taighde.