An Aeráid Reatha agus Athruithe Aeráide Réamh-mheasta in Éirinn (achoimre ar Chaibidil 3)
- Foilsithe: 6 Meitheamh 2025
- An t-eolas is déanaí: 6 Meitheamh 2025
- Tá aeráid na hÉireann ag athrú cheana féin
- Pleanáil le haghaidh cineálacha éagsúla todhchaí
- An méid a bhfuil coinne leis ó thaobh aeráid na hÉireann de
Tá aeráid na hÉireann ag athrú cheana féin
Is eol go bhfuil aimsir na hÉireann séimh agus fliuch, ach le blianta beaga anuas tá stoirmeacha nach bhfacthas a leithéid riamh cheana ann ar nós Stoirm Éowyn (2025) chomh maith le tuilte atá ag éirí níos déine agus níos minice.
Tá imeachtaí adhaimsire ag éirí níos minice, agus i gcásanna áirithe, níos milltí. Tá sé seo mar chuid de threocht fhadtéarmach atá á spreagadh ag an athrú aeráide agus tá tionchar aige cheana féin ar an gcaoi a bhfeidhmíonn ár gcóras iompair, ó bhóithre faoi uisce agus droichid damáistithe go heitiltí moillithe agus rianta traenach faoi uisce.
Pleanáil le haghaidh cineálacha éagsúla todhchaí
Ní féidir le duine ar bith an todhchaí a thuar le cinnteacht iomlán. Chun tuiscint a fháil ar a bhfuil amach romhainn, úsáideann eolaithe samhlacha aeráide chun ionsamhlú a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfadh athrú teacht ar aeráid na hÉireann faoi chonairí astaíochtaí domhanda éagsúla. Leanann POEI II an cur chuige a úsáidtear sa Mheasúnú Riosca Náisiúnta ar an Athrú Aeráide agus déanann sé machnamh ar dhá chás fhéideartha:
- RCP4.5 – cás measartha ina laghdaítear astaíochtaí gás ceaptha teasa domhanda go suntasach le himeacht ama. Tá baint aige sin ar an mórgóir le hardú +2 °C ar theochtaí domhanda faoi 2100, arna thomhas ó thús an chéid
- RCP8.5 – cás ardastaíochtaí a léiríonn todhchaí ‘gnó mar is gnách’ ina bhfuil gníomhaíocht theoranta ar son na haeráide ina leanann astaíochtaí de bheith ag ardú le linn an chéid. Tá baint aige sin le hardú +4 °C i dteochtaí domhanda faoi 2100, arna thomhas ó thús an chéid
I gcás gach ceann de na cásanna sin, scrúdaítear sa phlean athruithe thar thrí phríomhthréimhse ama:
- 2030idí – sa ghearrthéarma
- 2050idí – lár an chéid
- 2100 – fadtéarmach
Leis an gcur chuige sin, is féidir le pleanálaithe measúnú a dhéanamh ar réimse de chineálacha éagsúla todhchaí a d’fhéadfadh a bheith ann, ó leibhéal téimh níos soláimhsithe go dálaí níos foircní agus cinntí a dhéanamh atá athléimneach i leith na dtorthaí éagsúla uile.
An méid a bhfuil coinne leis ó thaobh aeráid na hÉireann de

Léiríonn réamh-mheastacháin Met Éireann, i gcás astaíochtaí arda (RCP8.5), go bhféadfaimis an méid seo a leanas a fheiceáil faoi 2100:
- teochtaí an tsamhraidh ag ardú suas le 2.6 °C
- tonnta teasa ag éirí níos minice, ó theagmhais neamhchoitianta go roinnt acu in aghaidh na ndeich mbliana
- sioclaethanta ag laghdú níos mó ná 80%, go háirithe i gceantair thoir agus níos airde
- méadú os cionn 20% ar bháisteach an gheimhridh, rud a ardaíonn an baol tuilte
- laghdú suas le 7% ar bháisteach an tsamhraidh, rud a fhágann go mbíonn triomaigh ann agus go mbíonn rioscaí ann do dhromchlaí bóthair
- leibhéil na mara ag ardú suas le 0.7 méadar i mBaile Átha Cliath
- stoirm thromchúiseacha ag tarlú suas le 3.6 huaire níos minice faoi 2080